FÍSEÁN: Aitheasc na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann

Teachtaireacht Nollag speisialta ó Uachtarán na hÉireann

Is tráth ar leith atá sa Nollaig. Don chuid is mó againn, is tráth é le bheith ina gcuideachta siúd a bhfuil cion againn orthu, ár muintir féin. Tráth le scíth a ligean agus machnamh a dhéanamh; tráth le haitheantas a thabhairt do na daoine maithe agus do na heachtraí sonais sin inár saol agus le bheith buíoch astu.

Más tráth ceiliúrtha í an Nollaig, is tráth comhroinnte freisin í. Roinnimid ár gcomhluadar agus gach a bhfuil bainte amach againn lena chéile, chomh maith lenár dtrioblóidí, ár ndóchas agus ár n-aislingí. Níor cheart dúinn a ligean i ndearmad gur tráth dóchais atá sa Nollaig chomh maith. Ag an tráth seo, i ndorchadas domhain an gheimhridh, déanaimid ceiliúradh ar bhua an tsolais ar an dubhach, agus buanna na n-aislingí ar na bacanna a tháinig romhainn san am atá caite. Déanaimid athnuachan ar na féidearthachtaí nach bhfuil fíoraithe go fóill.

Le linn na saoire seo, tugtar deis dúinn cuimhneamh ar an saol agus ar an domhan ina bhfuilimid ag maireachtáil. Agus é sin á dhéanamh againn, cuirtear i gcuimhne dúinn an cruatan agus na trioblóidí atá á bhfulaingt ag an iliomad daoine in Éirinn agus ag na milliúin dár gcompánaithe ar an bpláinéad leochaileach seo ar a dtugaimid ‘An Domhan’.

Agus sinn ag smaoineamh ar scéal na Nollag, agus ar bhreith Íosa, ar chruachás Iósaif agus Mhuire agus iad ag súil le breith a linbh, agus ar an gcaoi ar thug daoine, ar strainséirí a bhí iontu, cúnamh dóibh, is féidir linn ionspioráid a fháil dár saol féin, sa lá atá inniu ann, óna raibh le dul faoi acu. Níos mó ná rud ar bith eile, tugann scéal na Nollag treoir dúinn faoin gcaoi ar cheart dúinn ár ndaonnacht chomhroinnte seo a mhúnlú agus aird againn ar na glúine atá le teacht.

I mbliana go háirithe, cuireann muid fáilte roimh na dualgais atá le glacadh ag na náisiúnstáit maidir le bochtanacht dhomhanda agus le hathrú aeráide. Le linn na bliana 2015, d’fhoghlaimíomar gur teifeach, nó duine díláithrithe nó duine arbh éigean dó teitheadh óna theaghlach ar chúis éigin atá i nduine amháin as gach 122 duine ar an bpláinéad. De bharr cogaí, coimhlintí agus géarleanúna, cuireadh iallach ar níos mó daoine teitheadh óna dteaghlach ná mar a tharla riamh ó thosaigh taifid á gcoimeád.

Mar phobal imirceach, tá tuiscint ar leith againn ar an saol léanmhar atá ag 60 milliún duine a díláithríodh in aghaidh a dtola. Sa gcomhthéacs sin, is ábhar misnigh é a fheiceáil an méid daoine in Éirinn arbh í an fáilte chaoin agus chóir a bhí á dtairiscint acu. Tá ár n-eagraíochtaí neamhrialtais acu, ár seirbhísí sláinte, ár seirbhísí faoi éide, sa bhaile agus thar lear araon, lán le daoine atá tar éis cinneadh a dhéanamh dul i mbun gnímh a bheith mar na strainséirí a thairgeann lámh chúnta, dídean agus béile dóibh siúd atá ar an ngannchuid. Is é an bealach a gcaitheann muid leo siúd is laige inár measc is fearr a thaispeánfadh an dea-theist orainn mar náisiún.

Sa bhliain atá caite, mhothaigh mé féin agus Saidhbhín suáilceas agus cairde na ndaoine, sa bhaile agus thar lear araon, agus is rud mór againné sin agus rud a bhfuilimid fíorbhuíoch as. I sráidbhailte agus i mbailte ar fud na tíre seo, agus ar chuairteanna oibre thar lear, bhí sé de phribhléid againn tairbhe mhuintir na hÉireann ar bhealaí éagsúla ar mhaithe leis an bpobal agus leis an saol poiblí a fheiceáil. I gcomhar lena chéile, is féidir linn gréasán sin na dlúthpháirtíochta a cheanglaíonn lena chéile muid, mar dhaoine agus mar phobal domhanda, a neartú an bhliain seo chugainn.

Agus sinn dár n-ullmhú féin le heachtraí móra 100 bliain ó shin, a mhúnlaigh bhreith ár bpoblachta, a chomóradh, spreagtar sinn ní hamháin leis na heachtraí sin a thabhairt chun cuimhne, ach idéil a fógraíodh beagnach 100 bliain ó shin a shamhlú an athuair agus spreagadh a fháil uathu chomh maith.

Is é mo dhóchas ó chroí gur féidir le gach aon duine againn spreagadh a fháil ó na hidéil sin ar ár dturas coiteann. Mura mbeidh tábhacht le gach aon choiscéim a ghlacfaidh gach aon saoránach i ngach aon glúin, turas a dhéanaimid go léir le chéile gan aon duine ina aonar go brách.

Mar Uachtarán na hÉireann, guím dea-ghuí oraibh go léir agus go raibh Nollaig agus Bliain Nua shona agus síochánta agaibh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Aitheasc na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann'