Fiosrúchán ar bun faoi chorp fir a tháinig i dtír i gConamara

Níl corp a tháinig i dtír i mBearna tráthnóna inné aitheanta go hoifigiúil go fóill ach tá na Gardaí ag plé le bás an fhir mar thubaiste phearsanta

Fiosrúchán ar bun faoi chorp fir a tháinig i dtír i gConamara

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi chorp fir a tháinig faoi thír sa mBaile Nua, sna Foraí Maola i mBearna Thoir, tráthnóna aréir.

Duine a bhí ag gabháil thar bráid a tháinig ar an gcorp tar éis a ceathair a chlog trathnóna aréir agus a chuir scéala chuig na Gardaí.

Tugadh an corp go dtí Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh le scrúdú iarbháis a chur air.

Níl an corp aitheanta go hoifigiúil go fóill agus tá na Gardaí ag plé le bás an fhir mar thubaiste phearsanta. Tá comhad á réiteach don choiste cróinéara a bheidh á reáchtáil amach anseo.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar bun faoi chorp fir a tháinig i dtír i gConamara'