Fís agus gaois i leabhar do pháistí sé bliana d’aois

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: daichead is a dó atá ár gcolúnaí, ach bhí sé ina pháiste arís le deireanas agus leabhar don aos óg á léamh aige ar chúla téarmaí.

Fís agus gaois i leabhar do pháistí sé bliana d’aois

Níl aon pháistí agam. Sin é an fáth, is dócha, nach mbíonn an litríocht don aos óg faoi chaibidil agam sa cholún seo níos minice. Ach breithlá mhaicín mo dhlúthchara a bhí ann an tseachtain seo agus bhí cúis agam leabhar a cheannacht a d’fheilfeadh do bhuachaill sé bliana d’aois.

Atlas beag a theastaigh uaim a cheannacht don leaidín óg dáiríre. Nuair a bhí mé féin ag aois s’aigesean bhínn báite sna léarscáileanna san atlas a bhí sa teach againne. Agus cén bronntanas do pháiste óg a sháródh an domhan féin?

Ach sular bhain mé an siopa leabhar amach san ionad siopadóireachta, tharla mé ar sheastán den teach foilsitheoireachta Caramurê, comhlacht a chuireann béim ar litríocht le scríbhneoirí áitiúla as Salvador, an chathair sa Bhrasaíl mar a bhfuil cónaí orm.

Leabhar pictiúirí dar teideal O menino e o globo (An buachaill agus an chruinneog) an chéad saothar a mheall m’aird. Ayêska Paulafreitas a scríobh agus Mike Sam Chagas a rinne na léaráidí. Dheimhnigh an bhean óg a bhí i bhfeighil ar an seastán go bhfeilfeadh an leabhar go seoigh do bhuachaill sé bliana d’aois, agus thug mé liom é.

An oíche sin, sa bhaile, bhain mé an páipéar bronntanais den leabhar go cúramach, luigh siar ar an tolg agus thosaigh ag léamh. Tá mé daichead is a dó, ach ar bhealaí áirithe is páiste mé fós.

Níorbh fhada nó bhí na deora liom. I dteanga réidh shimplí, chuaigh an leabhar i ngleic go neamhbhalbh le téamaí a bhíonn ar m’aigne féin go síoraí seasta: an domhandú, an éagothromaíocht idir saibhir agus daibhir, an chaoi a dtugann an nua-theicneolaíocht níos gaire dá chéile muid ach a n-ardaíonn sí ballaí eadrainn ag an am céanna.

I radharc amháin a chuaigh i bhfeidhm orm go mór, feiceann seanfhear agus buachaill óg atá ina suí ar bhinse i bpáirc ceathrar leaids óga ag siúl thar bráid, súile chuile dhuine acu sáite i scáileán a ghutháin chliste féin.

‘Anois, an ndéarfá go bhfuil an ceathrar sin “ceangailte”?’ a fhiafraíonn an seanduine den leaid óg.

‘Ar ndóigh tá, tá an t-idirlíon acu!’

‘Tá chuile dhuine acu ceangailte lena dhomhan beag féin,’ a fhreagraíonn an seanfhear. ‘Ach an bhfuil ceangal idir na leaids sin iad féin?’

Bhí na deora liom toisc go raibh an fhís agus an ghaois ag scríbhneoir a leithéid de theachtaireacht a chur i leabhar atá dírithe ar pháistí sé bliana d’aois.

Níl bua na scríbhneoireachta don aos óg agam, ach ba mhaith liom a cheapadh gur seo an cineál leabhair a scríobhfainn dá mbeadh: scéal a chuirfeadh ceisteanna casta an tsaoil ina láthair agus a thabharfadh a ndúshlán machnamh a dhéanamh orthu, ach nach dtabharfadh freagraí réamhbhruite ná breithiúnas.

Tá géarghá lena leithéid – gan trácht ar thábhacht na leabhar don aos óg chun nós na léitheoireachta a spreagadh.

Agus cá bhfios nach é sin an bua is mó atá ag an leabhar áirithe a cheannaigh mé, atá dírithe ar dhream óg nach mbeadh mórán taithí acu – ná ag a dtuismitheoirí – ar an léitheoireacht. Cuireadh an leabhar i gcló ar Vitopaper, páipéar dostróicthe a dhéantar sa Bhrasaíl as buidéil phlaisteacha athchúrsáilte. Is féidir é a léamh sa linn snámha, nó faoin gcith féin.

Fág freagra ar 'Fís agus gaois i leabhar do pháistí sé bliana d’aois'

  • leitheoir

    Buidéil phlaisteacha athchúrsáilte? Ana-smaoineamh. Ní raibh fhios tada agam faoi sin.

  • Fidelma

    Tá Alex le moladh as an bpíosa deas machnamhach sin a roinnt linn.