Figiúirí ar dalladh ag RTÉ Investigates agus na cúirteanna ina gcíor thuathail

An Chúirt Dúiche, ‘capall oibre’ an chórais dlí agus cirt, a bhí idir chamáin ar an gclár is déanaí ó RTÉ Investigates

Tháinig gála eile de RTÉ Investigates chugainn Dé Luain ar RTÉ1. Mar scéal thairis, bhíos féin, i ngan fhios dom féin, ag tabhairt ‘Prime Time Investigates’ air i gcónaí. Ní haon ionadh sin óir go raibh branda an-láidir ag an táirge úd go dtí gur chac sé ar uibheacha na hiriseoireachta dorn blianta ó shin agus gurbh éigean ainm nua a bhaisteadh ar imscrúduithe an stáisiúin.

An Chúirt Dúiche, ‘capall oibre’ an chórais dlí agus cirt, a bhí idir chamáin an babhta seo agus mura bhfuil rudaí ina gcíor thuathail agus ina gcocstí ní lá fós é.

Toghairmeacha cúirte ag imeacht sa bhfraoch, breithiúna ag teacht déanach, ‘bosca na mbocht’ á úsáid go míchuí, breitheanna/pionóis dhifriúla á ngearradh ó dhúthaigh go dúthaigh agus coireanna á ndéanamh acu siúd atá amuigh ar bannaí. ‘Organised chaos’ a thug an dlíodóir cáiliúil Frank Buttimer air. Oscailt súl a bhí ann ach níorbh aon ábhar mór iontais é ach an oiread. Ar uairibh taibhsíodh dom nach raibh ann ach figiúirí a charnadh leis an rud is léir don dall a léiriú seachas tochailt agus rómhar níos doimhne a dhéanamh.

Chuaigh meitheal an chláir ar camchuairt cúirteanna agus d’fhreastalaíodar ar tuairim is 100 suí cúirte in 24 cúirt dúiche ar fud na tíre. Ar an meán bhí 65 cosantóir os comhair na cúirte agus ar thrí lá faoi leith bhí breis agus 150 cás idir chamáin. Aon lá amháin bhí 185. Dúradh linn go ndéileálann gach breitheamh le tuairim is 5,000 cás coiriúil in aghaidh na bliana agus go mbeadh cásanna sibhialta agus rialála sa bhreis air sin arís.

Ní nach ionadh deineadh scéal mhadra na n-ocht gcos den toise Gaeilge den chúram. Pléadh an fothragadh a thosaigh Mihai Avadanei, an fear de bhunadh na Rómáine a gabhadh as a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil agus a throid an cás ar an mbonn nach raibh an blúirín páipéir ón meaisín dátheangach. Tá an cás os comhair na Cúirte Uachtaraí i gcónaí agus cac sleaidí ceart déanta den chúram. 800 cás curtha in aimhréidh. Cáipéis tugtha chun solais ag an gclár a chruthaigh go raibh sé curtha in iúl d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí go raibh neamhréir sa dlí ach gur ligeadh don rudaí titim chun siléige.

Ar ndóigh, ní raibh aon neamhréir sa dlí an chéad lá agus b’amhlaidh gur theip ar na Gardaí a ndualgais faoin Acht Tráchta a chur i bhfeidhm.

Bíonn dlíodóirí ar a gcroí díchill ag iarraidh ‘an lúb ar lár’ agus bealach éalaithe a aimsiú i gcónaí cé go ndéanann sin seó bóthair den chóras go minic.

Chaitheas gáire dóite a dhéanamh faoin útamáil a bhain le teorainneacha bhailte fearainn i Loch Garman. Pointe seiceála ar bhóthar a bhí ar an teorainn idir dhá bhaile agus carr stoptha ar thaobh/bhaile fearainn amháin ach an baile fearainn/taobh eile luaite sa cháipéisíocht.

Bhí figiúirí á radadh chugainn soir, siar agus iad ag imeacht sa bhfraoch orainn tar éis tamaill. Fiche a dó acht difriúil ag déileáil le dlíthe na mbóithre; iad cniotáilte ina chéile agus ag teacht salach ar a chéile. Acht bóthair amháin ag tagairt do mhíle acht/ionstraim dlí eile, an ‘Skibbereen Parking Temporary Rules 1969’ in measc. Bheadh seo greannmhar mura mbeadh rudaí chomh tromchúiseach sin.

Tháinig an magadh go leaba an dáiríre i dtreo dheireadh an chláir agus cás Zigimantas Gridziuska á chíoradh. Tugadh an fear céanna os comhair cúirte an iliomad babhtaí agus é á scaoileadh ar bannaí i rith an ama. Doras rothlach má bhí a leithéid riamh ann. Agus é amuigh ar bannaí, leag sé agus mharaigh sé, Shane O’Farrell in 2011. A mháthair ag caint go truacánta ar áiféis an chórais.

Éachtaint chuimsitheach, ach é tur ar uairibh, ar chóras atá in aimhréidh.

Ní ar éinne amháin atá an locht agus ní léir cén uair nó cén tslí a thiocfar ar réiteach.

Fág freagra ar 'Figiúirí ar dalladh ag RTÉ Investigates agus na cúirteanna ina gcíor thuathail'

  • Séamu3

    Caill an nath “is léir don dall”…níor cheart é a choinneáil a thuilleadh