Fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi chalaois vótála in olltoghchán 2020

Dhearbhaigh na Gardaí do Nuacht TG4 go raibh fiosrúchán ar siúl faoi vótaí poist a caitheadh i Sligeach Liatroim in Olltoghchán 2020  

Fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi chalaois vótála in olltoghchán 2020

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi chalaois vótála san olltoghchán deireanach.

Dhearbhaigh na Gardaí do Nuacht TG4 go raibh fiosrúchán ar siúl faoi vótaí poist a caitheadh i Sligeach-Liatroim in Olltoghchán 2020.  

Caitheadh chóir a bheith 61 míle vóta san olltoghchán agus vótaí poist a bhí i míle vóta den thart ar 60,000 vóta a caitheadh sa dáilcheantar. 

Tuairiscíodh aréir go bhfuil an fiosrúchán faoi lán seoil ag Gardaí Shligigh maidir leis an gcalaois vótála a chreideann siad a tharla i gcás na vótaí poist. 

Deirtear go raibh 31% níos mó vótaí poist i gceist i Sligeach-Liatroim in 2020 ná mar a bhí i ndáilcheantair eile nó mar a bhí san olltoghchán roimhe sin in 2016.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir go bhfuil teagmháil déanta ag na Gardaí le daoine a bhí cláraithe chun vótála sa dáilcheantair  féachaint an ndearna siad amhlaidh. 

Tá na Gardaí ag iarraidh a fháil amach an ndearna daoine áirithe iarratas ar vóta poist a chaitheamh agus má rinne an raibh cúis sláinte acu leis an iarratas sin. Ní foláir teastas leighis a fháil ó dhochtúir sa chás go bhfuil vóta poist á lorg ar chúinsí sláinte. 

Tá na Gardaí amhrasach gur chaith daoine vótaí poist bíodh is gur ainm duine eile a bhí cláraithe leo.

Bíonn cúiseanna éagsúla ag daoine iarratas a dhéanamh ar vóta poist a chaitheamh. Déanann príosúnaigh, daoine atá ag staidéar as baile nó daoine atá gafa le cúrsaí oibre iarratas ar vóta poist, mar shampla, ach is ar chúiseanna sláinte is mó a dhéanann daoine cás nach féidir leo freastal ar bhothán vótála. 

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi chalaois vótála in olltoghchán 2020'