Fianna na Brasaíle

Ní buíonta óglach iad ‘fianna’ na Brasaíle ach buíonta stócach a thugann dúshlán na sochaí lena dtóineanna. Nó ar óglaigh iad tar éis an tsaoil?

IMG_0636

Agus mé ag siúl go dtí an t-ionad aclaíochta an lá cheana, tharla mé ar radharc neamhghnách. I stráice láir cheann de na bóithre is gnóthaí sa chathair mar a bhfuil cónaí orm, Salvador, bhí scaifte stócach ag damhsa ar bhealach… cén chaoi a gcuirfidh mé seo ar bhealach múinte… a tharraing aird an phobail.

Ach fan. Cén fáth an cúram seo le sofhriotal? An ormsa an dualgas léitheoirí Tuairisc.ie a chosaint ar chúrsaí an tsaoil? Nó an amhlaidh gur instinn féinchinsearachta atá anseo? Is maith is cuimhin liom céard a tharla an uair dheireanach gur luadh scríbhneoir Gaeilge agus buachaillí in aois mheánscoile thar lear san aon anáil amháin.

Ach cén bhaint atá ag an scéal sin leis an scéal seo?Bhí na leaids seo ag luascadh a dtóineanna in áit thar a bheith poiblí: i lár an bhóthair. Cén fáth nach scríobhfainn faoina bhfaca mé?

Agus á luascadh a bhíodar. Ní ó thaobh go taobh ach suas síos, ar luas lasrach, ar bhealach nár fhág a dhath don tsamhlaíocht: ba léir don dall gur gnéas anasach a bhí á léiriú. Bhí céimeanna damhsa eile ag baint leis an gcóiréagrafaíocht freisin, ach ba é creathadh na dtóineanna croílár an taispeántais.

Anois croílár na ceiste: aois na mbuachaillí seo. Thomhaisfinn gur idir ceithre bliana déag agus seacht mbliana déag a bhíodar. Óg go leor le go bhfágfadh a gcur i láthair mé féin agus na daoine eile a bhí ag dul thar bhráid ar ár míshuaimhneas.

Agus measaim gurb é sin go díreach an aidhm a bhí ag na leaids: ár ndúshlán, dúshlán na sochaí, a thabhairt.

Viadinhos’, nó ‘fianna beaga’, a thugtar sa Bhrasaíl ar bhuachaillí óga aeracha den chineál atá le feiceáil sa ghrianghraf. Samhlaítear an fia leis an duine aerach éighníomhach i bPortaingéilis na Brasaíle toisc go ndéantar an t-ainmhí sin a sheilg agus toisc go bhfuil tóin fheiceálach aige.

Tarlaíonn go bhfuil an t-iolra céanna ag na focail ‘fia’ agus ‘fiann’ i nGaeilge ach is maith a thuigim gurb é an dara ceann seachas an chéad cheann a shamhlaítear le buíon óglach Fionn mac Cumhail. Tarlaíonn, áfach, gur nós le ‘viadinhos’ na Brasaíle dul timpeall ina mbuíonta: mar a bheadh fiann-a iontu.

Tá cúis leis sin: sábháilteacht. Tá paradacs aisteach ag baint leis an mBrasaíl. Rud ar bith is féidir a rá faoin tír, bíonn a mhalairt fíor freisin. Tír í a mbíonn gnéasacht an duine á léiriú ar bhealach an-fheiceálach, an-phoiblí ann go minic, ach is tír thar a bheith cúisiúil, mhorálta í ag an am céanna.

Tír í a dtagann go leor daoine aeracha amach as an gcófra ann ag aois an-óg, i lár na ndéaga, ach tír í freisin ina ndúnmharaítear duine aerach in aghaidh an lae de bharr a c(h)laonadh gnéis.

‘Táimid ann. Táimid ag teacht in inmhe. Féachaigí ár dtóineacha breátha! Bíodh meas agaibh orainn!’ Sin í an teachtaireacht a bhí ag na stócaigh seo i lár an bhóthair don saol mór. 

Buíon óglach iad gan dabht, fiann na bhfianna beaga.

Fág freagra ar 'Fianna na Brasaíle'

  • Fearn

    Fleascaigh aeracha na Brasaíle ag caitheamh a dtóna. Cé a chreidfeadh é? :-)