Fiosrúchán neamhspleách á lorg faoi thruailliú chóras uisce Chois Fharraige

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh go mbunófaí fiosrúchán neamhspleách innealtóireachta faoin leibhéal ard mangainéise a bhí i gcóras uisce an Spidéil

Fiosrúchán neamhspleách á lorg faoi thruailliú chóras uisce Chois Fharraige

Tá cumann forbartha i nGaeltacht Chonamara ag iarraidh go mbunófaí fiosrúchán neamhspleách innealtóireachta faoin truailliú ar chóras uisce poiblí a d’fhág go raibh go raibh beagnach 6,000 duine sa cheantar fágtha gan uisce sábháilte ar feadh breis is mí.

Cumann Forbartha Chois Fharraige atá ag iarraidh ar an Aire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien an fiosrúchán neamhspleách a chur ar bun faoin leibhéal contúirteach mangainéise a bhí i gcóras uisce an Spidéil.

Ar an 16 Meán Fómhair a chuir Uisce Éireann foláireamh Ná hÓl i bhfeidhm i gceantar Chois Fharraige agus mhair an foláireamh go dtí an 24 Deireadh Fómhair, tréimhse ina raibh na mílte ó cheantar na bhForbacha siar chomh fada le Ros an Mhíl buailte ag an bhfadhb.

Thug an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) le fios gur léirigh 17 de thástálacha ar chóras uisce poiblí i gConamara go raibh an leibhéal mangainéise ann ró-ard.

Léirigh an tástáil a rinneadh ar an gcóras ar an 15 Meán Fómhair, an lá sular eisíodh an foláireamh Ná hÓl, go raibh an leibhéal mangainéise 23 uair níos airde ná mar ba cheart dó a bheith.

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige gur mhaith leo a fháil amach “cé as a dtáinig an mhangainéis, cén fáth nár tugadh faoi deara an fhadhb níos túisce, cén fhad a bhí an córas truaillithe agus céard iad na céimeanna ba cheart a ghlacadh anois lena chinntiú nach dtarlóidh truailliú den chineál céanna arís”.

Ag cruinniú de Choiste Stiúrtha an Chumann Forbartha léiríodh míshástacht le Uisce Éireann agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin mbealach “inar cuireadh sláinte an phobail i mbaol agus nár tugadh míniú sásúil don phobal ar an gcúis ar tharla an truailliú”.

Ghabh Uisce Éireann agus Comhairle Chontae na Gaillimhe leithscéal leo siúd a bhí buailte ag an bhfadhb agus gabhadh buíochas leis an bpobal as a bheith “foighneach, comhoibritheach agus cabhrach” le linn tréimhse an fholáirimh Ná hÓl.

Agus deireadh á fhógairt leis an bhfoláireamh, dúradh go leanfaidh Uisce Éireann orthu ag obair le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar mhaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar an monatóireacht agus an tástáil a dhéantar ar an soláthar uisce óil.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán neamhspleách á lorg faoi thruailliú chóras uisce Chois Fharraige'

  • An tEisreachtach

    Ní chodlóinn ar an gcluas sin.