Fidel Castro agus an Pápa Proinsias: beirt deachtóirí dea-mhéineacha

D’aithneofá ar an bpointe go raibh Fidel Castro agus an Pápa Proinsias ar a gcompord le chéile agus go bhfuil beagán den diabhlaíocht sa mbeirt acu

Fidel Castro agus an Pápa Proinsias: beirt deachtóirí dea-mhéineacha

Papa Castro

Ba spéisiúil an ní a bheith ag breathnú ar an teilifís an lá faoi dheireadh ar an gcomhrá a bhí idir Fidel Castro agus an Pápa Proinsias. D’aithneofá ar an bpointe go raibh siad ar a gcompord le chéile agus go bhfuil beagán den diabhlaíocht sa mbeirt acu, más féidir é sin a rá faoi Phápa beannaithe. Ní hiontas ar bith go dtuigfidís a chéile: beirt dheachtóirí iad, deachtóirí dea-mhéineacha ar fhaitíos na míthuisceana.

Toghlach an-bheag a thogh an Pápa Proinsias. Vótáil na milliúin do Fidel Castro, cé narbh é an ‘daonlathas’ é a shásódh tíortha an rachmais.

Bíodh sin mar atá, is beirt iad a bhfuil an-tionchar acu ar fud an domhain, go mór mór i measc na ndaoine atá faoi chois agus atá ag troid ar son a saoirse.

Fuair tráchtairi den eite dheis i Meiriceá an-sásamh ar an gcaoi ar chomhairligh an Pápa Proinsias do mhuintir Chúba gan a bheith ag brath ar idé-eolaíocht ach seirbhís a thabhairt do na daoine i gcónaí. “It was a subtle jab at the communist system,” a dúirt Fox News. Rinne siad dearmad glan ar óráid a thug sé sa Vatacáin arú anuraidh nuair a chuir sé an chomhairle chéanna ar na Caitlicigh. Rud a thuigfeadh an tAspal Eoin, a dúirt sé.

Bheadh an t-eolas sin ag Fidel Castro agus chuirfeadh sé suim sa gcaint. Íosánach é an Pápa Proinsias agus is iad na hÍosanaigh a mhúin Castro. Níl dream ar bith níos fearr le rud a mhíniú ná na hÍosanaigh agus níl dream is cliste ná iad ach an oiread le teagasc a chur i bhfolach i ráiteas. Ní de thaisme atá an focal ‘Jesuitical’ i mBéarla.

Ní raibh an caidreamh chomh maith idir Fidel Castro agus na Pápaí roimhe seo. Cléir Spáinneach is mó a bhí i gCúba agus, mar ba mhinic le heaspaig, ar thaobh lucht an tsaibhris is mó a bhí siad. Bhí ar Chastro cuid acu a chur i bpríosún nuair a d’ionsaigh fórsaí Mheiriceá Cúba ag an Bahía de Chochinos (Bay of Pigs) i 1961. Bhí cuid de na heaspaig i gcomhcheilg leis an CIA ag an am.

Mura bhfuil dul amú orm, rinne rialtas Cheanada casaoid le Castro faoi ghabháil na n-easpag agus scaoil sé saor aríst iad. Sílim go raibh sin ar cheann de na cúiseanna ar choinnigh Ceanada ceangal taidhleoireachta le Cúba na blianta sin. Ní dhearna ach tír amháin eile é ag an am, Meicsiceo.

Ós ag caint ar an Bay of Pigs é, níl a fhios agam an bhfuil siad ag díol gainimh den trá sin i gcónaí leis na turasóirí mar a bhídís a dhéanamh nuair a bhí muid féin ann roinnt mhaith blianta ó shin. Dollar an máilín a bhí siad a fháil air. ‘Sticks for the Reek’ lá Chruach Phádraic a chuirfeadh sé i gcuimhne dhuit. Mura bhfuil ag Dia, is gearr go gceannóidh comhlacht mór Meiriceánach eicínt an gaineamh ar fad, mura bhfuil sé ceannaithe cheana féin ag Denis O’Brien!

Le linn dúinn a bheith i Havana, bhí bean ag cur síos dúinn ar an am a raibh Castro agus a chuid treallchogaithe ag troid sna sléibhte in aghaidh rialtas Fulgencio Batista. Dúradh leo go raibh Fidel marbh agus chreid siad i dtosach é. Ach tháinig scéal eile ansin go raibh sé beo agus ní raibh cur síos ar bith ar an áthas a bhí orthu, a dúirt sí. Ní raibh sé i bhfad aríst go raibh an lámh in uachtar faighte ag Castro agus Batista ar a theitheadh go Miami.

Go caithréimeach a rinne arm na saoirse a mbealach aníos tríd an tír go Havana. Ag dul trí bhaile áirithe dóibh, rith seanbhean i dtreo Fidel agus na deora áthais léi. Bhuail sí barróg air agus phóg sí é. Ansin tharraing sí scaball beannaithe as a póca agus chuir sí faoina mhuineál é.

D’fhág Castro air an scaball an bealach ar fad go ceann scríbe agus le linn an cheiliúrtha sa bpríomhchathair.

Bhí iontas ar a chomrádaithe faoi seo.

“An té nach dtuigeann an tseanbhean sin,” a dúirt Castro, “ní thuigeann sé Cúba.”

Seans maith go raibh sé ag cuimhniú ar a mháthair, bean dhiaganta de réir gach tuairisce.

Fág freagra ar 'Fidel Castro agus an Pápa Proinsias: beirt deachtóirí dea-mhéineacha'