Fir óga Dhún na nGall tagtha in inmhe, Búrcach eile tagtha chun cinn i nGaillimh agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a imríodh i gcraobhacha peile agus iomána an deireadh seachtaine seo caite

Fir óga Dhún na nGall tagtha in inmhe, Búrcach eile tagtha chun cinn i nGaillimh agus ceachtanna eile

Hugh McFadden le Kieran McGeary. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

An fód seasta ag imreoirí taca Dhún na nGall

Dá ndéarfá le duine de lucht tacaíochta Thír Eoghain roimh chluiche an Domhnaigh go mbeadh siad 0-5 in aghaidh 0-1 chun cinn i gcoinne Dhún na nGall tar éis 20 nóiméad agus iad ag imirt in aghaidh na gaoithe, agus gur beag tionchar a bheadh ag Michael Murphy, Ryan McHugh agus Jamie Brennan ar an imirt an lá ar fad, is iad a bheadh sásta.

B’in díreach an rud a tharla i mBealach Féich inné ach, mar is eol dúinn, is iad na Conallaigh a bhí chun tosaigh faoi dheireadh agus rás Thír Eoghain sa chraobh rite.

Bhí an chuma air go raibh Dún na nGall i dtrioblóid nuair a shroicheadar an briseadh uisce sa chluiche agus srian coinnithe ag Tír Eoghain ar na himreoirí mór le rá ar fhoireann Declan Bonner ach sheas fir eile an fód.

Is é Michael Langan a fuair an chéad scór, cúilín gleoite, i ndiaidh bhriseadh an uisce agus is é a fuair an cúl cinniúnach a thug Dún na nGall ar ais sa chluiche tar éis 25 nóiméad. Bhí a leathbhádóir sa líne leatosaithe, Ciarán Thompson, ar fheabhas chomh maith agus seacht bpointe ar fad a scóráil sé.

Bhí an cluiche fós idir dhá cheann na meá sa dara leath agus comhscór arís ann ach tháinig Dún na nGall slán. Na fir a rinne an beart, ní hiad is mó a raibh barúil díobh roimh ré.

Tháinig Andrew McLean agus Paddy McGrath isteach mar ionadaithe agus rinne an bheirt sin agus Hugh McFadden sárobair chun an liathróid a thabhairt suas an pháirc d’ainneoin na báistí. Agus Paddy McBrearty fós ag teacht chuige féin ó ghortú, is é an tosach óg Oisín Gallen a tugadh isteach chun an cluiche a bhaint agus rinne sé sin le scór tar éis 69 nóiméad a chuir bearna dhá phointe idir na foirne.

Caithfidh leithéidí Murphy, McHugh agus Brennan a bheith i mbarr a maitheasa más faoi Dhún na nGall a bheith fós sa chraobh aimsir na Nollag ach is mór an cúnamh dóibh go bhfuil fir eile ann atá in ann seasamh sa bhearna bhaoil nuair is gá.

 

Darragh O’Donovan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An t-ualach roinnte ag fir Luimnigh

Bhí tábhacht na n-imreoirí taca le feiceáil sna cluichí iomána an deireadh seachtaine seo freisin. I bPáirc Uí Chaoimh, bhí sé deacair ag na himreoirí is mó taithí ar fhoireann Thiobraid Árann dul i bhfeidhm ar an imirt agus is beag a chonacthas de Shéamus Callanan, Pádraic Maher, Brendan Maher agus John McGrath. Murab ionann is Dún na nGall, áfach, ní dhearna a gcomhghleacaithe a ndóthain chun an t-ualach a iompar.

Ar an taobh eile, roinn imreoirí Luimnigh an obair eatarthu ar fad. D’aimsigh 11 imreoir de chuid Luimnigh scóranna. Scóráil gach duine den seisear tosaithe a thosaigh an cluiche ar a laghad pointe amháin ón imirt agus, chun barr mullaigh a chur ar chúrsaí, scóráil triúr den cheathrar ionadaithe agus bhí mí-ádh ar an bhfear eile, David Dempsey, nach bhfuair sé féin scór.

 

Fintan Burke agus Paudie Foley. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Búrcach eile ar an bhfód i nGaillimh

An uair dheireanach ar imir Fintan Burke i bPáirc an Chrócaigh, chaill sé cluiche ceannais club na hÉireann agus scoith sé an ballnasc croiseach ina ghlúin. Is cinnte gur fearr an lá a bhí aige ar Bhóthar Mhic Sheoin Dé Sathairn seo caite agus a chéad chluiche craoibhe do Ghaillimh buaite aige, cé gur údar imní é an gortú gualainne a bhain dó ag fíordheireadh na himeartha in aghaidh Loch Garman.

Tá lucht iomána na Gaillimhe ag fanacht tamall le Burke a fheiceáil ar fhoireann shinsir an chontae. Bhí sé ar fheabhas do chumann Naomh Tomás nuair a chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann in 2019 ach d’fhág an drochghortú a bhain dó sa ghreadadh sin i gcoinne Bhaile Héil nach bhfacthas é sa gheansaí marún anuraidh.

Rinne Burke sárobair filleadh ar pháirc na himeartha roimh dheireadh na bliana sin agus tá an chuma air anois go bhfuil sé ar ais ar a sheanléim arís.

Ainmníodh mar lánchúlaí é don chluiche in aghaidh Loch Garman agus bhí sé ar fheabhas. Sárimreoir é lántosach Loch Garman Conor McDonald ach ní raibh ach aon iarracht amháin ar na postaí aige i rith an chluiche agus amú a chuaigh an ceann sin féin.

Chaith Burke seal mar leathchúlaí láir sa chluiche chomh maith agus is ann a bhí sé nuair a d’aimsigh sé a chéad phointe d’fhoireann na sinsear.

Tá Shane O’Neill fós ag fanacht go dtiocfaidh fathach an Turlaigh Mhóir, Daithí Burke ar ais ó ghortú. Tabharfaidh an Búrcach nua rogha eile don bhainisteoir, áfach.

Tá Daithí Burke ar dhuine de na lánchúlaithe is fearr sa tír le roinnt blianta anuas ach tá gaiscí déanta aige níos faide amach ar an bpáirc dá chumann agus tuairim ann go bhféadfadh sé an rud céanna a dhéanamh anois do Ghaillimh le teacht Fintan ar an bhoireann. Cinneadh ollmhór a bheadh ann Daithí a bhogadh amach ón líne lánchúil ach tá an rogha ann anois ar a laghad.

An t-ádh glan ar na boic mhóra i gCraobh na mBan

Bhí an t-ádh le hÁth Cliath agus Gaillimh, na foirne a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, teacht slán sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile na mBan an deireadh seachtaine seo ach tá an chuma ar an scéal anois go mbeidh siad in ann áit a bhaint i gcluichí leathcheannais na hÉireann.

Bhí mí-ádh ceart ar Dhún na nGall sa chluiche idir iad féin agus Áth Cliath. Tháinig seaimpíní na hÉireann slán a bhuíochas do cheann de na cúil is aistí a fheicfear i mbliana.

Ní raibh Áth Cliath ach pointe amháin chun tosaigh tar éis 47 nóiméad nuair a thug Sinéad Aherne iarracht ar chúilín a scóráil sa ghála. Bhuail an liathróid in aghaidh an chuaille agus, ar bhealach éigin, thit sí díreach isteach san eangach chun an scór cinniúnach a thabhairt d’Áth Cliath.

Ó tharla nach bhfuil ach ceann amháin de na trí fhoireann i ngach grúpa ag dul ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais, fágann an toradh go bhfuil Dún na nGall nach mór imithe ón chraobh cheana féin mura n-éiríonn le Port Láirge an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath an deireadh seachtaine seo chugainn, toradh nach mbeadh aon duine ag súil leis.

Baineadh geit as Gaillimh freisin sa chluiche a bhí acu in aghaidh Thiobraid Árann. Bhuaigh an Muimhnigh Craobh Idirmheánach na hÉireann anuraidh agus is beag nár tháinig siad aniar aduaidh ar cheann de na foirne is fearr sa chraobh shinsir Dé Sathairn.

Bhí na Gaillimhigh ocht bpointe chun tosaigh ag leath ama, 1-10 in aghaidh 0-5, agus cóir na gaoithe acu don chéad 30 nóiméad, ach tháinig Tiobraid Árann ar ais a bhuíochas do thaispeántas den scoth ó Aishling Moloney. Bhí triúr a bhí ag marcáil Moloney uaireanta ach fós d’éirigh léi 1-10 a scóráil. Sáraíodh ar Thiobraid Árann mar sin féin nuair a fuair Louise Ward an scór tábhachtach do Ghaillimh i dtreo dheireadh na himeartha, rud a d’fhág bua aon phointe amháin, 1-15 in aghaidh 1-14 ag mná an iarthair.

Mar aon le fir na Ríochta, beidh cluiche mór ag mná Chiarraí i gcoinne Chorcaí an deireadh seachtaine seo chugainn. Bhuaigh Ciarraí ar an gCabhán inné agus rinne bean Chorca Dhuibhne, Louise Ní Mhuircheartaigh, gaisce dóibh. D’aimsigh Ní Mhuircheartaigh 2-4 d’fhoireann an Ríochta agus scóráil Síofra O’Shea 2-2 dóibh i gcluiche a bhuaigh siad go bog, 5-14 in aghaidh 0-13.

Fág freagra ar 'Fir óga Dhún na nGall tagtha in inmhe, Búrcach eile tagtha chun cinn i nGaillimh agus ceachtanna eile'