Fianna Fáil chun tosaigh le polasaí i dtaobh daoine ar tiarnaí talún de thimpiste iad

D’fhéadfadh Fianna Fáil buntáiste a bhaint as a gcinneadh aird a dhíriú orthu siúd a cheannaigh teach nó árasán le cónaí ann, ach ar gá dóibh anois na tithe sin a ligean ar cíos

A TERRACE OF GEORGIAN HOUSES FITZWILLIAM SQUARE IN DUBLIN. 1998 Photo: RollingNews.ie

Ní fada uainn an toghchán anois, agus tá Fianna Fáil i ndiaidh tosach a bhaint de na páirtithe eile le polasaí úr i dtaobh daoine ar tiarnaí talún de thimpiste iad.

Scéal mór don toghchán, ar ndóigh, is ea fadhb na tithíochta. Níl a dhóthain tithe ná árasán ar fáil, ní féidir morgáistí a fháil gan stró agus tá géarghá le breis tithíochta sóisialta – is ar éigean a thóg na húdaráis áitiúla aon teach le blianta fada anuas.

Ní hé gurb iad na daoine gan dídean is díograisí ag caitheamh vóta, ach tagann a ngaolta, agus gaolta daoine atá i mbaol a dtithe a chailliúint, amach lá an toghcháin.

Ach tá Fianna Fail ag díriú a n-aird anois orthu siúd a cheannaigh teach nó árasán le cónaí ann, ach ar gá dóibh anois na tithe sin a ligean ar cíos.

I gcásanna áirithe bhí ar dhaoine bogadh go dtí baile eile mar go bhfuair siad post ann; i gcásanna eile tháinig laghdú ar a gcuid teacht isteach agus níorbh fhéidir leo fanacht sa teach a cheannaigh siad. Mar gheall ar an luach na dtithe a dhul i laghad, bíonn cothromas diúltach i gceist go minic agus ní feidir le daoine a dtithe a dhíol dá bharr.

Ní raibh sé ar intinn ag na daoine seo bheith ina dtiarnaí talún ach níl an dara rogha acu ach a dtithe a ligean ar cíos – ag súil le go mbeidh siad in ann cuid den chostas a chlúdach leis an gcíos.

Tiarnaí talún timpisteacha, a thugann Fianna Fáil ar an dream seo.

I ráiteas a d’eisigh an páirtí tar éis na Nollag, deir siad go gcuireann na rialacha atá ann faoi láthair isteach go mór ar an dream seo: táillí ar nós cánach ar ioncaim, an muirear sóisialta uilíoch, cáin áitiúil ar mhaoin, árachas sóisialta agus táillí don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha, is ar uile.

Go minic, ní hamháin nach féidir leis na daoine sna cásanna seo a gcuid costaisí a ghlanadh, ach cailleann siad airgead, go háirithe má bhíonn orthu teach nó árasán eile a fháil ar cíos dóibh féin.

Creideann Fianna Fáil gur cheart idirdhealú a dhéanamh idir daoine a cheannaigh teach mar infheistíocht agus iad siúd a cheannaigh príomháit chónaithe. Maíonn siad gur chóir faoiseamh ar leith a chur ar fáil do na ‘gnáthdaoine’. Cheana féin, deir siad, tá cead ag daoine seomra a ligean ar cíos agus suas le €12,000 sa bhliain saor ó cháin a thuilleamh uaidh.

Is é an faoiseamh nua a mholann siad ná go mbeadh cead ag daoine an costas a bhaineann le teach eile a fháil ar cíos (nó an seomra i dteach eile) a úsáid mar chostas i gcoinne an teacht isteach a fhaigheann siad féin ó chíos.

Bheadh an faoiseamh seo ar fáil dóibh siúd a cheannaigh teach nó árasán mar phríomháit chónaithe idir 2000 agus 2009 ach arbh éigean dóibh imeacht as agus teach eile a fháil ar cíos. Mhairfeadh an faoiseamh seo ar feadh tréimhse trí bliana.

Go praiticiúil, maíonn siad, ní bheadh aon chíos, nó bheadh cíos laghdaithe, le híoc acu ansin ar a dtithe féin.

Fágtar roinnt daoine ar lár sa scéim seo, áfach. Mar shampla, tá a lán daoine nach raibh in ann a gcuid morgáistí a íoc de bharr gur chaill siad a jab nó gur laghdaíodh a dtuarastal; agus bhog siad ar ais isteach lena dtuismitheóirí.

Tarlaíonn a leithéid go minic nuair a scoilteann lánúin agus fágtar na daoine seo i bhfiacha, gan deis acu tosú arís as an nua.

Ní chabhródh scéim Fhianna Fáil le daoine sa gcás seo, ach bheadh faoiseamh áirithe acu toisc go mbeidís in ann cíos ‘barúlach’ a íoc lena dtuismitheóirí ar bhealach nach gcuirfeadh isteach ar a gcearta siúd ar an bpinsean slándála sóisialaí.

Deir Fianna Fáil go gcosnódh an scéim atá molta acu €27 milliún in aghaidh na bliana agus go gcabhródh sé le 20,000 duine.

Ní hí an fhadhb seo, ar ndóigh, an fhadhb is tromchúisí atá ann maidir le cúrsaí tithíochta, ach tá an-chuid vótóirí buartha faoi dhaoine atá i gcruachás agus nach orthusan atá an locht.

I mBaile Átha Cliath, ach go háirithe – ceantar nach bhfuil mórán bisigh tagtha ar thacaíocht Fhianna Fáil ón olltoghchán deireanach – tá an fhadhb seo go mór i mbéal an phobail.

Ach cé go bhfuil Fianna Fáil chun tosaigh ag tarraingt airde ar an ngné seo den fhadhb, ní dócha go mbeidh na páirtithe eile – go háirithe páirtithe eile an fhreasúra – mórán taobh thiar díobh sa bpolasaí seo.