Fir Chonamara lárnach in iarracht OÉ Gaillimh Corn Mhic Shigiúir a bhuachan

Tá blas láidir na Gaeltachta ar fhoireann OÉ Gaillimh a rachaidh chun páirce in aghaidh an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i gcluiche ceannais Chorn Mhic Shigiúir tráthnóna

Fir Chonamara lárnach in iarracht OÉ Gaillimh Corn Mhic Shigiúir a bhuachan

Lánchúlaí OÉ Gaillimh, Seán Mulkerrin. Pictiúr: INPHO/James Crombie

OÉ Gaillimh v An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath – Ascaill Sheantraibh, 3.30i.n. (Beoshruthú ar www.TG4.ie)

Imreofar cluiche ceannais Chorn Mhic Shigiúir i mBaile Átha Cliath tráthnóna agus OÉ Gaillimh ag iarraidh Craobh na hÉireann a thabhairt leo den chéad uair le cúig bliana déag anuas. Go deimhin, is é seo an chéad uair ag ollscoil an iarthair dul chomh fada leis an gcluiche ceannais ó bhuaigh siad an comórtas in 2003. Tá cúpla comhartha dóchais le feiceáil.

Mar a tharla cúig bliana déag ó shin, is in aghaidh an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a bheidh siad sa chluiche ceannais agus tá fir Ghaeltachta go mór chun tosaigh ar fhoireann na Gaillimhe arís. Ba é Lorcán Ó Callaráin An Spidéil captaen OÉ Gaillimh in 2003 agus bhí a dheartháir, Breandán ag imirt sa líne leaththosach.

Cé nach as an nGaeltacht captaen na bliana seo, tá lorg na Gaeltachta níos láidre fós ar fhoireann na bliana seo. Bhí Tadhg O’Malley (Naomh Anna, Leitir Móir), Seán Mulkerrin (Oileáin Árann), agus beirt Mhaigh Cuilinn, Peter Cooke agus Seán Kelly, ar an bhfoireann a thosaigh sa chluiche leathcheannais in aghaidh Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus tá triúr eile ó Chonamara ar an bpainéal chomh maith, Maghnus Breathnach agus Finnian Ó Laoi An Spidéil agus Evan Ó Flatharta as Leitir Móir.

Is iad An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath rogha na coitiantachta do chluiche ceannais an lae inniu ach tá buanna gan choinne faighte ag OÉ Gaillimh cheana féin sa chomórtas seo, mar a tharla in aghaidh Choláiste na hOllscoile, Corcaigh sa bhabhta ceathrú ceannais.

Tá cnámh droma na foirne láidir. Meastar an lánchúlaí, Seán Mulkerrin, a bheith ar dhuine de na himreoirí óga is fearr i nGaillimh agus tá captaen na foirne, an lántosach Damien Comer, ag imirt ar fheabhas i láthair na huaire.

Seans maith go mbeidh comhrac lár na páirce cinniúnach sa chluiche tráthnóna. D’imir beirt lár na páirce, Peter Cooke agus Céin D’Arcy, d’fhoireann shinsir na Gaillimhe a thug an lá leo in aghaidh Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite ach beidh siad go mór faoi bhrú ag a gcéilí comhraic, fir Chiarraí Jack Barry agus Barry O’Sullivan.

Is é Conor McCarthy príomhnaoscaire ollscoil Bhaile Átha Cliath go dtí seo sa chomórtas ach neartaigh siad tuilleadh i rith na seachtaine mar gur imir Con O’Callaghan a chéad chluiche i mbliana dóibh sa chluiche leathcheannais.

Míbhuntáiste amháin atá ag Imreoir Óg na Bliana 2017 agus a chomhghleacaithe ná go raibh cluiche thar a bheith crua acu in aghaidh Ollscoil Uladh Dé Céadaoin seo caite. Bhí dhá bhabhta d’am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh, rud a d’fhág gur os cionn 100 nóiméad a d’imir siad.

Ní maith an t-ullmhúchán é sin do chluiche ceannais ach bheadh an-chuid taithí ag na himreoirí uile atá ag dul chun páirce tráthnóna ar chluichí a bheith ag teacht tiubh te tapa.

Fág freagra ar 'Fir Chonamara lárnach in iarracht OÉ Gaillimh Corn Mhic Shigiúir a bhuachan'