Firefox ar fáil ar iOS i nGaeilge

Tá an brabhsálaí Firefox, a chruthaigh an eagraíocht foinse-oscailte Mozilla, anois ar fáil do ghléasanna Apple agus an Ghaeilge i measc na dteangacha ar féidir é a úsáid iontu

FirefoxTá fáil anois ar leagan iOS don bhrabhsálaí Firefox ar an Appstore. Is féidir é a íoslódáil agus a úsáid ar iPhone, iPad agus iPod Touch  agus é a shioncáil le cuntais Firefox ar ghléasanna eile.

Seo an chéad leagan den bhrabhsálaí, a chruthaigh eagraíocht neamhbhrabús Mozilla atá ar fáil ar chóras Apple. Tá an leagan iOS, mar aon leis an leagan Android agus leagan deisce, ar fáil i nGaeilge agus i nGáidhlig.

Forbraíodh Firefox aon bhliain déag ó shin. Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht a gcuid earraí a chur ar fáil i ngach aon teanga ar domhan ar gach aon ghléas ar domhan. Tá earraí Mozilla ar fáil in 87 teanga ag tá lucht a úsáide lonnaithe ar gach uile cheann de na seacht mór-roinn.

Bhí sé ar cheann de na chéad bhrabhsálaithe a cuireadh ar fáil i nGaeilge tamall de bhlianta ó shin, agus tá earraí eile de chuid Mozilla ar fáil sa teanga sin freisin: Thunderbird, clár ríomhphoist; agus Lightning, clár féilire. Tá breiseán Gaelspell ar fáil d’earraí Mozilla freisin a cheartóidh litriú Gaeilge taobh istigh de na cláracha eile.

Déanann an tOllamh Kevin Scannell, ríomheolaí mór na Gaeilge atá lonnaithe in Ollscoil Missouri i Meiriceá, go leor oibre le Mozilla chun na hearraí Gaeilge seo a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Firefox ar fáil ar iOS i nGaeilge'