FÍSEÁN: ‘An-aisteach’ nach raibh coiste na Gaeilge ar liosta 17 coiste a cuireadh faoi bhráid na Dála

Deirtear go bhfuil obair fós ar bun maidir le ‘athbhunú’ Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus go bhfuil ‘na téarmaí tagartha’ ina leith ‘fós á bplé’

FÍSEÁN: ‘An-aisteach’ nach raibh coiste na Gaeilge ar liosta 17 coiste a cuireadh faoi bhráid na Dála

‘Céim síos aisteach’ don teanga é nach raibh Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an liosta 17 coiste a cuireadh faoi bhráid na Dála an tseachtain seo.

Dúirt an té atá ainmnithe mar Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Aengus Ó Snodaigh, go raibh gá le míniú maidir leis an moill i dtaobh bhunú an choiste.

Nuair a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin a imní faoin scéal in iúl sa Dáil, mhaígh an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, nárbh amhlaidh go raibh an coiste Gaeilge á bhrú “ar leataobh” agus go raibh “tábhacht faoi leith” leis.

Murab ionann agus na coistí eile, bhí obair fós ar bun maidir le “athbhunú” an choiste, a dúirt an Ceann Comhairle. Dúirt Ó Feargháil go ndéanfar gach iarracht rún faoin gCoiste Gaeilge a chur faoi bhráid na Dála an tseachtain seo chugainn.

Chaithfí míniú a fháil ar an scéal, a dúirt Ó Snodaigh sa Dáil.

“Níl an coiste um Ghaeilge ar an liosta. Is ait go bhfuil sé fágtha ar lár agus an rún seo os ár gcomhair. Níl aon leithscéal ná míniú air sin tugtha. An míneoidh an Príomh-Aoire é sin dúinn agus don phobal i gcoitinne?”

Dúirt urlabhraí ó Roinn an Taoisigh le Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh na “téarmaí tagartha” maidir le bunú an choiste fós á bplé.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh sí ag súil nach gcuirfeadh an plé sin moill ar bhunú an choiste agus go mbeadh na téarmaí tagartha aontaithe go luath.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh ceist ann faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh na hoileáin luaite feasta leis an gCoiste Gaeilge.

Ó tharla go bhfuil coiste eile ann a bhfuil cúram na Gaeltachta air, an Coiste Meán, Turasóireachta, Ealaín, Cultúir, Spórt agus Gaeltachta, d’fhéadfadh go mbeadh ceisteanna le socrú chomh maith faoi na cúraim shonracha a bheidh ar an dá choiste.

Roimhe seo, ba faoin gCoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, a raibh an Teachta Dála Catherine Connolly ina cathaoirleach air, a bhíodh sé scrúdú a dhéanamh ar reachtaíocht a bhain leis an nGaeilge.

Tá Conradh na Gaeilge díongbháilte de gur cheart cúram na reachtaíochta a fhágáil faoin gcoiste sin, go háirithe agus é geallta ag an Rialtas go bhfoilseofar bille teanga níos láidre roimh dheireadh na bliana.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie go mbeidh “súil ghéar á coinneáil” ar chás na gcoistí sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn.

Bhí an Coiste Meán, Turasóireachta, Ealaín, Cultúir, Spórt agus Gaeltachta ar liosta na gcoistí a cuireadh faoi bhráid na Dála an tseachtain seo. Niamh Smyth, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, atá ina cathaoirleach ar an gcoiste sin.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘An-aisteach’ nach raibh coiste na Gaeilge ar liosta 17 coiste a cuireadh faoi bhráid na Dála'

  • Pól Ó Braoin

    Ní haon rud ‘An-aisteach’ ar chor ar bith é nach raibh coiste na Gaeilge ar liosta 17 coiste a cuireadh faoi bhráid na Dála. Ní gá ach breathnú ar an ainm le scéal na teanga agus a pobail i súile na n-údarás s’againne a thuiscint:
    “an Coiste Meán, Turasóireachta, Ealaín, Cultúir, Spórt agus Gaeltachta”…