Fianna Fáil le leasú a mholadh sa Dáil i dtaobh reachtaíocht a bhaineann le polasaithe iontrála Gaelscoileanna

Deir Cearta Oideachais go bhfuil an leasú atá molta ag an Rialtas chun cosaint a thabhairt do Ghaelscoileanna lochtach

Fianna Fáil le leasú a mholadh sa Dáil i dtaobh reachtaíocht a bhaineann le polasaithe iontrála Gaelscoileanna

Tá sé i gceist ag Fianna Fáil leasú a mholadh sa Dáil an tseachtain seo chugainn ar an dréachtreachtaíocht a bhfuil fúithi cosaint a thabhairt do cheart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais Gaeilge.

Ghlac an Rialtas an mhí seo caite le leasú ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 ar mhaithe le cosaint a thabhairt do chearta Gaelscoileanna tús áite a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí atá á dtógaint le Gaeilge.

Agus an leasú á fhógairt aige, dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton nach mbeadh sé inmholta ó thaobh polasaí de cosc a chur ar dhaltaí atá líofa sa Ghaeilge leanúint lena n-oideachas trí Ghaeilge.

Ach deir Cearta Oideachais, an brúghrúpa tuismitheoirí a chuir feachtas ar bun chun go ndéanfaí leasú ar an mBille, go bhfuil leasú an Rialtais lochtach.

Tá a leasú féin molta ag Cearta Oideachais in áit fhoclaíocht an Rialtais agus tacaíocht faighte ag an mbrúghrúpa ó Fhianna Fáil dá mholadh.

Is é urlabhraí oideachais Fhianna Fáil Thomas Byrne a chuirfidh an leasú síos le linn chéim na tuarascála den Bhille sa Dáil an tseachtain seo chugainn.

De réir fhoclaíocht an Rialtais bheadh cead ag scoileanna “to prioritise the admission of a student where the school is satisfied that the student has attained a reasonable level of fluency in the Irish language and that the said fluency would be likely to regress were the student not admitted to an Irish language school.”

Dar le Cearta Oideachais go bhfuil an fhoclaíocht sin doiléir agus gurbh amhlaidh go mbeadh sé an-deacair ag scoileanna feidhm a thabhairt di. Dúirt an Dr Ríona Ní Fhríghil, léachtóir i Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh  agus ball de Chearta Oideachais go bhfuil leasú an rialtais lochtach.

‘Tá leasú an rialtais an-difriúil ón leasú a fuair tacaíocht traspháirtí ag Céim an Choiste den Bhille.  Tá an fhoclaíocht doiléir agus is cinnte, leis an bhfoclaíocht seo, go mbeidh roinnt páistí atá á dtógáil le Gaeilge nach bhfaighidh áiteanna i nGaelscoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu. 

“Is cinnte freisin dá bharr sin go mbeidh roinnt páistí atá á dtógáil le Gaeilge a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nach bhfaighidh áiteanna i nGaelscoileanna.”

Dúirt Colmán Ó Drisceoil, príomhoide Gaelscoile agus ball de Chearta Oideachais go mbeadh sé “an-deacair” leasú an Rialtais a chur i bhfeidhm.

“Faoi mholtaí an rialtais beidh orainn meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán Gaeilge na scórtha páistí réamhscoile nach bhfuil á dtógáil le Gaeilge.  Beidh ualach mór oibre i gceist do scoileanna. 

“Agus toisc doiléire faoin gcaighdeán Gaeilge atá leagtha amach, tá imní orainn go mbeidh achomhairc agus cásanna cúirte fiú mar thoradh air.  An baol atá ann ná go roghnóidh scoileanna gan an trioblóid seo a tharraingt orthu féin agus gan an fhoráil a úsáid ar chor ar bith,” a dúirt Colmán Ó Drisceoil.

Tá súil ag Cearta Oideachais tacaíocht a fháil chomh maith ó Shinn Féin don leasú atá molta acu mar mhalairt ar leasú an Rialtais.

Ba ar an suíomh seo a tuairiscíodh i dtosach go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ag an reachtaíocht nua oideachais do scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mura ndéanfaí an reachtaíocht sin a leasú.

Fág freagra ar 'Fianna Fáil le leasú a mholadh sa Dáil i dtaobh reachtaíocht a bhaineann le polasaithe iontrála Gaelscoileanna'