Tá fiosrú ar bun ag Oifig an Choimisinéara Teanga mar gheall ar ábhar i mBéarla amháin a scaip an Phríomh-Oifig Staidrimh sa Ghaeltacht.
Baineann an fiosrúchán le litir agus bileog eolais i dtaobh an tSuirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála, an suirbhé SILC, a dhéanann an CSO.
Is suirbhé ar theaghlaigh é an Survey on Income and Living Conditions (SILC) agus is í an phríomfhoinse eolais ag an Stát maidir le cúrsaí ioncaim agus caighdeán maireachtála an phobail.
Sa chomhfhreagras ón CSO atá feicthe ag Tuairisc.ie, bhí seoladh Gaeltachta na litreach, an litir féin agus an bhileog eolais a ghabh léi ar fad i mBéarla.
Dheimhnigh Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh gearán faighte acu faoin scéal agus fiosrú ar bun acu dá réir. Dúirt urlabhraí de chuid na hoifige, áfach, nach bhféadfaí aon eolas a thabhairt faoi aon ghearán ar leith atá á fhiosrú ag an gCoimisinéir.
Deirtear i scéim teanga na Príomh-Oifige Staidrimh, áfach, go gcuirfear bileoga eolais agus suirbhéanna ar fáil sa dá theanga oifigiúil. Gealltar sa scéim chéanna, a aontaíodh in 2007, go gcloífí le hOrdú Logainmneacha 2004 trí logainmneacha oifigiúla Gaeilge na Gaeltachta a úsáid.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an bPríomh-Oifig Staidrimh faoin scéal agus ceist curtha orthu cé acu an nglacann siad nó nach nglacann siad leis gur sárú ar a ndualgais reachtúla teanga an cháipéisíocht seo a dháileadh i mBéarla amháin.
Buartha
Ní bhfuair mé féin an litir sin i mBéarla, i nGaeilge, ná sa Ghréigis féin. An é nach cás le duine ar bith ar an domhan fuarchúiseach seo m’ioncam agus mo chuid dálaí maireachtála, óchón agus óchón ó.