Tá ómós á léiriú don fhile Brendan Kennelly a bhásaigh ag an deireadh seachtaine. Bhí sé 85 bliain d’aois.
Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, go raibh “dáimh ar leith” ag muintir na hÉireann le filíocht Kennelly.
Agus é ag tabhairt ómóis dá chara ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt an file Gabriel Fitzmaurice go raibh bealach nádúrtha ag Kennelly agus gurbh in a d’fhág go raibh an-chion ag daoine ar a chuid saothar.
“Bhí an common touch aige, mar a déarfá sa Bhéarla,” a dúirt Mac Muiris.
“Is féidir [a dhánta] a mheabhrú, fanann siad istigh sa mheabhair. Is mór an rud é sin.”
Rugadh Kennelly i mBéal Átha Longfoirt i gCiarraí i 1936 agus dúirt Fitzmaurice gur fhoghlaim sé ón traidisiún láidir filíochta a bhí sa bhaile agus i gCiarraí Thuaidh trí chéile. Bhí teach tábhairne i lár an bhaile ag athair Kennelly agus dúirt Mac Muiris gur “as na bailéid a chloiseadh sé ann” a d’fhás filíocht Kennelly.
Dúirt Fitzmaurice go raibh-suim ag Kennelly i gcúrsaí peile agus go gcumfadh sé dán nó amhrán aon uair go ndéanfadh foireann Bhéal Átha Longfoirt nó foireann Chiarraí gaisce ar pháirc na himeartha.
Peileadóir cumasach a bhí i Kennelly freisin agus é mar chuid d’fhoireann mhionúir Chiarraí a chaill cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Átha Cliath i 1953. Aimsíodh an cúl cinniúnach sa chluiche ó chic saor a thug Kennelly uaidh agus dúirt Fitzmaurice gur ghoill cinneadh an réiteora air go dtí lá a bháis.
“File, fathach, fealsúnaí agus fear léinn a bhí ann,” a dúirt Mac Muiris.
Cara leis ab ea Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a dúirt gur “cúis mhór bhróin” dó cloisteáil go bhfuair Kennelly bás.
“Bhain sé leas as an gcomhbhá, as an tuiscint agus as nochtadh áthas na dlúithe agus a chuid dánta á n-aithris aige i léirithe agus ag cruinnithe ar fud na hÉireann. Rinne sé amhlaidh lena mhealltacht ar leith, lena ghreann, lena chuid fuinnimh agus lena phaisean,” a dúirt an tUachtarán.
Dúirt Ó hUigínn gur spreag Kennelly iliomad filí óga a bhí go mór faoina chomaoin as an “gcomhairle mhacánta, chriticiúil agus chabhrach” a thug sé dóibh.
Tá bailiúchán saothar ollmhór, a chuimsíonn níos mó ná 30 cnuasach, foilsithe ag Kennelly agus chaith sé 30 bliain mar ollamh sa Bhéarla i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
D’fhógair muintir Kennelly inné gur bhásaigh sé i dteach altranais Áras Mhuire i Lios Tuathail. Maireann triúr dearthár, beirt deirféar agus garchlann leis.
Bhásaigh a iníon Doodle Kennelly níos luaithe i mbliana.
Fág freagra ar '‘File, fathach, fealsúnaí agus fear léínn’ – ómós tugtha do Brendan Kennelly agus é ar shlí na fírinne'