Fianaise éiste maidir le bás Anngeline Brogan

Dúirt an Cróinéar sé gur tragóid gan choinne a bhí anseo agus go raibh sé deacair don teaghlach bheith i láthair ag an suí inniu

0008518a-642

Ag coiste cróinéara a reáchtáladh i Leitir Ceanainn ar maidin faoi stiúir an Chróinéara John Cannon, cloiseadh fianaise ó dheichniúr maidir le bás Anngeline ‘Angie’ Brogan a bhí seacht mbliana is fiche d’aois agus a deirfiúr Jolene ‘Jody’ a bhí ocht mbliana is fiche. B’as Leitir Ceanainn an bheirt.

Tharla tine ina dteach ag Uimhir a 8, Ceanainn View, Carn na mBogach i Leitir Ceanainn ar an 3ú Eanáir anuraidh.

Bhí Frank agus Mary Brogan, tuismitheoirí na beirte, chomh maith le cuid dá gclann i láthair ag an suí cróinéara.

Cloiseadh fianaise ón Gharda Robert Carey go dtáinig scéal i dtráth a 11:15 an mhaidin sin go raibh teach ar thine in eastát ar imeall Leitir Ceanainn agus go raibh daoine sáinnithe sa teach.

Cuireadh otharcharr agus trí bhriogáid dóitéain chuig an láthair. Nuair a shroich Gardaí an teach chonaic siad bladhairí agus toit ag teacht ó thosach an tí agus bhí fuinneoga réabtha ag an teas.

Thug Dean Kelly, cara le muintir Brogan as Cill Mhic Réanáin, fianaise gur fhan sé sa teach an oíche roimh ré i seomra cúil. Bhí sé féin agus na deirfiúracha ag ól ón chúig tráthnóna, a dúirt sé, agus mheas sé go ndeachaigh siad a luí am inteacht i ndiaidh a 2 agus nach raibh siad ró-ólta.

Cloiseadh ó Paul Doherty, oibrí i Siopa Centra gar do láthair na tine a duirt go dtáinig Anngeline Brogana agus Dean Kelly isteach sa tsiopa ag a 4 an oíche sin, go raibh cuma ólta orthu ach nár cheannaigh said rud ar bith uaidh.

Nuair a mhúscail Dean Kelly ar maidin bhí toit i ngach áit agus tharla pléasc i seomra na ndeirfiúracha nuair a rinne sé iarracht an doras a oscail.

Bhí a seomra ag tosach an tí, díreach os cionn an tseomra suite.

Dúirt foireann na briogáide dóiteáin go raibh sé deacair rud ar bith a fheiceáil sa teach mar go raibh an tine ag dó go tréan sa tseomra suite agus sa tseomra leapan os a chionn. Bhí poll 6 troithe dóite san urlár idir na seomraí agus leaba na ndeirfiúracha dóite go holc.

Thángthas ar chorp Anngeline Brogan in aice na fuinneoige, ar an urlár. Bhí dhá thrian dá corp dóite go holc. Bhí Jolene Brogan, a bhí ina luí sa leithreas, fós beo nuair a tugadh ar otharcharr ón láthair í, ach fuair sí bás go gairid ina dhiaidh ag Otharlann Leitir Ceanainn.

Duirt Gardaí go raibh trí ní sa tseomra leapan a d’fhéadfadh an tine a thoiseacht; coinnle leathdhóite, teitheoir leictreach a bhí dóite go holc agus toitíní a bhí caite ar an urlár.

Bhí aláraim dóiteáin sa teach agus iad ag feidhmiú.

Ba dódh den ceathrú grád chomh maith le nimhiú aonocsaíd charbóin agus análú toite ba chúis le bás Anngeline Brogan.

Bhain dódh den dara grád de chorp Jolene Brogan, nimhiú aonocsaíd charbóin agus bhí baint ag meascán d’alcól, cocaine agus an druga Zopiclone lena bás fosta, a dúirt an paiteolaí an Dr. Hajnalka Gyorffy.

Rinne an Cróinéar comhbhrón le gaolta dheirfiúracha Brogan agus lena bpáistí. Dúirt sé gur tragóid gan choinne a bhí anseo agus go raibh sé deacair don teaghlach bheith i láthair ag an suí inniu. Thug sé buíochas do na seirbhísí éigeandála as a gcuid oibre ar an láthair.