Filleann ‘Upfront’ ar bhunphrionsabail an chláir cainte cúrsaí reatha

Ní raibh aon drámatúlacht ná méaldráma sa chlár nua le Katie Hannon agus sin mar is fearr é

Filleann ‘Upfront’ ar bhunphrionsabail an chláir cainte cúrsaí reatha

Ar an Luan tugadh an clár cúrsaí reatha is déanaí ó cheárta RTÉ, Upfront, ar an bport. Sí Katie Hannon, an Ciarraíoch ábalta a bhfuil taithí na mblianta aici, atá suite sa chathaoir agus í ag teacht i gcomharbacht ar Claire Byrne.

Tá trua agam ar shlí do mheitheal an chláir seo óir go bhfuil an bhreis ina n-aghaidh is iad ag snámh in aghaidh easa. Tadhg an mhargaidh sa lucht féachana aige baile ag cnáimhseán go bhfuil na múnlaí seanchaite agus imithe chun leadráin. Deacair a shamhlú cad a shásódh na daoine seo. Nár tugadh íde na muc agus na madraí ar chlár Claire Byrne nuair a cuireadh Luke O’Neill i mbolgán plaisteach.

Filleann Upfront ar bhunphrionsabail an chláir cúrsaí reatha; sé sin tús áite a thabhairt don phlé agus don díospóireacht. Bhí seit taibhseach go maith againn agus na suíocháin bailithe timpeall i leathchiorcal, stíl a mheabhródh Questions and Answers agus Question Time don lucht féachana. Ós ag trácht ar bhunphrionsabail mé, bhí agus tá siad sna cláir sin go tréan.

Ní hiontas go bhfuil Question Time fós ar an aer tar éis breis agus daichead bliain agus go raibh leagan RTÉ de ar na aer ar feadh breis agus 20 bliain. Mar a deir an seanrá ná bain leis mura bhfuil sé briste. Ar chúis éigin thosnaíos ag cuimhneamh chomh maith ar an gclár plé a bhíodh ag Derek Davis anallód dar teideal Davis, slua beag daoine bailithe isteach sa stiúideo le plé sollúnta a dhéanamh ar ábhair thromchúiseacha.

Cúrsaí á stiúradh go heolgaiseach ag fear geanúil Chontae an Dúin. An pointe atáim ag iarraidh a dhéanamh go fadálach ná go mbraitheann mórán ar an láithreoir.

Tá a dintiúir go maith ag Hannon tar éis slacht a chur ar a ceird ar chláir amhail The Late Debate. Tá go leor brú uirthi anseo agus fios maith againn go mbeidh an daoscarshlua anuas sa mhullach uirthi ar Twitter má théann aon rud sa bhfraoch. Má bhí sí neirbhíseach ar an Luan ní raibh sin le feiscint. Thrácht sí ar scéalta mór na seachtaine sular chuir sí na haíonna (an t-iarAire Michael McDowell, an tAire Stáit Jennifer Carroll O’Neill, an Feisire Eorpach Matt Carty agus an t-iriseoir Siriach-Éireannach Razan Ibraheem) i láthair go muiníneach. Leathiarracht ar ghreann leis an drioball a cuireadh le gach cur in aithne: é mar sprioc ag Ibraheem feabhas a chur ar a tuin Éireannach agus ag meabhrú dúinn gur baisteadh Mr Smouldering ar Matt Carthy in 2014.

An dúshlán le carúil ghrinn gach seachtain ná go gcaithfidh siad a bheith greannmhar.

Tugadh aghaidh ar an anachain ar an bpointe agus ceist á cur fé srian a chur le líon na n-iarrthóirí tearmainn. Vae linn.

Meabhraíodh dúinn gur tréimhse eisceachtúil í seo le cogadh na hÚcráine fé bharr lasrach; 70,000 tagtha le tuairim is bliain anuas. Ibraheem ag cur abhaile orainn go bhfuilimid anois ag maireachtaint sa sráidbhaile domhanda agus go gcuireann eachtraí an domhain mhóir as do Bhaile Átha Cliath chomh maith le Damascus.

Sé nádúr an duine dul sa tóir ar shaol níos fearr dóibh féin agus dá gclann. Daoine sa lucht féachana ag gearán faoin “easpa cumarsáide” leis an bpobal.

Sa dara cuid den chlár tráchtadh ar théama leathghaolmhar; an ghéarchéim tithíochta. Daoine óga sáinnithe sa mbaile leis na seanphlandaí mar níl sé d’acmhainn acu tigh a cheannach.

Dhein Katie Hannon an plé a stiúradh go hábalta cé go raibh sé deacair uirthi cainteoirí an lucht féachana a cheansú ar uairibh.

Ní raibh aon drámatúlacht ná méaldráma sa chúram ar fad. Ní raibh aon chulaith ghaisce ann ná spleodar. Bhí sé sollúnta ach anamúil is teasaí ar uairibh.

Nach amhlaidh ba cheart do chláir mar seo a bheith?

Fág freagra ar 'Filleann ‘Upfront’ ar bhunphrionsabail an chláir cainte cúrsaí reatha'