‘Fiosrúchán idirnáisiúnta’ le déanamh faoi ábhar smididh a d’ordaigh ár gcomhfhreagraí faisin ar líne

Imní ar an Royal Mail faoi phacáiste smididh sa bpost a bheith 'potentially dangerous or harmful'

Tá méadú an-mhór ar fad le blianta anuas ar an id siopadóireachta a dhéantar ar líne agus is cinnte go bhfuil earraí faisin, áilleachta, agus smididh i measc na n-ábhar is coitianta a cheannaítear ar an mbealach sin.  Níl uait ach ceangal idirlín agus cárta creidmheasa agus tá siopaí agus stórais mhóra an domhain oscailte romhat gach nóiméad den lá!

Bíonn deacrachtaí áirithe le hábhar a ordú ar líne nach bhfuil feicthe agat le do dhá shúil féin – ní féidir a bheith cinnte i gcónaí go mbeidh an t-earra a thagann chugat sa phost mar a chéile leis an bpictiúr gleoite a chonaic tú ar líne. Más éadach atá i gceist, ní gá gur ionann na tomhais S, M agus L ag gach dearthóir agus tairgeoir. Is minic a bhíonn córas i bhfeidhm ag comhlachtaí le gur féidir an pacáiste a sheoladh ar ais chucu saor in aisce, nó ar bheagán costais, mura n-oireann sé duit. Ach ní tharlaíonn sin i gcónaí, go háirithe más ó thar sáile a tháinig an beartán chugat.

Ach céard is féidir a dhéanamh má tá tú míshásta lena bhfuil faighte agat ó do chuid siopadóireachta ar líne? Tharla dhá eachtra dom féin le gairid a léirigh dearcadh an-difriúil ó chomhlachtaí idirnáisiúnta maidir le seirbhís do chustaiméirí.

Smideadh nach bhfuil ar fáil sa tír seo a bhí i gceist sa chás.

Ó Roses Beauty Store, a bhfuil brainsí acu i Londain agus Los Angeles, a d’ordaigh mé an Lorac Pro Palette. Cnuasach de scáthú súl is ea é, ach ba thubaisteach an meascán a tháinig chugam.

Screen Shot 2016-03-04 at 16.46.13
Lítir ón Royal Mail

Bhí litir leis ón Dangerous Goods Support Team sa Royal Mail ag míniú go raibh an beartán “opened and repackaged” acu mar chuid dá n-iarrachtaí cosc a chur ar sheachadadh earraí a bhí “potentially dangerous or harmful”.  Osclaíodh an pacáiste de scáthú súl le cinntiú go raibh siad ag cloí “with national and international transport regulations governing the carrying of dangerous goods through the post…”

Is cinnte nár cloíodh le haon dea-chleachtas náisiúnta ná idirnáisiúnta san athphacáistiú a rinneadh ar an ábhar agus bhí scrios iomlán déanta air agus é scaipthe ar fud na háite.

Sheol me ríomhphost chuig an gcomhlacht láithreach chomh maith le pictiúr den táirge a bhí tagtha chugam agus cóip den litir ón Royal Mail. Tháinig freagra ar an bpointe ó Janine i rannóg na gcustaiméirí a bhí “deeply sorry” agus a gheall “to arrange a replacement”. D’fhiafraigh mé di ar cheart dom an beartán gan mhaith a bhí agam a sheoladh ar ais chucu, ach bhí dearcadh stuama, praiticiúil aici; “As you have sent through images, we won’t require you to send it back, so you may dispose of it” a dúirt sí. Tháinig beartán nua chugam sa phost ina dhiaidh sin.

Ó Harrods i Knightsbridge Londain, ceann de na siopaí is mó agus is cáiliúla ar domhan a d’ordaigh mé táirge eile – bonnsmideadh de chuid an dearthóra Marc Jacobs a bhí ann ar a dtugtar Bisque Neutral, uimhir 27. Níl sé le fáil ach ón siopa sin. Tháinig an beartán tríd an bpost agus mheas mé go raibh gach rud i gceart. Bhí ainm an táirge agus an uimhir 27 go soiléir ar an bpacáistiú seachtrach. Ach nuair a thriail mé é a úsáid thuig mé go raibh sé iomlán mícheart agus i bhfad ródhorcha; bhí an táirge mícheart (Cocoa Light, uimhir 82) laistigh den bhosca ceart.

Seo liom le ríomhphost agus pictiúr chuig Harrods agus mé ag súil go léireodh an fhianaise sin go raibh botún déanta acu agus go réiteofaí ar an bpointe é.

Ina áit sin, fuair mé ríomhphost ó fhear darbh ainm Seamus i rannóg na gcustaiméirí. Mhínigh sé polasaí an chomhlachta dom agus ba léir nach bhféadfaí cabhrú liom mura gcuirfinn “any unsuitable items”  ar ais chucu, agus go gcloisfinn uathu faoi cheann idir seacht agus deich lá. Bhí costas €8.40 le n-íoc agam ar an bpostas leis an bpacáiste a sheoladh ar ais sula dtarlódh aon rud eile. Níor leor na pictiúir leis an scéal a mheasfá a bhí simplí go maith a mhíniú. Ní raibh aon mhaith domsa sa táirge a bhí faighte agam agus ní bheadh aon mhaith ann do Harrods ach an oiread mar go raibh sé oscailte agam.

Fós féin, bhí fiosrúchán le bheith i gceist: “Upon receipt your items will go under mandatory investigation and you will be contacted regarding the outcome” a dúirt Seamus. Fiosrúchán idirnáisiúnta, mar sin, faoi phacáiste beag ina raibh bonnsmideadh! Agus mé ag seoladh an ábhair ar ais chucu, d’iarr mé orthu an bonnsmideadh ceart a bhí uaim a chur chugam seachas an t-airgead a aisíoc liom. Fuair mé ríomhphost cúpla lá níos deireanaí ag insint dom go raibh costas an táirge aisíoctha chuig mo chárta creidmheasa. Ríomhphost eile uaimse ansin agus freagra ó Puneet i rannóg na gcustaiméirí ag rá, “Please accept my apologies for the return being processed incorrectly.” Dúirt sí freisin go gcinnteodh siad nach dtarlódh an mhíthuiscint sin arís. Ní raibh de leigheas anois, a dúirt sí, ach an táirge a ordú arís agus íoc as athuair. Agus dá ndéanfainn sin, d’aisíocfaí costas an phostais liom!

Tá a fhios agam anois cé acu den chomhlacht sin a roghnóidh mé arís!

Fadhb den chineál céanna, ach faisean iomlán difriúil, a bhí ag col ceathrair liom. Theastaigh uaidh spotsoilse a chur ar a ghluaisteán agus d’ordaigh sé a raibh ag teastáil ar líne; na soilse féin agus dhá chábla lena gceangal le córas leictreachais an ghluaisteáin.

Faraor, bhí ceann de na cáblaí lochtach agus ní oibreodh sé. Rinne sé teagmháil ar ríomhphost leis an díoltóir. Seachas a rá leis, mar a dúirt Harrods liomsa, gur gá dul i gcostas leis an ábhar a sheoladh ar ais, bhí réiteach ciallmhar ag an gcomhlacht. Ní raibh le déanamh aige ach an cábla a ghearradh ina dhá leath len é chur ó mhaith go cinnte agus pictiúr den chábla gearrtha a sheoladh chucu, le cruthú nach raibh sé i mbun cleasaíochta le cábla breise a fháil saor in aisce.

Is léir gur iomaí leigheas atá ag rannóga seirbhíse custaiméirí i gcás deacrachtaí le siopadóireacht ar líne, cé go bhfuil go leor daoine a déarfadh nach bhfuil ann ach “fadhb de chuid an chéad domhain”.

Fág freagra ar '‘Fiosrúchán idirnáisiúnta’ le déanamh faoi ábhar smididh a d’ordaigh ár gcomhfhreagraí faisin ar líne'