Fionraíocht ocht seachtaine gearrtha ar oifigeach ó chumann peile an Daingin

Bhuaigh Daingean Uí Chúis ar Chiarraí Thoir in athimirt chluiche leathcheannais chraobh shinsir Chiarraí i dTrá Lí Dé Domhnaigh ach tharla eachtra chonspóideach ag tús an dara leath nuair a thosaigh imreoirí agus oifigigh ón dá chumann ag achrann gar don taobhlíne

Fionraíocht ocht seachtaine gearrtha ar oifigeach ó chumann peile an Daingin

Tá tréimhse fionraíochta ocht seachtaine gearrtha ag bord peile chontae Chiarraí ar oifigeach ó chumann an Daingin i ndiaidh an racáin a tharla i gcluiche leathcheannais chraobh shinsir Chiarraí a imríodh ag an deireadh seachtaine.

Bhuaigh Daingean Uí Chúis ar Chiarraí Thoir san athimirt ar chluiche leathcheannais chraobh an chontae i dTrá Lí Dé Domhnaigh ach tharla eachtra chonspóideach ag tús an dara leath nuair a thosaigh scata mór imreoirí agus oifigigh ón dá chumann ag achrann gar don taobhlíne.

Scaipeadh físeáin den eachtra go fairsing ar na meáin shóisialta. I gceann acu, bhí fear i bhfeisteas an Daingin le feiceáil agus é ag iarraidh buille a thabhairt d’imreoir as Ciarraí Thoir.

Ag cruinniú de chuid bhord an chontae aréir, pléadh tuairisc an réiteora ón gcluiche agus moladh tréimhse fionraíochta ocht seachtaine a ghearradh ar oifigeach de chuid an Daingin as an bpáirt a ghlac sé san achrann. Tá trí lá ag an oifigeach sin le hachomharc a dhéanamh, más mian leis.

Tuairiscítear gur gearradh fíneáil ar chumainn an Daingin agus Chiarraí Thoir chomh maith.

Cuireadh bainisteoir Chiarraí Thoir, Gerry O’Sullivan, den pháirc i ndiaidh na heachtra ach rialaigh bord an chontae nach raibh aon bhaint aige leis an achrann.

Taispeánadh cártaí dearga d’imreoirí Chiarraí Thoir, Paudie agus David Clifford, le linn an chluiche chomh maith agus beidh an bheirt acu ar fionraí don chéad chluiche de chraobh shinsir an chontae 2019.

Beidh Daingean Uí Chúis ag imirt arís an deireadh seachtaine seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar na Crócaigh i gcluiche ceannais an chontae i bPáirc Aibhistín de Staic Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Fionraíocht ocht seachtaine gearrtha ar oifigeach ó chumann peile an Daingin'