Fine Gael i gcumhacht le fada agus a rian sin orthu

Tá Fine Gael i gcumhacht le ceithre bliana déag anois gan briseadh – níor tharla a leithéid riamh cheana 

Fine Gael i gcumhacht le fada agus a rian sin orthu

Roinnt míonna ó shin ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael d’iarr Leo Varadkar, a bhí ar tí dul ar ais isteach in oifig an Taoisigh, ar a chuid comhghleacaithe a rá go poiblí agus a luaithe agus ab fhéidir an mbeidís san iomaíocht sa gcéad olltoghchán eile.

De réir mar atá na laethanta ag dul thart tá duine nó daoine nua ag teacht chun cinn chuile lá lena fhógairt nach mbeidh siad san iomaíocht an bhliain seo chugainn.

Cé go bhfuil go dtí earrach na bliana 2025 go mbeidh sé cúig bliana ón olltoghchán deiridh, tá go samhradh 2025 i ndáiríre ag Leo Varadkar le toghchán a fhógairt mar nár bunaíodh aon rialtas go deireadh mhí Meithimh 2020 agus de réir an bhunreachta is ón uair go n-ainmnítear an Taoiseach a ritheann téarma an rialtais. Bíodh sin mar atá, glactar leis anois go bhfuil an rialtas ag díriú ar fhómhar na bliana seo chugainn don chéad olltoghchán eile. Mí Deireadh Fómhair atá á lua go rialta. Ní hin le rá nach bhféadfadh timpiste tarlú agus go gcaithfí toghchán a reáchtáil roimhe sin. Tá teannas idir na páirtithe agus níl móramh láidir acu níos mó.

Ach gach seans go mbeidh bliain go leith ag Fine Gael leis an méid atá ag tarlú dóibh faoi láthair a cheartú. Tá liosta le háireamh anois do Theachtaí nach mbeidh san iomaíocht an chéad uair eile – cairde agus dlúthchomhairleoirí le Varadkar ina measc. Tá a gcuid cúiseanna féin acu ar fad – cúinsí teaghlaigh (Joe McHugh agus Brendan Griffin), cúinsí sláinte (John Paul Phelan), poist mhealltacha nua (Michael D’Arcy agus Eoghan Murphy) agus blianta fada caite sa Dáil cheana féin (Richard Bruton). Cé nach bhfuil fógra oifigiúil déanta ag Bruton, tá sé á thuairisciú go forleathan an tseachtain seo nach mbeidh sé san iomaíocht an bhliain seo chugainn.

Tá Fine Gael i gcumhacht le ceithre bliana déag anois gan briseadh. Níor tharla a leithéid riamh cheana. Tá leadrán agus tuirse i measc an phobail leis an bpolaitíocht trí chéile agus de réir na bpobalbhreitheanna is ar Fhine Gael agus Fianna Fáil a íocfaidh siad a gcuid feirge an bhliain seo chugainn. Dá réir, tá polaiteoirí a bhfuil a ndóthain feicthe acu den saol polaitiúil ag éirí as. Cuidíonn sé go bhfuil pinsean flaithiúil i ndán dóibh.

Maíonn Varadkar go mbeidh Fine Gael iomaíoch sa gcéad olltoghchán eile, go mbeidh iarrthóirí nua acu agus go mbeidh idir deichniúr agus cúig dhuine dhéag de Theachtaí nua acu. Tá obair mhór le déanamh ag leibhéal an pháirtí as seo go ceann bliana lena leithéid a chur i gcrích.

Deirtear go minic gurb é leas páirtí seal a chaitheamh sa bhfreasúra tar éis blianta fada i rialtas. Meas tú nach bhfuil baint éigin aige sin le Teachtaí an pháirtí a bheith ag éirí as? Gur dóichí ná a mhalairt go gcuirfidh an pobal amach ar pinsean iad sa bhfómhar seo chugainn ar aon nós?

Fág freagra ar 'Fine Gael i gcumhacht le fada agus a rian sin orthu'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá Fine Gael i gcumhacht i bhfad ró fhada.
    Tá a lámha ar maos i bhFuil Leanaí neamhchiontach.
    Tá siad ar son gach rud atá i gcoinne Dlí Dé.

  • William

    “tá go samhradh 2025 i ndáiríre ag Leo Varadkar le toghchán a fhógairt mar nár bunaíodh aon rialtas go deireadh mhí Meithimh 2020 agus de réir an bhunreachta is ón uair go n-ainmnítear an Taoiseach a ritheann téarma an rialtais”.
    Ní fíor sin. De réir Airteagail 16.5 an bhunreachta, ceadaítear tréimhse seacht mbliana, “Ní bheidh de ré ag aon Dáil Éireann ach seacht mbliana ó lá a céad-tionóil: féadfar ré is giorra ná sin a shocrú le dlí.” Tá tréimhse níos giorra socraithe le dlí, i a. 33 den Acht um Thoghcháin 1992, nach leanfaidh Dáil ar bith ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana ó lá a céad-tionóil. Mar sin, an dáta is déanaí gur féidir leis an Taoiseach scoir a chur leis an 33ú Dáil ná 19 Feabhra 2025.