Fíorchostas na bpíopaí uisce – éileamh ar chúiteamh ar fhaillí an stáit?

Beidh caiteachas ard, poiblí agus príobháideach, riachtanach chun píopaí sábháilte a chur in ionad na bpíopaí luaidhe. Agus costas eile b'fhéidir: eíleamh ar chúiteamh ar fhaillí an stáit?

19/11/2014. Fine Gael Minister for the Environment, Community and Local Government Alan Kelly in Government Buildings outlining the new changes to the Water Charges. These changes were made because of the protests campaigns. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá Uisce Éireann ag seoladh litreacha chuig 28,000 teach chun a chur in iúl do na húinéirí go bhfuil siad ag ól uisce a chuirtear ar fáil tré phíopaí contúirteacha luaidhe. Níl meastachán iomlán náisiúnta déanta fós, ach ceaptar go bhfuil píopaí luaidhe á n-úsáid i 200,000 teach.

Níl amhras ar dhuine ar bith faoin gcontúirt. Breis agus daichead bliain ó shin a mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte* (WHO) i 1973 nár chóir píopaí luaidhe a úsáid níos mó. Deir na saineolaithe go gcuireann luaidhe isteach ar fhorbairt inchinne agus ar fheidhmiú an dúáin, agus go bhfuil baol ar leith ann do pháistí óga agus do mhná atá ag iompar.

Glactar leis go mbeidh €400m ar a laghad ag teastáil chun íoc as an athchóiriú iomlán, agus go mb’fheidir go mbeidh suas le €5,000 de dhíth chun píopaí nua a chur isteach i dtithe príobháideacha. Ach beidh costas stáit eile i gceist freisin, nach féidir é a áireamh faoi láthair.

Tá na saineolaithe ag cur síos ar an díobháil sláinte a dhéanann úsáid phíopaí luaidhe le 40 bliain ar a laghad. Tá airí comhshaoil agus polaiteoirí eile ag caint air le scór blianta ar a laghad. Ach níor fógraíodh scéim oifigiúil athsholáthair go dtí an tseachtain seo.

Ní cóir beag is fiú a dhéanamh de phlean Alan Kelly, fiú más léir go n-oireann práinn na hoibre dó ar chúis eile, chomh maith leis an gcaint ar sholáthar breise do Bhaile Átha Cliath. Má chuidíonn plé faoin dá ábhar leis an rialtas an lámh in uachtar a fháil ar an bhfeachtas in aghaidh na dtáillí uisce, breathnófar air mar bhónas.

Ach ní féidir an costas nár phléigh an tAire Comhshaoil in aon chor a fhágáil as an áireamh. Bhí admháil indíreach ach soiléir mar sin féin i mbriathra an Aire go raibh faillí déanta le fada ag an stát. Admháil a shoiléirigh Leas-Stiúrthóir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dochtúir Kevin Kelleher, agus rabhadh á thabhairt aige do na daoine is mó atá i gcontúirt:

“If people are aware that their house may have lead, or they know it has lead, then they certainly should not be using that water to feed their young children or pregnant women.”

Ní theastaíonn saineolaí dlí leis an mbrí réasúnta a d’fhéadfaí a bhaint as caint dá leithéid chun cúiteamh a iarraidh sna cúirteanna:

  1. Bhí an chontúirt soiléir le daichead bliain ar a laghad.
  2. Tá cosc ar phíopaí luaidhe nua i bhfeidhm ó na 1970í.
  3. Ba léir ón gcosc agus ó mhórán ráiteas a rinne airí, dochtúirí agus státseirbhísigh ó shin i leith gur léir dóibh an baol.

Cén fáth nár reáchtáladh feachtas oifigiúil i bhfad roimhe seo, agus deontais stáit mar thaca leis, chun a áiteamh ar dhaoine píopaí truaillithe a thógáil amach? Agus cé acu is treise: dualgas an stáit sláinte an phobail a chosaint, nó dualgas gach saoránach aire a thabhairt dá shláinte phearsanta?

Ní cóir go mbeadh iontas orainn má chuirtear ceist dá leithéid faoi bhráid na cúirte.

Fiú mura gcuirfear, is follasach faillí an Stáit, agus gach rialtas a bhí i gceannas air le breis agus daichead bliain.

* Is féidir teacht ar an gcomhairle is deireanaí (20140) a d’eisigh an Eagraíocht maidir le píopaí luaidhe ar a líonláithreán.

– Is láithreoir e Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Fíorchostas na bpíopaí uisce – éileamh ar chúiteamh ar fhaillí an stáit?'