FÍSEÁN: Aip ‘réabhlóideach’ nua forbartha a aistreoidh aon chomhrá Gaeilge go dtí do rogha canúna

‘An Cúntóir Canúintí’ atá ar an aip nua a bhaineann leas as an teicneolaíocht aitheanta gutha agus aistriúcháin chomhuainigh is déanaí

FÍSEÁN: Aip ‘réabhlóideach’ nua forbartha a aistreoidh aon chomhrá Gaeilge go dtí do rogha canúna

Tá aip “réabhlóideach” nua forbartha a aistreoidh caint an duine atá i mbun comhrá leat go dtí do rogha canúna Gaeilge.

‘An Cúntóir Canúintí’ atá ar an aip nua a bhaineann leas as an teicneolaíocht aitheanta gutha agus aistriúcháin chomhuainigh is déanaí. 

Chun go n-aistreofaí a bhfuil á rá ag an té atá i mbun cainte leat go dtí canúint eile, ní gá ach péire cluasán a chur isteach, an aip a chur ar siúl ar d’fhón agus an chanúint is ansa leat a phiocadh ón roghchlár. 

Má tá an té atá ag caint leat gar a dhóthain duit déanfar a chuid cainte a aistriú go dtí do rogha canúna ar an toirt. 

Beifear ag moladh duit cead a fháil ón duine a bhfuil a chuid cainte á haistriú go canúint eile agat mar go bhféadfadh go mbeadh ceist ann faoi chúrsaí GDPR (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).

Comhfhiontar é ‘An Cúntóir Canúintí’ idir Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dúirt an Dr John Walsh, an sochtheangeolaí aitheanta ó OÉ, Gaillimh, gur “áis réabhlóideach” a bhí san aip nua a d’athródh cúrsa na teanga.

“Nuair a bheidh stair na Gaeilge á scríobh amach anseo, aithneofar é seo mar cheann de na cora is cinniúnaí riamh i scéal na teanga. Is deacair cuimhneamh ar dhul chun cinn níos suntasaí i réimse an oideachais ná an aip seo agus táim cinnte go mbeidh múinteoirí, léachtóirí agus Oifigigh Pleanála Teanga ar bís chun úsáid a bhaint aisti.

“Ní bheidh ar chainteoirí dúchais canúintí nach dtaitníonn leo a fhulaingt a thuilleadh agus cuirfidh sí ar chumas nuachainteoirí neamhaird iomlán a dhéanamh ar na canúintí Gaeltachta,” arsa an Dr John Walsh.

Táthar ag súil go mbeidh an aip nua ar fáil ar na hardáin éagsúla roimh an 1 Aibreán 2022. 

Sna trí mhórchanúint a bheidh ‘An Cúntóir Canúintí’ ar fáil ar dtús – Gaeilge na Mumhan, Gaeilge Uladh agus Gaeilge Chonnacht.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Aip ‘réabhlóideach’ nua forbartha a aistreoidh aon chomhrá Gaeilge go dtí do rogha canúna'

  • Bríd

    Seo an saghas rud a thuilleann infheistíochta agus go mbainfear úsáide as…ní hamhlaidh agus do chur i gcéill leithéide an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta nach bhfuil ach an teip i ndán dó…..cad é an costas go dáta do Pholasaí an chur i gcéill?

  • Donncha

    ‘cuirfidh sí ar chumas nuachainteoirí neamhaird iomlán a dhéanamh ar na canúintí Gaeltachta’

    Ní maith sin

  • Breathnóir1

    Caithfidh go bhfuil an aip iontach seo in úsáid ag lucht cónaithe Ros na Rún cheana féin, mar gurb í an t-aon áit sa tír ina dtuigeann mar shampla an Ciarraíoch an Conallach gan stró, agus a mhalairt :-)

  • Ciarán

    Bhain mé triail as an leagan beta agus iontach ar fad! Mar shampla in ann Nuacht an Deiscirt ar RnaG a aistriú agus blas breá Conallach as! Bhí mé sna tríthi gáire!

  • An Fiach Liath

    Cás go bhfuil bunachar sonraí cuimsitheach go leor acu cheanna féin an mbeadh aon tseans ann go bhforbróidís leagan Gaeilge de leithéidí “Dragon – Naturally Speaking” ag úsáid an chaighdeáin is déanaí gramadaí agus litriúcháin? Ba mhór an chabhair dúinne é nár chleacht ceachtar den dá chaighdeán nua!!!

  • Pól

    Is scannal náisiúnta é nach bhfuil canúint Bhéal Feirste san áireamh

  • Muireann Ní Bheaglaoich

    Dea-scéal ar an dea-shaol gan aon agó! Cabhróidh sé seo go mór liomsa sa seomra ranga – bíonn sé deacair ar fhoghlaimeoirí a bhfuil canúint na Mumhan acu canúint Uladh a thuigbheáil fá dtaobh de na fuaimeanna a bheith chomh cosúil le Gaidhlig na hAlban. Agus tagann sé an-chrua ar mhuintir Dhún na nGall ciall a bhaint as caint mhuintir Chonamara toisc go labhraíonn siad chomh sciobtha sin. Bíonn sé fuirist go maith an Ghaelainn a thuiscint agus is dóichí nach mbainfear úsáid as an aip go rómhinic do chanúint an Deiscirt. Tréalsaím le lucht forbartha na haipe – sárófar a lán deacrachtaí i ndáil le cúrsaí cumarsáide agus tuisceana sa seomra ranga, ní áirím ag Féile na nGael, an tOireachtas, mar a mbíonn barraíocht / an iomarca canúintí difriúla le cloisint. Dea-chomhartha do thodhchaí na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge fré chéile👏👏

  • Pól Ó Braoin

    Hí hí hí… ceann maith caithfidh mé a rá. Éad orm nárbh mé féin a smaoinigh ar an gceann sin ar dtús… :)

  • S. Mac Muirí

    Tá sé ag gach aire rialtais ar a ghuthán le bliain anuas 7 ní fios an méid a chúnaigh /a chabhraigh/a chuidigh sé le costaisí aistriúcháin 7 míthuiscintí a laghdú.

  • Seanamadán

    Foilsithe ar 1 Aibreán, muis… Tá sibh cruálach a leaids.