Fiosrú ar bun ag ceantálaithe faoi litir Ghaeilge a díoladh ar bhreis is €5,000

Léiríonn iniúchadh a rinne Tuairisc.ie faoi scéal litir de chuid Phádraig Mhic Phiarais go bhfuil i bhfad níos mó ná cóip amháin di ann

Fiosrú ar bun ag ceantálaithe faoi litir Ghaeilge a díoladh ar bhreis is €5,000

Tá fiosrú ar bun ag ceantálaithe i mBaile Átha Cliath de thoradh iniúchadh a rinne Tuairisc.ie faoi litir Ghaeilge a díoladh ar ceant le déanaí ar bhreis is €5,000.

Léiríonn an t-iniúchadh a rinne Tuairisc.ie faoi chás na litreach de chuid Phádraig Mhic Phiarais go bhfuil i bhfad níos mó ná cóip amháin di ann.

I mí Lúnasa dhíol an comhlacht ceantálaithe Adam’s as Baile Átha Cliath litir lámhscríofa Ghaeilge de chuid Phádraig Mhic Phiarais ar €5,500, agus ba léir gur síleadh gur bunchóip a bhí inti.

Dúradh agus an litir á díol gur chuig an seanchaí as Maigh Eo, Micheál Mac Ruaidhrí, a sheol an Piarsach í, ach dheimhnigh Tuairisc.ie ina dhiaidh sin nach raibh an t-eolas sin cruinn.

Ba chuig Colm Ó Gaora, údar agus poblachtánach as Ros Muc i gConamara, a seoladh an litir.

Nuair a lean Tuairisc.ie den iniúchadh fuarthas amach go raibh roinnt cóipeanna eile den litir ar fáil agus go raibh ceann i seilbh Mhúsaem Poiblí Chorcaí agus ceann eile ag Músaem an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Coimeádaí Mhúsaem an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath le Tuairisc.ie go raibh cóip den litir ina seilbh acu féin agus go raibh cóipeanna eile den litir feicthe aige chomh maith roimhe seo.

Dheimhnigh Coimeádaí Mhúsaem Phoiblí Chorcaí, Daniel Breen, go raibh cóip den litir sa mhúsaem.

Rinne Breen anailís ar an dá litir, an ceann a bhí aige féin agus an ceann a díoladh ar ceant, agus deir sé go bhféadfadh gur cóip atá sa dá litir.

“Thabharfadh an pheannaireacht, an cineál scríbhneoireachta agus cuma na línte ar an litir le fios gur cóipeanna atá sa dá litir.

“Ní fheicim aon difear ar chor ar bith idir an dá litir, seachas go bhfuil an leagan atá againne ar chaighdeán i bhfad níos airde ná an ceann a díoladh ar ceant.”

Dheimhnigh an Coimeádaí i Músaem an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, Brian Crowley, do Tuairisc.ie go raibh cóip acusan den litir chomh maith.

Dúirt Crowley gur chreid sé féin gurbh í bunchóip na litreach a bhí ina seilbh acu go dtí go ndearna sé taighde faoin scéal.

Dúirt sé go bhfaca sé cóip eile den litir chomh maith agus go raibh na cóipeanna “an-chosúil leis an mbunchóip”. Síleann Brian Cowley gur amach as cóipeanna de leabhar Choilm Uí Ghaora Mise a tháinig na cóipeanna den litir atá feicthe aige féin.

Bhí cóip de litir an Phiarsaigh sa chéad eagrán de Mise.

“Thug duine den phobal cóip eile dom blianta fada ina dhiaidh sin. Cóipeanna an-mhaith iad. Léiriú atá sa scéal seo ar an ardchaighdeán a bhí ag baint leis an gcóip a bhí i leabhar Uí Ghaora,” a dúirt Brian Crowley.

An chóip den litir a bhí sa leabhar ‘Mise’ le Colm Ó Gaora ar chlé agus, ar dheis, an litir a díoladh ar ceant

Nuair a d’fhéach Adam’s ar thorthaí iniúchadh Tuairisc.ie, dúirt siad go raibh sé i gceist acu an scéal a fhiosrú. Tá súil acu scagadh a dhéanamh ar an litir féin sna seachtainí seo romhainn.

Admháil atá i litir an Phiarsaigh go raibh scéal de chuid Choilm Uí Ghaora ‘Scolb Glas Mac Rí in Éirinn’, faighte aige agus go gcuirfí i gcló é i An Claidheamh Soluis “chomh luath agus a bheas áit agam dó”.

Meastar gurb é an t-údar agus scoláire Seámus Ó Buachalla, is túisce a thuig scéal na gcóipeanna de litir Uí Ghaora.

I bhfonótaí a leabhair The Letters of P.H.Pearse, tá tagairt ag Ó Buachalla do “holograph copy” den litir a foilsíodh sa chéad eagrán de Mise.

“Ó Gaora related the incident in his autobiography “Mise“, in the first edition of which he published a holograph copy of this letter. The multiple copies of the letter and their dispersal over time were responsible for confusion as to the identity of the recipient,” a scríobhtar sa leabhar sin.

Fág freagra ar 'Fiosrú ar bun ag ceantálaithe faoi litir Ghaeilge a díoladh ar bhreis is €5,000'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Beidh mír ar Nuacht TG4 faoin scéal seo.