Fiosrú poiblí neamhspleách dlite d’othair i gcás Muckamore Abbey

Fáilte ag na gaolta roimh leithscéal an Aire Swann ach fiosrú poiblí faoin mí-úsáid á éileamh

Fiosrú poiblí neamhspleách dlite d’othair i gcás Muckamore Abbey

1,500 ionsaí coiriúil ar othair á bhfiosrú ag an PSNI. Is scanrúil an líon é. Shílfeá toisc go bhfuil an figiúr chomh mór sin go gcaithfeadh sé gur Tuaisceart Éireann ar fad atá i gceist. Ach ní hea. Baineann an fiosrú le hionad amháin, Ospidéal Mhainistir Mhaigh Chomair i gContae Aontroma.

Daoine fásta atá faoi mhíchumas foghlama tromchúiseach iad na hothair i Muckamore Abbey. Bunaíodh fiosrú na bpóilíní, an ceann is mó dá shórt riamh nuair a tháinig fianaise ar cheamaraí ciorcaid iata chun solais. Thaispeáin na pictiúir mí-úsáid ar othair in aonad dianchúraim síciatrach in 2017. Gearáin agus síorcheistiú tuismitheora faoi ndear nochtadh na bpictiúr. Fuair Glynn Brown leide gur ionsaíodh a mhac, Aaron san aonad i mí Lúnasa 2017 agus níor staon sé go dtí gur éirigh leis amharc a fháil ar na híomhánna CCTV.

Ní raibh sé éasca freagraí a fháil, b’éigean do ghaolta dul i muinín an Achta um Shaoráil Faisnéise faoi iompar san ospidéal. De réir a chéile d’éirigh le daoine muinteartha agus comhfhreagraí sláinte an Irish News dóthain airde a tharraingt ar ghnóthaí an ospidéil chun fiosrú na bpóilíní a spreagadh agus athbhreithniú inmheánach de chuid na Seirbhíse Sláinte a fháil.

I measc na líomhaintí faoi mhí-iompar bhí gaibhniú aonair a bheith á dhéanamh ar othair mar phionós, ciapadh aigne agus coirp. Bhain cás amháin le bean lomnocht a rith amach as seomra folctha, fuil ag sileadh óna béal is í ag rá gur bhuail altra í. D’fhágtaí daoine ina suí nocht mar nach mbeidís comhoibritheach le ball foirne. Bhí othair á mbrú agus á dtarraingt le fórsa, deirtear, agus baol ann go ngortófaí iad. Maíodh gur bhéas le roinnt den fhoireann othair a ghríosú chun othair eile a bhualadh ar ais. Chinn scrúdú dá gcuid féin san ospidéal in 2018 gur cuireadh othar i mbaol ach nach raibh aon locht ar an bhfoireann, barúil nár shásaigh an t-athbhreithniú nua.

Foilsíodh tuarascáil an athbhreithnithe sin an tseachtain seo caite. Is léir uaidh nach ndéanfaidh tada an gnó ach fiosrú poiblí neamhspleách. Gheall an tAire Sláinte in Stormont, Robin Swann, fiosrú ach ní raibh sé soiléir gur binse poiblí a bhí i gceist. Dúirt sé go raibh a fhios aige nár leor leithscéal ná fiú amháin an t-athbhreithniú féin. Ghabh sé leithscéal leis na hothair agus lena muintir. D’fháiltigh Glynn Brown roimh leithscéal ar leith a gabhadh leis féin agus buíochas a glacadh leis as a shaothar chun an fhírinne faoin scannal a thabhairt chun solais ach dúirt sé gur theastaigh fiosrú poiblí uaidh.

Sin an t-aon réiteach a shásóidh teaghlaigh a shíl gur chuir siad a ngaolta goilliúnacha in áit shábháilte ach a fuair amach go raibh siad i gcontúirt mar go bhfuair cuid acu drochíde scannalach.

Tá an t-ospidéal in Aontroim faoi cheannas Fhondúireacht Sláinte Bhéal Feirste ach léirigh an t-athbhreithniú ‘easpa suime’ sa cheanncheathrú i mBéal Feirste i riar agus in eagar Mhaigh Chomair agus dúradh gur annamh a thug na daoine i gceannas cuairt air. Áit ann féin ab ea an t-ospidéal, a raibh ceannaireacht ‘mífheidhmiúil’ agus iompar ‘dochosanta’ ann. Rinneadh drochbhainistíocht air ón mbarr anuas agus ní raibh ceannaireacht ar bith le sonrú de réir na tuairisce.

Chinn na hathbhreithnitheoirí go raibh mí-úsáid chórasach i mbarda ‘Ennis’ na mban in 2012. Thug sceithire fianaise faoi ag an am ach níor láimhseáil an cheannaireacht an fhianaise sin go cuí. Deirtear sa tuairisc go raibh baint ag teip na bainistíochta an uair sin lena thuilleadh mí-iompair sa bharda céanna in 2017. Tá líomhaintí faoi eachtraí in 2017 ag croí an fhiosraithe choiriúil atá idir lámha ag an PSNI. Ba é breith na scrúdaitheoirí inmheánacha nach bhfaighfí amach choíche faoin iompar dochosanta ansin murach gur frítheadh na pictiúir CCTV de bharr diongbháilteacht Glynn Brown.

Cuireadh an tuairisc ar fáil do ghaolta na n-othar an oíche sular foilsíodh í. Bhí siad sásta go raibh an obair críochnúil ach b’údar buartha dóibh a fháil amach gur dhiúltaigh triúr iarbhainisteoirí comhoibriú leis an athbhreithniú. Ní raibh an t-údarás dlíthiúil ag an athbhreithniú chun iallach a chur ar dhaoine ceisteanna a fhreagairt ach bheadh an chumhacht sin ag Binse. Trédhearcacht agus freagracht iomlán an rud is lú atá dlite do na hothair agus dá muintir.

Fág freagra ar 'Fiosrú poiblí neamhspleách dlite d’othair i gcás Muckamore Abbey'