‘Is féidir geilleagar a bheith ann a fhreastalóidh ar riachtanais an phobail thar leas na gcomhlachtaí domhanda is na ndaoine is saibhre sa tsochaí seo’.
Sin é mar a labhair an ceardchumannaí Brendan Ogle ag mórchruinniú den fheachtas Is Ceart Athrú (Right2Change) i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, cruinniú ar labhair iar-aire airgeadais na Gréige, Ianis Varúfakis, ann freisin.
Bhí slua breá ann mar chuid den iarracht aird na vótóirí a dhíriú ar na héilimh atá á ndéanamh don olltoghchán ag Is Ceart Athrú, le tacaíocht roinnt ceardchumann – ina measc Unite, Mandate agus Cumann na nOibrithe Cumarsáide (CWU).
D’eascair Is Ceart Athrú as an bhfeachtas i gcoinne táillí uisce, Ceart ar Uisce (Right2Water), a sheol na céadta míle amach ar na sráideanna ar fud na tíre ag agóidíocht i gcoinne na dtáillí.
Creideann na ceardchumainn a spreag fiontar Is Ceart Athrú gur féidir tógáil ar an bhfeachtas uisce, agus bloc a chruthú sa chéad Dáil eile i gcoinne na déine agus ar son córas cothrom cánach agus seirbhísí poiblí níos fearr.
Tá beagnach 100 iarrthóirí san olltoghchán i ndiaidh glacadh leis na prionsabail a d’fhógair Is Ceart Athrú, ina measc 50 iarrthóirí ó Shinn Féin, 18 iarrthóirí ó People Before Profit, 18 iarrthóirí neamhspleácha, naonúr ó Direct Democracy, duine amháin ón bPáirtí Cumannach agus duine amháin ó Workers and Unemployed Action Group Chluain Meala agus 18 neamhspleách.
Táthar ag súil go dtoghfar os cionn 50 de na hiarrthóirí seo. Más amhlaidh a bheas, beidh an-tionchar ag an mbloc seo, ní hamháin ar chur le chéile rialtais nua ach ar an gcineál polaitíochta a bheas sa Dáil i ndiaidh an toghcháin.
Tá deich bprionsabal fógartha ag Is Ceart Athrú:
- Cothrom na Féinne i dtaobh fiacha, idir fhiacha an stáit agus fhiacha daoine. Ní cóir, a deir siad, maoin a bhaint ó sheirbhísí riachtanacha le freastal ar fhiachas bainc.
- Oideachas mar cheart: oideachas iomlán saor in aisce do chách, ar an tuiscint gur buntáiste mór don stát fórsa oibre lán oilte a bheith ann.
- Comhchearta do chách: deireadh leis an mbochtanas agus leis an leithcheal; aitheantas do chearta na mban i dtaobh cúrsaí giniúna (frithghiniúint, ginmhilleadh srl.); agus aitheantas don chreideamh mar rogha phearsanta, agus deireadh le riachtanais chreidimh san oideachas.
- Cúram sláinte mar cheart: córas cothrom sláinte, maoinithe ag an gciste cánach agus é ar fáil do chách ar bhonn riachtanais is ní ar bhonn airgid; aitheantas go bhfuil infheistíocht mhór ag teastáil ón stát.
- Tithíocht: agus sinn i lár na géarchéime tithíochta is measa le blianta fada deir Is Ceart Athrú go bhfuil gá le clár tithíochta sóisialta a chur ar fáil mar ghníomh práinne, clár a bheadh faoi stiúir na n-údarás áitiúla agus é maoinithe ag an stát.
- Ceart oibre: obair fhiúntach agus pá fiúntach a chur ar fáil do gach duine, mar aon le plean chun imircigh a mhealladh ar ais go hÉirinn.
- Ceart an phobail chun acmhainní nádúrtha na tíre: stop a chur le leithéidí Shell a bheith ag tógáil seilbhe ar acmhainní gáis na hÉireann agus forbairt acmhainní nádúrtha na tíre a bheith i lámha an stáit.
- Inbhuanaitheacht timpeallachta : córas geilleagair a spreagadh a chosnóidh an timpeallacht ar an truailliú a dhéanann ollchomhlachtaí domhanda
- Ceart chun uisce: ba cheart go n-íocfaí as seirbhísí uisce ón státchiste agus gan príobháidiú a dhéanamh ar chóras soláthar uisce na hÉireann
Tá lucht an fheachtais ag iarraidh mar sin go mbeadh ról lárnach ag an stát i gcúrsaí eacnamaíocha agus i gcúrsaí sóisialta freisin agus iad den tuairim gur chóir íoc as feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí trí níos mó cánach a ghearradh ar dhaoine saibhre agus deireadh a chur le haisíoc fhiacha príobháideacha na mbanc.
Deir na hiarrthóirí toghcháin atá i ndiaidh glacadh leis na prionsabail seo nach rachaidh siad i mbun rialtais le páirtí ar bith nach mbeidh sásta glacadh leis na prionsabail chéanna.
Tá sé deacair a shamhlú go n-éireodh leo móramh a bhaint amach nó páirtithe eile a mhealladh chun tacú leis an gclár seo, ach má éiríonn leo bloc láidir vótála a chur ar bun beidh siad in ann polaitíocht de chineál úr a chruthú sa Dáil, polaitíocht den eite chlé i gcoinne na heite deise.
Níl gach éinne den eite chlé páirteach sa bhfiontar seo. Dhiúltaigh an Chomhghuaillíocht in Aghaidh na Déine an clár a shíniú toisc go bhfuil siad i gcoinne Shinn Féin. Dhiúltaigh na Daonlathaigh Shóisialacha dó toisc go dteastaíonn uatha a gclár polasaí féin a bheith acu.
Níl neamhspleáigh ar nós Christy Burke agus Máirín O’Sullivan i mBaile Átha Cliath páirteach ann ach an oiread.
Beidh le feiceáil cé chomh maith, mar sin, is a éireoidh leis an bhfiontar seo tar éis an toghcháin agus cé acu an fás nó meath atá i ndán dó.
Fág freagra ar 'Fiontar Ceardchumann ina dhúshlán toghcháin?'