FÍSEÁN: Amhrán curtha amach ag Glen Hansard in ómós do Danny Mac Síthigh

Chuir an ceoltóir aitheanta Glen Hansard ‘Good Life of Song’ amach cothrom an lae a bhásaigh a chara Domhnall Mac Síthigh, an file agus fear farraige as Corca Dhuibhne

FÍSEÁN: Amhrán curtha amach ag Glen Hansard in ómós do Danny Mac Síthigh

Tá amhrán agus físeán nua curtha amach ag an cheoltóir aitheanta Glen Hansard in ómós do Dhomhnall Mac Síthigh, an file, scríbhneoir, seanchaí agus fear farraige as Corca Dhuibhne a bhásaigh cothrom an lae inné trí bliana ó shin.

‘Good Life of Song’ is teideal don amhrán, atá le cloisteáil ar an albam is déanaí atá curtha amach ag Hansard, This Wild Willing.

Píosaí scannáin ón scannán faisnéise Camino an tSáile atá le feiceáil san fhíseán.

Tugadh léargas sa scannán sin, ar thuras a thug Danny Mac Síthigh agus criú an Naomh Gobnait ar ‘Camino an tSáile’ ó Gheata San Séamus, cois Life, go Santiago de Compostella sa Spáinn.

Thug Glen Hansard tamall in éineacht le Danny agus criú na naomhóige le linn an turais a rinneadar in 2016.

Ag labhairt dó faoin turas farraige sa Naomh Gobnait, dúirt Hansard gur “eispéireas é a d’athraigh a shaol”.

Bhásaigh Domhnall Mac Síthigh, ó Bhaile Eaglaise, Baile an Fheirtéaraigh, trí bliana ó shin nuair a bhuail taom croí é i ndiaidh eachtra farraige a tharla amach ó chósta iarthuaisceart na Spáinne, mar ar iompaigh an naomhóg, an Naomh Gobnait béal fúithi.

Agus an físeán á sheoladh aige, dúirt Hansard gur amhrán é ‘Good Life of Song’ a scríobh sé in ómós do bhaird agus d’fhilí na hÉireann agus go speisialta do chaptaen na naomhóige, Danny Sheehy.

Bhí aithne mhór ar Dhomhnall Mac Síthigh mar dhuine de shárúdair Chorca Dhuibhne, mar shaor báid oilte agus mar shaineolaí ar stair, ar bhéaloideas, ar theanga agus ar chultúr a cheantair dhúchais.

I measc na saothar a tháinig óna pheann bhí Fan Inti:Naomhóga ó Chorca Dhuibhne go Cábán tSíle, Allagar na gCloch/Stonechat, Súil Seilge agus na cnuasaigh filíochta Mil na Ceardlainne, Criathar agus Meala Mil ina Slaoda.

I leabhar eile leis, Iomramh Bhréanainn MMXI: ón nDaingean go hÍoslainn, rinne sé cur síos ar thuras farraige a rinne sé féin agus criú an Ar Seachrán agus lorg na seanmhanach á leanúint acu.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Amhrán curtha amach ag Glen Hansard in ómós do Danny Mac Síthigh'

  • Cluain Sceach

    Fair play, Glen. Fear uasal.