Fianna Fáil ar ais ar a seanléim i gConamara?

Tá seans ag Fianna Fáil a bheith ar an bpáirtí is mó in iarthar na Gaillimhe Dé hAoine seo chugainn

Fianna Fáil ar ais ar a seanléim i gConamara?

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá seans ag Fianna Fáil an tseanmháistreacht a bhíodh acu in iarthar na Gaillimhe a fháil ar ais sa gComhairle Contae aríst Dé hAoine seo chugainn.  Ach níor mhór dóibh ruainne maith den ádh a bheith orthu leis an mbeart sin a dhéanamh. 

Tá naoi suíochán idir an dá thoghcheantar taobh thiar den Choirib an iarraidh seo; cúig cinn i gConamara Theas agus ceithre cinn i gConamara Thuaidh.

Dhá thoghcheantar nua iad seo.  Bhíodh toghcheantar amháin taobh thiar den Choirib le deich mbliana.  Naoi gcinn de shuíocháin a bhí ansin – trí cinn ag Fianna Fáil, dhá shuíochán ag Fine Gael, suíochán amháin ag Sinn Féin agus trí shuíochán ag neamhspleáigh.  (Cé go gcaithfí an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin as Bearna a chomhaireamh mar neamhspleách, sa saol oifigiúil baineann sé le Sinn Féin Poblachtach.)

Tugann an roinnt atá déanta ar an taobh tíre taobh thiar de Ghaillimh seans níos fearr d’Fhianna Fáil ar mhóramh na suíochán a thabhairt leo anois.

Chaithfí a bheith muiníneach go gcoinneodh an páirtí dhá shuíochán i gConamara Theas.   Tarlaíonn sé freisin go bhfuil ionaid na n-iarrthóirí roinnte amach go maith agus go bhfuil ceathrar acu ann.  Triúr iarrthóirí a bhí molta ag Ard-Oifig Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath ach tugadh a ndúshlán go láidir i measc lucht an pháirtí i gConamara. 

Ba cheart  go mbeadh an Comhairleoir Noel Thomas as ceantar Mhaigh Cuilinn in ann a dhóthain vótaí a chruinniú isteach chuige féin thart ar a phobal dúchais agus siar leis an gCoirib agus a thabharfadh suíochán dó.  D’fhéadfadh sé, áfach, go dteastódh slám aistriúchán uaidh.  Thabharfá ar an leabhar go bhfuil suíochán amháin, ar a laghad, idir Dáithí Ó Cualáin i gCois Fharraige agus a Máirtín Ó Laoi i gCeantar na nOileán.  Anois an féidir leo beirt a theacht go ceann scribe?

Tuigtear  go bhfuil Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Seán Ó Tuairisg, nach bhfuil ag seasamh an turas seo, ag cuidiú leis an gCualánach agus sin buntáiste.  Ceaptar freisin go bhfuil an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív báúil leis.  Tá ceantar mór daonra aige agus má thiteann Macdara Hosty as Bearna – iarrthóir eile de chuid Fhianna Fáil – as an iomaíocht, bheadh riar aistriúchán ag teacht anoir uaidh. 

Bhíothas an-díomách i gceantar na Ceathrún Rua agus na nOileán in 2014 nár éirigh leo suíochán a fháil ar an gComhairle Contae.  Cinnte seo é a dheis ag Máirtín Ó Laoi.  Bhí sé gar dó cheana ach bhí an Comhairleoir Séamus Breathnach  (Fianna Fáil as Uachtar Ard) ag tabhairt vótaí leis as an gCeathrú Rua.  Tá Breathnach i  gConamara Thuaidh an iarraidh seo.

Kevin O’Hara as Sinn Féin atá ar an tairseach in éadan Mháirtín Lee anois. Ach níl an fuadar céanna faoi Shinn Féin agus a bhí cúig bliana ó shin – go háitiúil ná ar fud na tíre.    

Seans níos fearr ná 50/50 mar sin ag Fianna Fáil ar thrí shuíochán a fháil i gConamara Theas.

D’fhágfadh sin suíochán ag Tomás Ó Curraoin agus ag duine d’iarrthóirí Fhine Gael – Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire nó Ann Flaherty.

I gConamara Thuaidh ceaptar go bhfuil cuid mhaith den toradh soiléir sula gcaitear vóta ar bith.  Suíocháin luath go maith sa gcomhaireamh  ag Thomas Welby (Neamhspleách) as Uachtar Ard agus ag Eileen Mannion (Fine Gael) sa gClochán.  B’údar iontais freisin é nach mbeadh an Comhairleoir Séamas Breathnach (Fianna Fáil) as Uachtar Ard ag cruinniú chuige féin go láidir agus ag fáil an tríú suíochán.  An cheist d’Fhianna Fáil, an bhfuil Gerry King as Baile Conaola in ann fáisceadh ar an dara suíochán d’Fhianna Fáil?

Ar an gcéad iarraidh bheadh air an Comhairleoir Contae, Thomas Healy, Sinn Féin, as an gCladach Dubh – tuairim ocht míle ó thuaidh den Chlochán – a chur as a bhróga.   Bhí aistriúchán an-mhór ag Healy aneas as Conamara Theas (bhí Máirín Mhic Lochlainn ina hiarrthóir ansin) in 2014 agus chinntigh sin an suíochán dó.  Tá Conamara Theas imithe uaidh anois.   

Ansin céard faoi Josie Conneely?  Duine a bhí daingean agus dílis d’Fhianna Fáil ariamh agus a raibh cairde aige sna háiteacha ba shinsearaí sa bpáirtí sna blianta a caitheadh.  Glacann dream Fhianna Fáil féin leis go ndearnadar praiseach den choinbhinsiún a bhí acu ar an Teach Dóite níos túisce sa mbliain.  Tá tuairimíocht láidir ann gur ag Josie Conneely a bheadh an t-ainmniúchán dá ligfí do thoscairí as taobh Uachtar Ard vótáil.  Cinneadh aisteach a bhí ann.

Ina dhiaidh sin, d’fhógair Conneely go dtabharfadh sé faoin toghchán mar Neamhspleách.   

Beidh King, Conneely agus Healy ag fiach ar an gceathrú suíochán.  Níl mórán taithí ag Gerry King ar an saol poiblí ach tá Éamonn Ó Cuív ar a bhionda ag tacú leis.   

Ní cosúil go bhfuil dhá chuóta ag Fianna Fáil i gConamara Thuaidh ach tá seans níos fearr acu ar an gceathrú suíochán.

Is fiú súil a chaitheamh ar straitéis Fhine Gael i dtoghcheantar Chonamara Thuaidh.  Níl acu iarrthóir amháin curtha chun cinn acu – sin í an Comhairleoir Eileen Mannion.  Is cosúil go bhfuil súil acu go mbainfidh sí amach an cuóta (seans go mbeidh an cuóta idir 1400 agus 1500)  ar an gcéad chomhaireamh agus go ngabhfaidh sí chun cinn ar Thomas Welby, rud a bheidh deacair a dhéanamh.   

Ceaptar i measc a lucht tacaíochta go gcuirfeadh bua láidir mar sin Eileen Mannion sa gcomhaireamh le bheith ina hiarrthóir Dála d’Fhine Gael san olltoghchán, nó ina hiarrthóir don Seanad.   

Fág freagra ar 'Fianna Fáil ar ais ar a seanléim i gConamara?'

  • Tréas

    An páirtí a scrios an tír. Ná déanaimís dearmaid ar Fitzer agus banc príobháideach tógálaithe Fhianna Fáil. Tá 30 billiúin fós le híoc ar ais againn agus ag ár bpáistí de bharr Bhertie An Soft Touch.