Filleadh Flannery…

Bhí deoch ag Enda Kenny agus a iarchomhairleoir Frank Flannery lena chéile. Comhrá a spreag caint, agus a spreagfaidh trioblóid, b’fhéidir, go luath.

FILE PIC 08/01/2015 Frank Flannery
Frank Flannery: Pictiúr: Photocall Ireland

Chonacthas an Taoiseach agus a chara Frank Flannery i dteannta a chéile le gairid sa Merrion, óstán atá suite trasna an bhóthair ó Thithe an Rialtais. Dhiúltaigh said araon focal a rá faoin gcruinniú, ach glactar leis go forleathan gur léir cad a phléadar: filleadh Flannery ar fhoireann Fhine Gael.

Tá an fhéidearthacht cáinte agus molta (féach thíos) cheana féin, ach is fiú an chontúirt don rialtas a chíoradh, chomh maith leis an deis sciúirseála atá ann don fhreasúra. A leithéid seo:

Má chastar duine de chomhairleoirí sinsearacha Fhine Gael ar dhuine de phríomhairleoirí fhorais a chuireann seirbhís thábhachtach ar fáil, cén dochar? Saothar fiúntach, caiteachas rialtais, beirt á phlé.

Ach más ionann an bheirt, is é sin le rá (1) comhairleoir Fhine Gael agus (2) comhairleoir Rehab, ní comhrá a bheadh ar bun ach féinmhachnamh.

D’íoc Rerhab €409,000 le Frank Flannery agus lena chomhlacht príobháideach Laragh Consulting idir 2007 agus 2013. Bhí dlúthbhaint ag Frank Flannery le Fine Gael mar chomhairleoir, mar stiúrthóir eagrais agus mar iontaobhaí go dtí gur éirigh sé as na cúraimí sin go léir i Márta 2013. Fuair Rehab deontas €80m ón rialtas anuraidh, agus tá an tslí inar caitheadh cuid de (ar thuarastail, mar shampla) á iniúchadh ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí le bliain.

Níl aon ábhar thuas ná san alt seo ar chóir an bhrí a bhaint as go raibh Frank Flannery freagrach as feall nó mí-iompar de shaghas ar bith. Mar sin fein, is léir ón alt thuas na fáthanna go raibh fonn ar bhaill an Choiste Frank Flannery agus iar-phríomhfheidhmeannach Rehab (tuarastal bhliantúil €240,000 go dtí gur éirigh sí as a post anuraidh) a cheistiú.

D’fhreastail Angela Kerins ar bhabhta ceistiúcháin amháin ach dhiúltaigh sí filleadh. Dhiúltaigh Frank Flannery freastal ar chruinniú ar bith den choiste.

Meastar go bpléifear cibé cúram atá á thairiscint ag Enda Kenny dá chara ag cruinniú parlamainte Fhine Gael Dé Céadaoin. Tá malairt tuairimí á nochtadh cheana féin.

Dúirt James Reilly go gcuirfeadh sé fáilte roimhe, mar gheall ar a shaothar breá roimhe seo. Ach dúirt Anthony Lawlor go dtarraingeodh filleadh Flannery aird ó shaothar an riltais agus gur chóir dó ceisteanna faoi chúrsaí Rehab a fhreagairt.

Glactar leis ar chaon taobh gur eagraí toghcháin den scoth é Frank Flannery. Ach beidh ar Enda Kenny praghas polaitiúil a íoc má iarann sé dul i mbun oibre dó arís.

FOCAL COMHBHRÓIN, I nDHÁ THEANGA

Shínigh an Taoiseach leabhar comhbhróin in Ambasáid na Fraince i mBaile Átha Cliath Dé hAoine. Seo a leanas, gan aon athrú, na briathra a scríobh sé i nGaeilge agus i bhFraincis:

Seasann muintir na hÉireann go tréan le muintir na Fraince as ucht an tragóid ufásach seo.

Aujourd’hui et toujours L’Irlande tient ferme avec la France.

Enda Kenny, Taoiseach

Bhí an dá theachtaireacht chomhbhróin líofa, cairdiúil agus oiriúnach.

Ach, dá mbeadh sé fós ina mhúinteoir, ní foláir a rá gur mar seo a thabharfadh Enda Kenny marcanna ar ar scríobh sé:

Gaeilge 9/10, Fraincis 10/10.

 

Fág freagra ar 'Filleadh Flannery…'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Ní bhíonn aon fhianaise go brách ann i dtaobh a meátar a bheith ar bun ag leithéidí an Fhlannabhraigh is a gceangal leis an ndrong re polaitíocht i gcumhacht. Ó thaobh Uí Chionnaith dhe ní gá ach féachaint ar an asal-umhlú sa ghruaimghraf thuas ar dheis chun a thuiscint cad é’n scéal age Éanna é!