Filleadh Sinn Féin ar na bunphrionsabail is bíodh siad ina bpáirtí réabhlóideach

Má fhanann Sinn Féin ag cur ina luí ar dhaoine gur leagan éadrom iad den chóras lofa reatha ní thiocfaidh aon bhua ina dtreo go deo

Filleadh Sinn Féin ar na bunphrionsabail is bíodh siad ina bpáirtí réabhlóideach

Cé go ndearna Sinn Féin téarnamh fiúntach ó thubaiste na dtoghchán áitiúil sa Samhradh níorbh leor an gaisce sin le páirtithe na teipe – Fianna Fáil is Fine Gael – a chur as oifig.

Tá ar a laghad cúig bliana eile romhainn agus tús áite ag lucht an rachmais is lucht na sainte seachas ag leas an phobail i gcoitinne. Cúig bliana eile de ghéarchéim tithíochta is sláinte, agus sa gcúlra, an bhagairt ar an múnla eacnamaíochta reatha nach bhfuil aon phlean B ag FF/FG ina taobh.

Tá ceist mhór roimh Shinn Féin anois, agus romhainn uilig atá ag lorg athrú a chuirfeadh saol compordach do chách ar fáil:

Cén ról atá le himirt ag Sinn Féin? An mbeidh siad ina bhfreasúra bríomhar ag tabhairt dúshlán don chóras mar atá, nó an mbeidh siad ag fanacht go dtí go mbeidh siadsan i gceannas ar an gcóras reatha céanna ach é leasaithe beagán?

Gan dabht ba í an éiginnteacht faoina leithéid a chuir isteach ar tharraingteacht an pháirtí do na vótóirí. Chaith siad an iomad ama agus an iomad dua ag iarraidh naimhdeas na meán is na Bunaíochta a mhaolú.

Ní féidir sin a dhéanamh ar ndóigh. Ní hiad na hathruithe a mholann siad ar pholasaithe tithíochta is sláinte is mó a chuireann na meáin ina gcoinne, ach a ndiongbháilteacht ar son Éire Athaontaithe a bhaint amach, agus, b’fhéidir, Éire go fírinneach neamhspleách agus i gceannas uirthi féin.

Ní oireann polasaithe sóisialta is eacnamaíochta Shinn Féin dóibh siúd a bhfuil úinéireacht acu ar na meáin.

I ndiaidh na dtoghchán áitiúil chinn Sinn féin go bhfillfidís ar na bunphrionsabail a seasann siad dóibh. Mar chuid de sin labhair siad níos dírí faoin gcaoi ar chóir inimirce agus cúrsaí dídine a riaradh, agus dhírigh siad aird ar an ualach míchuí a bhí á chur ar phobail na híosaicme i ngach aon ghné den stát.

Bhí téarnamh ann cinnte, ach ní raibh a ndóthain ama acu dul ar ais go dtí na hardfhigiúirí a bhí acu sna pobalbhreitheanna bliain ó shin.

Bhí sé spéisiúil ámh gur chaill Sinn Féin 5% den vóta a bhí acu in 2020 ach ní cosúil go ndeachaigh an vóta sin go dtí aon pháirtí eile. D’fhan siad sa mbaile, agus bhí sé sin le feiceáil i gceantracha lucht oibre a raibh an vótáil an-íseal iontu, agus ar fud an stáit an vótáil ab ísle ó 1923.

Dúshlán ann féin é sin, ach má fhilleann an páirtí go fírinneach ar na bunphrionsabail sin a luann siad tá an vótáil ann ag feitheamh leo.

Caithfidh siad a bheith ina bpáirtí freasúra, ina bpáirtí réabhlóide. Má chailleann siad an bhuntacaíocht – is tá cuid mhaith di sin caillte acu – ní haon mhaith an tacaíocht faoi choinníoll atá le fáil ón mheánaicme.

Maidir leis an aicme sin, tá an-bhuairt orthu i gcónaí maidir le tithíocht (agus cén chaoi ar féidir leo a gclann a chur as an teach agus saol dá gcuid féin a bheith acusan), ach bhí buairt eile orthu mar gheall ar éiginnteacht na heacnamaíochta.

Ní phléitear é, ach táa fhios ag an saol go bhfuil deireadh ag teacht leis an múnla eacnamaíochta sin atá ceangailte go huile is go hiomlán le hinfheistíocht ón iasacht (FDI). Níl aon phlean fiúntach ag FF/FG faoi sin ach an oiread, ach ceapaim go raibh leisce áirithe ar vótóirí ón mheánaicme mar gheall ar an imní faoina bhfuil i ndán dúinn má laghdaítear nó má imíonn an infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch [FDI] ar fad.

Tá taibhse Trump ag bagairt orainn.

I gcás Shinn Féin tá sé in am acu díospóireacht nua a thosú faoi seo, agus ceisteanna a ardú faoin Aontas Eorpach is a bhfuil i ndán dó i bhfianaise mhíréir na Fraince, cúlú eacnamaíochta na Gearmáine agus éiginnteacht eile san Iodáil.

Bhíodh argóint ag Sinn Féin tráth nach raibh siad i gcoinne comhoibriú eacnamaíochta ach go raibh siad i gcoinne ceannas na tíre ar fad a ghéilleadh d’eachtrannaigh maidir le geilleagar, le cúrsaí míleata, le dearcadh impiriúlaíoch ar an Tríú Domhan (nó an Domhan Theas mar a ghlaoitear air anois).

Ní thiocfaidh bua ina dtreo ar an toirt, ach má fhanann siad ag cur ina luí ar dhaoine gur leagan éadrom iad den chóras lofa reatha ní thiocfaidh aon bhua ina dtreo go deo.

Ba é Michael McDowell a dúirt, maidir leis an bPáirtí Daonlathach [PD], go gcaithfidís a bheith radacach nó iomarcach. I gcomhthéacs éagsúil, tá an chomhairle is an foláireamh céanna fíor faoi Shinn Féin.

Ní féidir fáil réidh leis an seanchóras má deir tú gur chóir é a choinneáil.

Sea, filleadh siad ar na bunphrionsabail is bíodh siad ina bpáirtí réabhlóideach ag iarraidh córas úrnua ar fad.

Fág freagra ar 'Filleadh Sinn Féin ar na bunphrionsabail is bíodh siad ina bpáirtí réabhlóideach'

  • Éamonn Ó Dochartaigh

    Aontaím leis an mhéid atá ráite ansin agat. Beidh gá leis an teanga cheart ar ndóigh, gan na capaill a scanradh. Tá ciall le bheith ceisteach fán Eoraip ach gan a bheith glan ina coinne.

  • Pádraig O'hEipicín

    Cad faoi Dia a thabhairt ar ais go h-Éireann.
    Tá an diabhal í gceannais faoi láthair.
    Faraor.