Ní féidir tagairt don iar-easpag Edward Daly gan cuimhneamh ar an bpictiúr cáiliúil de lena chiarsúr bán ag tionlacan an tsínteáin ar a raibh Jackie Duddy ag fáil bháis ar Dhomhnach na Fola, an 30 Eanáir 1972.
Léirigh sé crógacht nuair a chuaigh sé i gcabhair ar an déagóir leonta agus na paratrúpaigh fós ag scaoileadh leis an slua. Bhí sé neamheaglach freisin níos deireanaí an lá uafásach sin nuair a bhréagnaigh sé leagan arm na Breataine den eachtra. Dúirt sé ar theilifís an BBC nach raibh Jackie Duddy armtha agus nach raibh sé ag caitheamh cloch. Bhí sé meáite de nár scaoileadh leis na saighdiúirí. “Tá a fhios sin agam, bhí mé ann,” a deireadh sé. D’athraigh an eachtra sin cúrsa shaol an tsagairt óig.
Sagart in ardeaglais Naomh Eoin, in aice láimhe, ab ea an tAthair Eddie (mar ab fhearr aithne air ar feadh a shaoil) ag an am. Bhí sé féin agus a chomhghleacaithe ag faire ar an máirseáil in aghaidh imtheorannú nuair a thosaigh na saighdiúirí ag scaoileadh. Ba é Jackie Duddy an duine ab óige den 13 a maraíodh. Fuair fear eile bás níos deireanaí.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin ceapadh an tAthair Daly ina easpag ar Dhoire. Ba é an t-easpag ab óige sa tír é agus chreid sé féin go raibh baint ag a ról ar Dhomhnach na Fola lena ardú céime. Ar lá a oirnithe mar easpag, labhair sé go tréan in aghaidh an fhoréigin, port a cluineadh uaidh go mion minic ina dhiaidh sin. Cháin sé foréigean an IRA go rialta, chuir sé bac ar shochraidí an IRA tar éis dóibh piléir a scaoileadh i gclós na heaglaise agus bhí sé meáite de go raibh stailceanna ocrais mícheart. Bhí a cháineadh ar fhoréigean na ndílseoirí agus fhórsaí an stáit chomh géar céanna.
Níor tháinig a ghráin ar fhorneart idir é agus a chúram tréadach d’íobartaigh. Sheas sé le leithéidí sheisear Birmingham nuair nach raibh ach corrdhuine imníoch faoin iomrall ceartais. Thaistil sé ó cheann ceann na Breataine ag tacú le teaghlaigh a raibh gaolta acu i bpríosúin.
D’ainneoin a cháineadh ar an stailc ocrais sna H-Bhlocanna i 1981 chuaigh sé féin agus an tArdeaspag Ó Fiaich chun cainte leis an bPríomh-Aire Thatcher ag iarraidh tabhairt uirthi nár fhreagra fiúntach é a neamhghéilliúlacht.
Thuill sé féin agus a chara an tOirmhinneach James Mehaffey, easpag Protastúnach Dhoire agus Ráth Bhoth, cáil as an obair éacúiméineach a rinneadar le chéile. Bronnadh saoirse na cathrach orthu i nDoire anuraidh mar aitheantas as a saothar ar mhaithe le síocháin agus athmhuintearas.
Bhí sé de nós ag an mbeirt, mar chúram tréadach agus chun seasamh le híobartaigh, a dhul in éindí ar cuairt ar ghaolta na mairbh tar éis uafáis. Bhí an tEaspag Daly soiléir i gcónaí gur mar shagart agus mar cheannaire eaglasta agus morálta a ghníomhaigh sé agus ní mar pholaiteoir.
D’éirigh sé as a bheith ina easpag i 1994 de bharr drochshláinte, an bhliain ar fhógair an tIRA Sealadach an chéad sos comhraic. Níl aon dabht ach go raibh tionchar ag Daly ar an dioscúrsa as ar eascair próiseas na síochána. Bhí sé ag tabhairt aghaidh ar ré eile ina shaol agus dóchas aige go raibh deireadh ag teacht leis an bhforéigean. Luaitear faillí i líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis mar easnamh amháin ar a thréimhse mar easpag, ach fuair sé ardmholadh ón bpobal freisin.
Ina dhiaidh sin, bhí sé bainteach le bunadh oispís an Fheabhail agus bhí sé ina shéiplíneach ansin go dtí anuraidh. Fear mór ceoil, ceoldrámaí agus geamaireachtaí ab ea é. Sular tharla Domhnach an Fola bhí sé gníomhach mar léiritheoir agus duaiseanna buaite aige. Bhí sé bainteach freisin le hobair fhorbartha agus iarrachtaí chun a dhul i ngleic le dífhostaíocht agus bochtanas san iarthuaisceart.
Is mar gheall ar Dhomhnach na Fola agus a obair ar son na síochána ina dhiaidh sin is fearr aithne air, áfach.
Ba mhór an faoiseamh dó breithiúnas an Tiarna Saville gur maraíodh 14 duine san éagóir Domhnach na Fola agus nach raibh siad armtha ná i mbun ionsaithe.
An lá sin i gCearnóg an Guildhall i nDoire in 2010 nuair a cluineadh Príomh-Aire na Breataine, David Cameron ag gabháil leithscéil, é ag rá go raibh na maruithe éagórach agus dochosanta, casadh an t-easpag Daly orm. Bhí deora áthais ina shúile agus aer faoina chois.
“Táim beannaithe gur mhaireas leis seo a chloisteáil – aitheantas oifigiúil, ar deireadh thiar thall go raibh Jackie Duddy agus na daoine eile neamhchiontach. Tá ualach dhá scór bliain bainte dem’ ghuaillí.”
Liam Mac Lochlainn
Fear uasal cróga a léirigh don saol cad is Críostaíocht ann.