Tá sé tugtha le fios ag Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta go mbeadh sé “fíordheacair” aon spriocam a lua le móraidhm na reachtaíochta nua teanga faoi earcú daoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí.
De réir na sprice sa dréachtreachtaíocht, a pléadh inné ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, bheadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís amach anseo.
Ach thug Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, le fios nach bhféadfaí scála ama cinnte a lua leis an sprioc sin sa reachtaíocht nua.
Dúirt Mac Cormaic go raibh “cúrsaí earcaíochta i gcroílár na ceiste” maidir leis an reachtaíocht chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach thug sé le fios gur próiseas “fadtéarmach” a bheadh ann an sprioc 20% a bhaint amach agus go gcaithfí tosú le suim daltaí iarbhunscoile san fhostaíocht le Gaeilge “a spreagadh” ar dtús.
Dúirt Mac Cormaic gurb é “bunaidhm” na dréachtreachtaíochta na daoine le Gaeilge “a thabhairt isteach sa chóras” ach gur obair “dhúshlánach” a bheadh ann agus go raibh sé “fíordheacair dáta a chur leis”.
Luaigh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta an deacracht atá ann daoine cáilithe a bhfuil Gaeilge acu a fháil do phostanna san Aontas Eorpach agus mhaígh sé go raibh “an taithí chéanna” ag an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí maidir le cúrsaí earcaíochta.
“Aon duine atá ag súil le réiteach na faidhbe seo thar oíche, tá dul amú orthu,” a dúirt Mac Cormaic.
Dúirt sé go raibh feachtas feasachta maidir le fostaíocht sa státchóras tosaithe cheana ag an Roinn sna hiarbhunscoileanna ach go rabhthas ag díriú go fóill ag an tríú leibhéal ar an 185 post le Gaeilge atá le líonadh san Aontas Eorpach faoi 2021.
Cheistigh nach mór na baill ar fad a bhí i láthair ag cruinniú an lae inné de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOiléan feidhmeannaigh Roinn na Gaeltachta faoin easpa spriocdháta maidir le cúrsaí earcaíochta.
Dúirt Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly, gur léir go raibh “práinn” ag baint leis an scéal i bhfianaise na ndeacrachtaí maidir leis an teanga sa státchóras. Dúirt an Seanadóir Brian Ó Domhnaill go raibh an baol ann go mbeadh an “cuspóir” maidir le cúrsaí earcaíochta mar a bheadh rún na hAthbhliana ag duine a bheadh “ag iarraidh meáchan a chailleadh”.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie aréir gur maith é go dtugann na ceannteidil aghaidh ar cheist na hearcaíochta sa státseirbhís ach go bhfuil le “spriocdháta cinnte” leis an gcuspóir go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.
As an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais ag deireadh na bliana seo caite, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.
Agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, ní raibh ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar phoist do dhaoine a raibh líofacht sa Ghaeilge acu. D’fhág sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist.
Léirigh taighde a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga níos túisce i mbliana tnach raibh “socruithe cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge” luaite ach i gcás 7.5% de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016.
Tá molta ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go dtabharfaí córas isteach a chinnteodh “go mbíonn íoschéatadán foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sna ranna stáit ar fad agus sna heagraíochtaí stáit is mó a mbíonn plé acu leis an bpobal”. Ba cheart an measúnú a dhéantar ar inniúlacht sa Ghaeilge a bheith bunaithe ar leithéid Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, dar leis.
Molann sé freisin go dtabharfaí córas monatóireachta neamhspleách isteach chun a chinntiú go mbeadh an córas nua ag obair agus go gcuirfí tuairisc maidir le feidhmiú an chórais faoi bhráid Thithe an Oireachtais uair sa bhliain.
Donncha Ó hÉallaithe
Tá réiteach simplí ar an gceist: go mbeadh an státchóras sásta marcanna breise a thabhairt do gach fostaí nua a earcaítear amach anseo in aon chomórtas poiblí do phost atá le líonadh sa státchóras, a bheadh in ann a léiriú go mbeidís in ann a gcuid oibre a dhéanamh sa dá theanga oifigiúil seachas ceann amháin agus le bheith i dteideal na marcanna breise, chaithfeadh an t-iarrthóir a bheith sásta a chur in iúl go mbeidís ar fáil le dul ag obair in áit a dteastódh an dá theanga uait! Ba cheart ansin liúntas sa bhreis a thabhairt do dhaoine sa státchóras atá i bpost ina dteastaíonn go mbeifeá in ann do chuid oibre a dhéanamh sa dá theanga. Nuair a deirim an státchóras, bheadh na húdaráis áitiúla i gceist chomh maith le ETBanna agus eagraíochtaí stáit ar bith eile a bhíonn ag déileál leis an bpobal.
Dá mbeadh dhá theanga oifigiúil sa Ghearmáin, is deacair a shamhlú, nach mbeadh córas earcaíochta i bhfeidhm a mbeadh sé mar chuspóir aige an oiread daoine agus ab fhéidir a earcú a bheadh inniúl ar an dá theanga, ar an mbunús go mbeadh fostaí leis an dá theanga oifigiúil níos éifeachtaí i mbun a chuid oibre ná fostaí le teanga amháin!
Mánus
Céard is brí le “inniúlacht sa Ghaeilge” a luann an Coimisinéar Teanga? Ní leor scrúduithe seafóideacha ar nós an scrúdú Ghaeilge dos na dlíodóirí. Cén cáilíocht sa Ghaeilge a bheadh inghlactha? TEG Ardleibhéal C1 is fearr deirfinn. Ba chóir feachtas a bhunú sna Gaelcholáistí leis an TEG C2 a dhéanamh san idirbhliain nó 5ú bhliain toisc nach cruthúnas ar bith an scrúdú Gaeilge Ardteiste ardleibhéal go mbeadh a dhóthain Gaeilge ag duine chun post a dhéanamh tré mheán na Gaeilge. Go deimhin ní cruthúnas níos mó é an B. A sa Ghaeilge go bhfuil líofacht agus eolas cuimsitheach ar an Ghaeilge ag duine.
Sean
‘Más fearr leat do chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge brúigh ar chnaipe uimhir a haon anois agus glaofar ar ais ort.’…..am éigint siar amach sa tsíoraíocht a phleidhce ‘madáin….agus léan ar do cheann cipín….