Fir na Ríochta ag iarraidh cor coise a bhaint as seaimpíní na hÉireann

Casfaidh Áth Cliath agus Ciarraí ar a chéile i nDurlas tráthnóna i gcluiche dara babhta sa tSraith Náisiúnta Peile

Fir na Ríochta ag iarraidh cor coise a bhaint as seaimpíní na hÉireann

David Clifford ag tabhairt faoi scór sa chluiche sraithe idir na foirne anuraidh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Áth Cliath v Ciarraí – Staid Semple, 1.45pm (Beo ar TG4)

Níl aon amhras ach gurb é cluiche Átha Cliath agus Chiarraí i Staid Semple inniu ceann mór an deireadh seachtaine, idir pheil agus iomáint. I ndiaidh na sárchluichí a bhí eatarthu in 2019, bhíothas ag súil go mór go dtabharfadh na foirne seo aghaidh ar a chéile arís i gcraobh na bliana seo caite ach níor tharla sé. Tá deis eile acu inniu tús a chur leis an mórchoimhlint eatarthu a bhfuil gach duine ag súil léi.

Beidh Ciarraí thar a bheith sásta leis an taispeántas a thug siad in aghaidh na Gaillimhe sa chéad bhabhta, fiú má ba ríshoiléir go raibh na Connachtaigh go hainnis ar fad.

Tugadh cead a gcos d’fhir Chiarraí sa chluiche sin, cinnte, ach thapaigh siad a ndeis agus tabharfaidh sé spreagadh dóibh don chluiche in aghaidh sheaimpíní na hÉireann.

Is é David Clifford is mó a moladh théis chluiche na Gaillimhe agus an moladh sin tuillte go maith ag an bhfear a d’aimsigh 3-6 sa 50 nóiméad a bhí sé ar an bpáirc. Ach léirigh Seán O’Shea arís go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna do Chiarraí is atá Clifford. O’Shea a chruthaigh an chéad dá chúl d’fhear an Fhosaidh agus rinne sé obair na gcapall, mar is dual dó.

Tá moladh tuillte freisin ag cosantóirí Chiarraí nár thug mórán deiseanna do Ghaillimh. Bhí cosantóirí na Ríochta ar fad go maith ach Tadhg Morley agus Brian Ó Beaglaoich, fear na Gaeltachta, ab fhearr a chruthaigh.

Níl aon amhras ach go mbeidh sé níos deacra acu tráthnóna.

Ochtar den fhoireann a thosaigh i gcluiche ceannais na hÉireann mí na Nollag seo caite a thosaigh d’Áth Cliath in aghaidh Ros Comáin. Bhí cuma láidir ar an bhfoireann go fóill agus léiriú eile é ar chumas na foirne gur bhuaigh siad a gcéad chluiche gan aon stró.

Léirigh Cormac Costello a chumas arís nuair a fuair sé 1-13, ach is beag duine a bheadh ag súil go mbeidh sé ag tosú aimsir na craoibhe. B’fhéidir go n-athródh taispeántas maith eile tráthnóna an meon sin.

Tá a mianach léirithe go minic roimhe seo ag James McCarthy, Brian Fenton, Ciarán Kilkenny, Con O’Callaghan agus a leithéidí ach cuirfidh siad fáilte roimh chluiche crua eile in aghaidh Chiarraí.

Ní ghéilltear tada nuair a thugann na foirne seo aghaidh ar a chéile sa chraobh agus ba cheart go mbeadh coimhlint den scoth ann inniu.

Fág freagra ar 'Fir na Ríochta ag iarraidh cor coise a bhaint as seaimpíní na hÉireann'