Fianna Fáil chun cinn agus borradh faoi Shinn Féin de réir na chéad pobalbhreithe ó thús an fheachtais

D'fhógair an Irish Times tráthnóna torthaí na chéad pobalbhreithe a rinneadh ó fógraíodh an toghchán an tseachtain seo caite

Fianna Fáil chun cinn agus borradh faoi Shinn Féin de réir na chéad pobalbhreithe ó thús an fheachtais

Tá Fianna Fáil chun cinn agus tá borradh mór faoi Shinn Féin de réir na chéad pobalbhreithe ó fógraíodh Olltoghchán 2020.

De réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos MRBI don Irish Times, bhí 25% ag Fianna Fáil, 23% ag Fine Gael agus 21% ag Sinn Féin. 8% a bhí ag Comhaontas Glas, 5% ag Páirtí an Lucht Oibre agus 18% a bhí ag neamhspleáigh agus mionpháirtithe.

Údar faoisimh áirithe a bheidh sna torthaí d’Fhine Gael i ndiaidh do phobalbhreith sa Sunday Times a thabhairt le fios go raibh Fianna Fáil go rábach chun cinn orthu díreach roimh thús an fheachtais, ach drochscéal eile a bhí ann do Leo Varadkar agus an Rialtas.

Údar mór sásaimh a bheidh ann do Shinn Féin agus an chuma ar an scéal go bhfuil na deacrachtaí a bhí acu le tamall curtha díobh acu.

Seo an chéad phobalbhreith a rinneadh ó fógraíodh an toghchán agus reáchtáladh í idir an Déardaoin agus an Satharn seo caite.

Ar na scéalta is mó a bhí i mbéal an phobail sna laethanta sin bhí cúrsaí tithíochta agus an chonspóid faoin bhfear gan dídean a gortaíodh nuair a crochadh chun siúil an puball ina raibh sé ina chónaí taobh na Canálach Móire i mBaile Átha Cliath.

Bhí dúnmharú brúidiúil an ógánaigh Keane Mulready-Woods agus ceist na coiriúlachta agus na ndrugaí go mór i mbéal an phobail chomh maith.


Fianna Fáil: 25% (-)

Fine Gael: 23% (-6)

Sinn Féin: 21% (+7)

Comhaontas Glas: 8% (-)

Páirtí an Lucht Oibre: 5% (-1)

Neamhspleáigh agus eile: 18% (-)


Tá trí mhí ann ó rinne an Irish Times a macsamhail de phobalbhreith. Fine Gael a bhí sa chéad áit an uair sin le 29%, bhí Fianna Fáil ar 25% agus bhí 14% ag Sinn Féin. 6% a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre agus 8% a bhí ag Comhaontas Glas.

Léirigh pobalbhreith sa Sunday Times ag an deireadh seachtaine go raibh rith an ráis le Fianna Fáil díreach roimh thús an fheachtais, tráth a raibh an chonspóid faoi chomóradh an RIC in airde déine.

Bhí Fianna Fáil 12 pointe céatadáin chun cinn ar Fhine Gael sa phobalbhreith sin, 32% in aghaidh 20%, agus ní raibh Fine Gael ach pointe amháin chun cinn ar Shinn Féin, a raibh 19% acu.

Dúirt Sinn Féin gur mó an éagóir fós é ag RTÉ i bhfianaise thorthaí na pobalbhreithe sin díospóireacht a reáchtáil gan a gceannaire féin, Mary Lou McDonald, a bheith páirteach inti.

Bhí suim mhór ag daoine sa phobalbhreith is déanaí seo ón Irish Times go háirithe féachaint an mairfeadh lorg chonspóid an RIC nó arbh amhlaidh gur seanscéal anois é go raibh sé i gceist ag an Rialtas comóradh stáit a dhéanamh ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, ach seans gurb é aiséirí Shinn Féin an t-ábhar mór ina diaidh.

Fág freagra ar 'Fianna Fáil chun cinn agus borradh faoi Shinn Féin de réir na chéad pobalbhreithe ó thús an fheachtais'