Tá na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh cead fiosrúchán a dhéanamh in Gaza faoi mhaíomh Iosrael go bhfuil an t-ospidéal is mó sa stráice ina phríomh-bhunáit ag Hamas agus go bhfuil airm i bhfolach acu ann.
“Caithfear cead isteach a thabhairt dúinn chun é seo a fhiosrú,” a dúirt Volker Türk, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Chearta Daonna.
Dúirt sé go raibh scéalta éagsúla á n-insint faoi Al-Shifa agus go raibh gá dá réir le fiosrúchán neamhspleách idirnáisiúnta le teacht ar an bhfírinne.
Tá ag méadú ar an mbrú atá á chur ar Iosrael fianaise a chur ar fáil le tacú lena maíomh faoin ospidéal.
Dúirt Türk go raibh cosaint speisialta ag ospidéil faoin dlí idirnáisiúnta.
Dúirt sé nár ceadmhach ospidéil a úsáid ar mhaithe le haidhmeanna míleata a bhaint amach ach nach ceadmhach ach oiread “ionsaí” a dhéanamh ar ospidéal gan “fianaise shoiléir”.
Tá saighdiúirí Iosrael ag leanacht leis an tóraíocht in ospidéal Al-Shifa i gcathair Gaza.
Dúirt iriseoirí ón New York Times gur thaispeáin trúpaí Iosrael dóibh seafta in ospidéal Al-Shifa a mhaígh siad gur fianaise a bhí ann go raibh ionad faoi thalamh ag Hamas. Dúirt na hiriseoirí, áfach, nárbh léir cá ndeachaigh an seafta nó cé chomh domhain is a bhí sé.
Dúradh leis na hiriseoirí nach ndeachaigh saighdiúirí Iosrael síos an seafta ar eagla go raibh bobghaistí ann.
Idir an dá linn, deir lucht Chlár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe go bhfuil gach duine den 2.2 milliún duine atá ina gcónaí in Gaza i mbaol bás a fháil den ocras.
Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfágann easpa breosla nach féidir leo cúnamh a thabhairt isteach go dtí Gaza.
Deir aireacht sláinte Gaza, atá á rialú ag Hamas, go bhfuil ar a laghad 11,470 duine básaithe de bharr na troda ansin, gur leanaí 4,707 díobhsan agus mná 3,155 eile díobh.
Ghéill Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu nár éirigh le fórsaí Iosrael líon na sibhialtach a maraíodh a choimeád chom híseal agus ab fhéidir. Ar Hamas a bhí an locht faoi sin, áfach, a dúirt sé.
Thosaigh an troid is déanaí nuair a thug trodairí Hamas agus grúpaí míleata eile ruathar ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus mharaigh thart ar 1,200 duine. D’fhuadaigh na grúpaí sin thart ar 240 duine eile, idir óg is aosta.
Dúirt údaráis mhíleata Iosrael go bhfuarthas corp Noa Marciano, saighdiúir 19 mbliana d’aois a bhí ina giall ag Hamas, i bhfoirgneamh gar d’ospidéal Al-Shifa.
Fág freagra ar '‘Fiosrúchán neamhspleách’ de dhíth le teacht ar an bhfírinne faoi ospidéal Al-Shifa '