Fiántas is éigiall ach gan mórán téagair in Babylon

Is breá le Hollywood a bheith ag déanamh marana air féin agus ní aimsíonn an saothar ainrialta seo an sprioc

Fiántas is éigiall ach gan mórán téagair in Babylon

Babylon
Stiúrthóir:
Damien Chazelle
Cliar: Diego Calva, Margot Robbie, Brad Pitt, Jovan Adepo, Jean Smart, Tobey Maguire

Ag tosach an scannáin seo deir an scríbhneoireacht ar scáileán linn go bhfuilimid in Bel Air, Hollywood na bliana 1926. Is fada ó ghalántacht Hollywood sinn, áfach agus ár bpríomhcharachtar Manuel “Manny” Torres (Calva) ag iarraidh eilifint a thabhairt tríd an bhfásach suas cnoc chuig tigh galánta aonair mar a mbeidh cóisir an oíche sin. Agus iad ag baint barr an chnoic amach ar éigean cacann an eilifint ar an láimhseálaí. Díreach in dhiaidh sin cuirtear an chóisir os ár gcomhair. Ainmheasarthacht, ainriantacht, drabhlás, ragairne, drugaí, bualadh craicinn, daoine ag mún ar a chéile agus ag crústáil a chéile. Níos faide anonn címid fear ag ithe francaigh, goineog nathair nimhe ag dul sáite i muineál duine de na príomhcharachtair agus an duine céanna ag teilg-urlacan isteach san aghaidh ar charachtar eile. Sin agaibh Hollywood na mblianta luatha; tionscal ag teacht chun coinlíochta le fiántas agus ar nós cuma liom

Tá ré na saothar ciúin in airde láin agus cuid mhaith den tionscal bogtha chuige California le leas a bhaint as an dea-aimsir. Tá súile Manny ar leathadh agus é ag iarraidh a bheith páirteach sa tionscal fiáin seo. Bean óg í Nellie LaRoy (Robbie) atá ag iarraidh a bheith ina réalta; aisteoir cumasach, álainn í. I radharc amháin iarrtar uirthi canathaobh a bhfuil sé chomh fuirste di caoineadh is í ag aisteoireacht. “Ní gá dom ach cuimhneamh ar an mbaile,” a deir sí go seanbhlastúil, truacánta. An tríú príomhcharachtar ná an réalta aisteoireachta Jack Conrad (Pitt); fear a chaitheann a shaol ag imeacht ó scannán amháin go ceann eile, ó dheoch amháin go dtí an chéad cheann eile agus ó bhean chéile amháin go dtí an chéad bhean chéile eile.

I radharc cuidsúlach, amháin címid scannáin á ndéanamh sa bhfásach. A leithéid d’fhiántas. Thitfeadh oifigeach sláinte agus sábháilteachta i laige. Capaill, ceamaraí, seiteanna agus daoine ag titim i ngabhal a chéile. Faoi am lóin tá sleá imithe trí dhuine de na haisteoirí breise. Nach cuma san, vae linn arís.

I radharc níos faide anonn címid an t-athrú chuig na talkies á léiriú dúinn go paiteanta. An lucht scannán céanna anois sáinnithe istigh i stáitse taifeadta agus iad ciaptha cráite ag na riachtanais chiúnais. Ní go rómhaith a thugann gach duine faoin athrú saoil. Radharcanna iad seo atá lán le greann, rancás agus áiféis. Léirítear dúinn chomh maith go bhfuil athrú meoin ag tarlú chomh maith agus níl an glacadh céanna leis an saol drabhlásach, ainrianta.

Is breá le tionscal scannán Hollywood a bheith ag déanamh marana air féin. Ar uairibh déanann an saothar iarracht téamaí níos sollúnta a chíoradh, an ciníochas i leith an cheoltóra den chine dubh Sidney Palmer (Adepo) ach is go cuibheasach a éiríonn leis na hiarrachtaí seo. Ní raibh aon dealramh leis an montáis de radharcanna scannáin ag an deireadh. Tugann Robbie agus Pitt taispeántais iontacha uathu mar is dual dóibh. An seanfhondúir i ról an rógaire agus an tAstrálach ag tabhairt léi an charachtair neamhbhuartha cráite go cumasach.

Saothar mórthaibhseach, éigiallta atá anseo. Ní bheadh an goile ag cách dó.

Fág freagra ar 'Fiántas is éigiall ach gan mórán téagair in Babylon'