FÍSEÁN – Agallamh faoi ‘An Bronntanas’
Craolfar an chéad chlár den tsraith 'An Bronntanas' ar TG4 Déardaoin. Agus leagan scannáin den chlár curtha ar fhadliosta do na duaiseanna Oscar, bhuail Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir na sraithe, agus Darach Ó Dubháin, aisteoir, isteach go dtí oifig Tuairisc.ie chun labhairt linn faoin scéinséir comhaimseartha agus faoin bprótacal a bhainfeadh le Gaeilge a labhairt ag na hOscars!
Tuigi
Bhí Gaeilge ag na Oscars cheana, buíochas le Glen Hansard ☺
Súil agam go mbeidh Gaeilge ann arís.
Bronntanas iontach a bheadh ann don teanga ;)
Go n-éirí leo!
Tuigi
Scéinséir den scoth.
Ag súil go mór de Cuid 2.
Comhghairdeas le ROSG & TG4 & chuile dhuine a bhí páirteach ann.
Éamonn Laobhán Ó Flannagáin
Comhghairdeas ar achan duine atá páirteach leis an chlár. Tá sé go hiontach ach tá leathuair ró-ghearr. Braitheann sé beagán fothalach. Tá súil agam go mbeidh Béarlachas íosta a úsáid sa tsraith. Cuireann Béarlachas gan ghá isteach orm go háirithe nuair atá gnáthfhocail i gcéist. Mar shámpla, sa tsraith ‘Scúp’ cúpla bhliain ó shin dúirt ceann de na háisteoirí “Tá mé ag dul chuig m’appartment.” Cad atá mícheart leis an focal ‘arasán’ sa chás seo?
Ach, sa deireadh bainim an-taitneamh as an chéad mineachtra. Táim ag dúil go mór leis na mineachtraí eile.
Áine Ryan
Comhghairdeas! Tá cuma iontach ar an sraith seo agus ní fhaigheann Drámaíocht na Gaeilge go leor molta, dar liom! Bhí sé an-spéisiúil nuair a bhí Darach ag caint faoin a bheith ag aisteoireacht as Gaeilge. Maith sibh agus go n-éirí an t-ádh libh ag na hOscars. :)