Filleann taibhse ó stair na hÍsiltíre

Ar chuir rialtas na hÍsiltíre triúr sceimhlitheoirí chun báis sna 1970í? Tá cúiteamh á éileamh ag gaolta

Treinkaping_bij_De_Punt_-_929-2101

Ar feadh fiche lá in earrach na bliana 1977, níor tharraing muintir na hÍsiltíre aon anáil. Bhí dhá scór agus cúigear paisinéirí á gcoinneáil ina ngialla i dtraein i dtuaisceart na tíre. Ag an am céanna, bhí cúigear múinteoirí á gcoinneáil ina ngialla i mbunscoil fiche a cúig ciliméadar síos an bóthar. Dhá bhliain roimhe, i mí na Nollag 1975, fuair triúr gialla bás in eachtra den chineál céanna.

Ógánaigh de shliocht na nOileán Molacaíocha a bhí sna fuadaitheoirí; d’éiligh siad tacaíocht rialtas na hÍsiltíre ina n-iarrachtaí poblacht neamhspleách a bhunú sna hOileáin Mholacaíocha in oirthear na hIndinéise. Ba é an chaoi gur gheall rialtas na hÍsiltíre a leithéid dóibh nuair a bhain an Indinéis neamhspleáchas amach ón Ísiltír sa bhliain 1949.

Throid cuid mhór Molacaíoch ar thaobh na hÍsiltíre i gcogadh neamhspleáchais na hIndinéise; nuair a bhí sé sin thart, bhí ar tuairim is 12,500 duine de bhunadh na n-oileán teitheadh chun na hÍsiltíre, áit ar chaitheadar blianta fada i dtithíocht shealadach mhí-oiriúnach, ag fanacht ar réiteach nach dtiocfadh riamh.

Bhagair na fuadaitheoirí an traein, an bhunscoil agus na gialla ar fad a shéideadh san aer muna ngéillfeadh an rialtas dá n-éileamh cúnamh a thabhairt dóibh poblacht neamhspleách a bhunú in oirthear na hIndinéise.

Tar éis nach mór trí seachtaine de chainteanna idir na fuadaitheoirí agus na húdaráis, rinne aonad speisialta den arm ruathar ar an traein. Maraíodh beirt ghialla, agus seisear den naonúr fuadaitheoirí. Nuair a chualadar faoin ruathar ar an traein, ghéill an ceathrar fuadaitheoirí sa bhunscoil do na húdaráis.

Tháinig sé chun solais anuraidh gur scaoileadh 144 urchar san iomlán leis an seisear fuadaitheoirí a maraíodh in eachtra na traenach, rud a threisigh líomhaintí atá á ndéanamh le tamall de bhlianta anuas gur cuireadh roinnt de na fuadaitheoirí chun báis le linn an ruathair tar éis dóibh géilleadh do na fórsaí armtha. Dúirt dlíodóir ghaolta na marbh, Liesbeth Zegveld, leis an gcraoltóir náisiúnta NOS an tseachtain seo go bhfuil fianaise ann gurb é sin a tharla i gcás triúr fuadaitheoirí ar a laghad. Maíonn Zegveld freisin go bhfuil fianaise ann i gcás amháin go raibh teagmháil dhíreach idir béal gunna agus colainn duine de na fuadaitheoirí. Tá cúiteamh ón stát á lorg ag gaolta na marbh.

Ar feadh na mblianta, chaith na heachtraí fuadaithe scáil thar shaol mhuintir na nOileán Molacaíocha san Ísiltír mar a chaith feachtas buamála an IRA scáil thar shaol shliocht na hÉireann sa Bhreatain tráth. Is cinnte go n-osclóidh cás ghaolta na marbh i gcoinne an stáit créachtaí nár cneasadh riamh.

Fág freagra ar 'Filleann taibhse ó stair na hÍsiltíre'