Fir Thír Chonaill ag ceiliúradh i gCill na Martra agus na coirn tugtha leo ag Cill Chartha agus Naomh Muire

Bhí ábhar díomá ag Naomh Anna, Leitir Móir agus Lios Póil i gcluichí ceannais na bhfear ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 ach is beag duine nach n-aontódh go raibh a mbuanna tuillte go maith ag foirne Dhún na nGall

Fir Thír Chonaill ag ceiliúradh i gCill na Martra agus na coirn tugtha leo ag Cill Chartha agus Naomh Muire

Na Conallaigh a bhí ag ceiliúradh i gcomórtais na bhfear ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 agus na craobhacha sinsir agus sóisir tugtha leo ó thuaidh ag Cill Chartha agus Naomh Muire.

Cé gur tugadh dúshlán dóibh sa dá chluiche ceannais, léirigh na buaiteoirí a gcumas le linn na gcoimhlintí agus is beag duine a bheadh den tuairim nach raibh a mbuanna i gCill na Martra tuillte go hiomlán ag an dá dhream.

Tar éis dóibh am breise a imirt sna babhtaí leathcheannais, cheapfá go gcuirfeadh an iarracht bhreise sin isteach ar Chill Chartha ina gcluiche ceannais in aghaidh Naomh Anna ach ní raibh an chuma sin orthu agus leithéidí Ciarán McGinley agus Eoin McHugh ag rith gan stad ar fud Pháirc Uí Chuana.

Bua naoi bpointe a bhí ag Cill Chartha ar Naomh Anna, Leitir Móir ar deireadh, 0-20 in aghaidh 1-8, chun an seachtú craobh shinsir ag Comórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan don chlub, atá ag ceiliúradh 100 bliain ar an bhfód in 2024.

Nuair a d’aimsigh Warren Seoighe cic éirice do Naomh Anna ocht nóiméad isteach sa dara leath, laghdaigh sé an bhearna idir na foirne go dtí trí phointe, 0-12 in aghaidh 1-6, ach tháinig Cill Chartha ar ais le trí scór in imeacht ceithre nóiméad chun dul chun cinn Naomh Anna a scrios. Ba léir ag an bpointe sin go mbeadh Corn an Aire ag filleadh ar Bhaile an Droichid.

Thosaigh Cill Chartha go maith le pointe ó Matthew McClean sa chéad nóiméad agus chuir an t-iarimreoir contae Mark McHugh scór eile leis théis seacht nóiméad. Bhí Cill Chartha sásta an t-aonad cosanta a phlódú le himreoirí chun a chinntiú nach mbeadh an spás céanna ag Oisín agus Fionn Mac Donnacha a tugadh dóibh sna cluichí roimhe seo.

Fuair na Gaillimhigh a gcéad phointe le hiarracht mhaith ó Éamon Ó Loingsigh sa 12ú nóiméad ach bhí beirt lár páirce Chill Chartha, Eoin McHugh agus Ciarán McGinley, ag aimsiú bearnaí i gcosaint Naomh Anna agus ba iad a chruthaigh nó a scóráil ceithre cinn de na cúig phointe a fuair Cill Chartha idir an 13ú agus 21ú nóiméad.

Riméad ar Naomh Muire, Co Dhún na nGall tar éis dóíbh craobh shóisir na bhFear a bhuachan i gComórtas Peile na Gaeltachta 2024

Rinne Naomh Anna cúpla iarracht le leas a bhaint as an liathróid fhada isteach i mbéal an chúil, iarrachtaí nár oibrigh, ach chríochnaigh siad an leath níos fearr le scór maith eile ag Ó Loingsigh agus cúpla cic saor ag Oisín Mac Donnacha. Faraor, ní dhearna siad mórán chun an bhearna idir na foirne a laghdú agus trí scór faighte ag Cill Chartha, dhá iarracht bhreátha ó Stephen McBrearty ina measc, chun farasbarr cúig phointe a thabhairt dóibh ag an mbriseadh, 0-10 in aghaidh 0-5.

Ghearr Ciarán McGinley agus Eoin McHugh tríd arís sa dara leath chun an bhearna a mhéadú ach nuair a bhuaigh agus a shlánaigh Warren Seoighe an cic éirice sin do Naomh Anna, bhí an chuma ar chúrsaí go bhféadfaí an bhearna a laghdú.

Ní mar sin a bhí, áfach. D’aimsigh McGinley, Matthew McClean (péire) agus Stephen McBrearty (péire) pointí chun Cill Chartha a fhágáil seacht bpointe chun tosaigh agus deich nóiméad fágtha agus cé go bhfuair Dylan Seoighe ceann do Naomh Anna, mhéadaigh Cill Chartha an bhearna arís agus bhí sé cuí gurhb é Eoin McHugh, captaen na foirne agus fear a bhí i gcroílár gach rud maith a rinne a fhoireann, a d’aimsigh an scór deireanach den chluiche ceannais agus an t-am nach mór caite.

I gcraobh shóisir na bhfear, bhí Naomh Muire rómhaith do Lios Póil agus iad tagtha ar ais chun Corn Gael Linn a bhuachan bliain tar éis dóibh an cluiche ceannais a chailliúint sa bhaile ar na Méillte.

Rinne Lios Póil iarracht ar theacht aniar sa dara leath ach bhí Naomh Muire níos láidre agus níos tapa agus bua sé phointe bainte amach acu, 3-13 in aghaidh 2-10.

Ní raibh 3 nóiméad caite nuair a d’aimsigh Eoin Martin an chéad scór do Naomh Muire agus cé go ndeachaigh Lios Póil chun tosaigh ar feadh tamaill le pointí ó Chormac agus Cian Ó Cinnéide, níor thóg sé i bhfad ar na Conallaigh ceannas a thógáil ar an gcoimhlint le sé phointe as a chéile leathshlí tríd an gcéad leath. D’fhág scór ó Alan Ó Muirthile gur laghdaigh Lios Póil an bhearna go dtí 0-7 in aghaidh 0-3 ach buaileadh buille trom ar na Ciarraígh díreach roimh an bhriseadh nuair a d’aimsigh Eoin Martin cúl deas do Naomh Muire.

Tháinig Lios Póil amach go láidir sa dara leath agus laghdaigh cúl an duine ag Cian Ó Cinnéide agus Maitiú Seán Ó Grifín an bhearna go dtí aon phointe amháin. Ach díreach nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh Lios Póil ag neartú, scóráil Jack O’Donnell cúl do Naomh Muire tar éis d’Eoin Martin obair mhaith a dhéanamh.

An tríú cúl a fuair Naomh Muire, an ceann ag Patrick Gillespie agus ceathrú uaire fágtha, a chinntigh go mbeadh an bua ag na Conallaigh agus cé gur aimsigh Cormac Ó Cinnéide scóranna do Lios Póil chun dóchas a thabhairt dóibh, d’fhág sárobair ó leithéidí Martin agus Daniel Devlin nach raibh i ndán dóibh an bhearna eatarthu a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'Fir Thír Chonaill ag ceiliúradh i gCill na Martra agus na coirn tugtha leo ag Cill Chartha agus Naomh Muire'