Fianaise nua faighte go raibh daoine ina gcónaí i gCois Fharraige Chonamara leis na cianta cairbreacha

Tháinig duine de mhuintir na háite, Jimmy Ó Céidigh, ar láthair seandálaíochta nua san Lipe Thoir sa Spidéal tar éis do Stoirm Brendan an cladach ansin a chartadh

Fianaise nua faighte go raibh daoine ina gcónaí i gCois Fharraige Chonamara leis na cianta cairbreacha

Táthar tagtha ar fhianaise nua cois cladaigh go raibh daoine ina gcónaí i gCois Fharraige i gConamara leis na cianta.

Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin tuairiscíodh gur tháinig duine de mhuintir na háite, Jimmy Ó Céidigh, ar an láthair seandálaíochta nua san Lipe Thoir sa Spidéal tar éis gur chairt Stoirm Brendan an cladach ansin.

Dúirt an seandálaí Michael Gibbons go raibh “an-tábhacht” leis an láthair agus gur cosúil gur crannóg atá ann, cé nach bhfuil an méad sin deimhnithe go fóill.

Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta curtha ar an eolas faoin láthair nua i gConamara agus tá sé i gceist acu scrúdú oifigiúil a dhéanamh uirthi go luath.  

Dúirt Michael Gibbons nach bhfuil ach beagán suíomh ársa mar seo in Éirinn agus go bhfuil fianaise ann go raibh daoine ina gcónaí ar an gcósta seo 7,000 bliain roimh am Chríost.

“Tá an-tábhacht ag baint leis an áit seo. Cuireann sé iontas orm go bhfuil suíomh iontach spéisiúil eile le fáil anseo mar níl an ceann eile i Lipe i bhfad siar ón áit seo. Níl siad coitianta sa taobh seo den tír, níl siad coitianta in aon áit in Éirinn, suíomhanna mar seo.”

Thángthas ar shuíomh ársa eile san Lipe roinnt blianta ó shin.

 

“Má bhreathnaíonn tú thart timpeall anseo, níl tada le feiceáil, ach má bhreathnaíonn tú go cúramach, tá adhmad anseo, urlár. B’fhéidir gur chrannóg a bhí ann. Tá sé i bhfad níos leithne na tóchar; amanta faigheann tú tóchar mar seo sna portaigh i lár an chontae, thart ar Bhéal Átha na Sluaighe…B’fhéidir gur tóchar atá ann, ach ceapaimse gur áit chónaithe atá ann.

Dúirt an seandálaí as an gClochán le RnaG gur thángthas le déanaí ar láthair ársa cónaithe gar do Inis Ceithleann a raibh an t-adhmad inti an-chosúil leis an adhmad a thángthas air sa duirling san Lipe Thoir.

“B’fhéidir go raibh loch anseo sa Chré-Umhaois … Tá go leor crannóga timpeall na háite seo, níos faide siar – mar sin bhí daoine ina gcónaí anseo. Tá an chosúlacht air gur urlár atá anseo… Caithfear tochailt a dhéanamh agus an áit a scrúdú.”

Fág freagra ar 'Fianaise nua faighte go raibh daoine ina gcónaí i gCois Fharraige Chonamara leis na cianta cairbreacha'