Tá an laoch mór Éireannach Fionn mac Cumhaill le feiceáil ar cheann de na stampaí nua atá eisithe ag An Post Ríoga sa tsraith ‘Miotais agus Finscéalta’. Tá ocht stampa ar fad sa tsraith nua a eiseofar inniu agus beifear in ann iad a cheannach in oifigí poist an Tuaiscirt nó ar líne ó shiopa an Phoist Ríoga féin.
Is é an t-ealaíontóir Adam Simpson, atá lonnaithe i Sasana, a rinne na hocht léaráid atá ar na stampaí céad ghráid. Baineann na miotais agus na finscéalta le réigiúin éagsúla sa Bhreatain agus sa Tuaisceart.
Ar a stampa siúd, tá Fionn mac Cumhaill, agus a ainm litrithe i nGaeilge, le feiceáil ina sheasamh ar Chlochán na bhFomhórach i gcontae Aontroma agus é ag breathnú anonn ar fhathach na hAlban. Tá scéalta faoi Fhionn mac Cumhaill coitianta in Éirinn, in Albain, agus i Manainn.
I measc na gcarachtar eile atá sa tsraith nua stampaí tá Beowulf agus Grendel, a bhaineann le seanchas an tSean-Bhéarla; Blodeuwedd, bean atá lárnach sa scéal Breatnaise Math fab Mathonwy; Niseag, nó an ‘Loch Ness Monster’ mar a thugtar i mBéarla uirthi; síogaí Chorn na Breataine, nó ‘piskies’; Black Shuck, madra dubh taibhsiúil a bhaineann le hoirthear Shasana; Grindylow, créatúr olc a mhaireann i locha agus eanaigh Yorkshire agus a bhánn páistí; agus an Selkie, nó an mhaighdean mhara.
Eiseofar earraí speisialta do bhailitheoirí stampaí freisin: clúdach céad lae, pacáiste a bhfuil na stampaí nua ar fad ann maille le bileog eolais faoi na finscéalta, bonn miotail a bhfuil an léaráid de Beowulf agus Grendel air, agus foireann stampaí frámaithe. Beidh na hearraí sin ar fáil ó shuíomh an Phoist Ríoga.
Fág freagra ar 'Fionn mac Cumhaill ar stampa nua ag an Royal Mail'