FISEÁIN: Sé chluiche ceannais Eorpacha nach ndéanfar dearmad orthu

Casann Toulon agus Clermont ar a chéile i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chuid de na cora is cinniúnaí a bhí ann sa 20 cluiche ceannais go dtí seo

Toulouse 21-18 Cardiff – 1996

Ba é 1995/96 an chéad séasúr inar reáchtáladh an Heineken Cup agus is coimhlint den scoth a bhí sa chluiche ceannais seo. Tháinig na foirne seo le chéile sa chéad seachtain d’Eanáir 1996 agus iad ar fad ag iarraidh an stádas mar an fhoireann is fearr san Eoraip a bhaint amach (caithfear a lua nach raibh cead ag foirne Sasanacha ná Albanacha a bheith páirteach ag an tráth sin).

I gcluiche a bhí idir dhá cheann na meá ó thús, bhí Toulouse 18-15 chun cinn agus an t-am caite, ach d’aimsigh Adrian Davies cic pionóis do Cardiff sa tríú nóiméad d’am gortaithe chun a chinntiú go mbeadh am breise ag teastáil. Is é leathchúlaí Toulouse, Christophe Deylaud, a fuair an cic cinniúnach gan ach cúpla soicind fágtha in am breise.

Bath 19-18 Brive – 1998

Ligeadh isteach foirne Sasanacha sa chomórtas i 1996/97 agus ba iad Bath an chéad fhoireann as an tír sin a bhuaigh an corn i gcluiche ceannais eile a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an fheadóg dheiridh.

Bhí Bath naoi bpointe chun deiridh go luath sa dara leath ach seacht n-uaire a stop na Sasanaigh clibirtí Brive agus an freasúra suite ar líne úid Bath. Thug sé sin spreagadh do Bath agus ar ais leo sa chluiche. Shlánaigh Jon Callard cic pionóis in am cúitimh chun Bath a chur chun cinn agus, cé go raibh deis iontach ar phreabchúl ag Brive, bhí an lá leis na Sasanaigh i ndeireadh báire.

Leicester 15-9 Cúige Mumhan – 2002

Is ar son cor míchlúiteach amháin a chuimhnítear ar an gcluiche seo. Gan ach cúpla nóiméad fágtha agus iad 15-9 chun deiridh, tugadh clibirt do na Muimhnigh 5 mhéadar ó líne úid Leicester. Díreach nuair a chuir Peter Stringer an liathróid isteach sa chlibirt, shín tosaí Leicester Neil Back a lámh amach agus dhírigh sé an liathróid ar ais ar thaobh Leicester.

Faraor do Chúige Mumhan, bhí an réiteoir Joel Jutge ar an taobh eile den chlibirt ag an am agus ní fhaca sé féin ná an maor líne an feall. “Rubbish,” an t-aon rud a bhí le rá ag Stringer le Jutge, cé gur cinnte go raibh maslaí eile ar intinn ag Stringer a d’fhéadfadh sé caitheamh chuige.

Wasps 27-20 Toulouse

Bhreathnaigh sé go mbeadh am breise ag teastáil sa cheann seo chun na foirne a scaradh go dtí gur shocraigh botún amaideach amháin an toradh. Bhí an t-am beagnach caite nuair a ghlac leathchúlaí Wasps Rob Howley seilbh na liathróide ar an gcliathán clé. Le teann dóchais bhuail sé cic  suas i dtreo an líne úid ach bhí lánchúlaí Toulouse Clement Poitrenaud san áit cheart chun déileáil leis. Bhí an Francach ag fanacht go bpreabfadh an liathróid thar an líne ach d’fhág sé ró-fhada é agus d’éirigh le Howley éalú isteach chun an t-úd a aimsiú agus an corn a bhuachan do Wasps.

Cúige Mumhan 23-19 Biarritz – 2006

Bhí Cúige Mumhan ar ais sa Millenium Stadium i 2006, an staid inar chaill siad in aghaidh Leicester. Cé go raibh mí-ádh ar Stringer sa chlibirt ceithre bliana roimhe, chuaigh rudaí  i gceart dhó in aghaidh Biarritz i 2006. Bhí na foirne ar comhscór le 30 nóiméad imithe sa chéad leath nuair a bronnadh deis ar an gCorcaíoch.

Leis an gclibirt amuigh ar an gcliathán deas, gar don taobhlíne, bhí aird cosantóirí Biarritz ar an taobh eile den pháirc agus thug Stringer an méid sin faoi deara. Agus é beagnach i bhfolach ar chúl na clibirte, d’éalaigh Stringer síos an taobhlíne agus isteach le haghaidh scóir. D’éirigh le Ronan O’Gara a chuid ciceanna a aimsiú sa dara leath agus corónaíodh na Muimhnigh mar churaidh na hEorpa den chéad uair.

Cúige Laighean 33-22 Northampton – 2011

Taispeántas cinniúnach amháin a shocraigh cé a bhuafadh an cluiche seo, taispeantás Johnny Sexton sa dara leath. Tar éis trí úd a aimsiú sa chéad 40 nóiméad, bhí na Sasanaigh 22-6 chun cinn ag an mbriseadh.

De réir an scéil, thug Sexton caint inspioráideach dá chomhimreoirí ag leath ama agus ba é a spreag iad ar an bpáirc chomh maith, é ag aimsiú dhá úd taobh istigh de 12 nóiméad ag tús an dara leath. D’aimsigh Sexton 28 pointe san iomlán sa chluiche agus nuair nár scóráil Northampton oiread agus pointe amháin tar éis an bhriseadh, ba iad na Laighnigh a thug leo an corn.

Fág freagra ar 'FISEÁIN: Sé chluiche ceannais Eorpacha nach ndéanfar dearmad orthu'