Fiadh an t-ainm Gaeilge ba choitianta ar chailíní in 2019 agus Liam ar ais ar bharr liosta na mbuachaillí

Chuaigh Fiadh ón 160ú háit ar liosta na n-ainmneacha is coitianta in Éirinn in 2018 go dtí an deichiú háit

Fiadh an t-ainm Gaeilge ba choitianta ar chailíní in 2019 agus Liam ar ais ar bharr liosta na mbuachaillí

Liam agus Fiadh na hainmneacha Gaeilge ba choitianta ar phasanna a eisíodh do pháistí a rugadh in 2019.

Tháinig ardú ollmhór ar líon na bpáistí ar tugadh Fiadh orthu anuraidh de réir na bhfigiúirí atá faighte ag Tuairsc.ie ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Bhí an t-ainm sa 160ú háit ar an mórliosta anuraidh ach bhí sé sa deichiú háit ar an liosta nua. D’fhág sé sin gurbh é Fiadh an tríú hainm ba choitianta a tugadh ar chailíní in 2019, taobh thiar de Grace agus Emily.

Tháinig Fiadh agus Éabha isteach in áit Chiara agus Niamh ar liosta na gcúig ainm Gaeilge ba choitianta do chailíní in 2019. Thit Aoife ón dara háit ar mhórliosta 2018 go dtí an 33ú háit ar liosta 2019.

Ba é Liam an t-ainm Gaeilge ba choitianta ar bhuachaillí anuraidh, mar a bhí in 2016 agus 2017. Cian a bhí ar bharr an liosta áirithe sin in 2018 ach tháinig laghdú suntasach ar líon na ngasúr ar tugadh an t-ainm sin orthu anuraidh.

Ainmneacha Gaeilge eile a raibh tóir orthu do bhuachaillí anuraidh is ea Cillian agus Oisín. Tadhg agus Fionn a dhíbir Cian agus Seán de liosta 2019 de na cúig ainm Gaeilge ba choitianta do bhuachaillí.

Nuair a cuireadh na hainmneacha uile a tugadh ar ghasúir san áireamh, ba é Jack an t-ainm ba choitianta ar bhuachaillí arís in 2019.

Bhí 14 ainm Gaeilge, idir bhuachaillí agus chailíní, i measc an 100 ainm ba choitianta in 2019 – Liam, Cillian, Fiadh, Oisín, Fionn, Saoirse, Tadhg, Aoife, Cian, Caoimhe, Rían, Seán, Éabha agus Niamh.

Fág freagra ar 'Fiadh an t-ainm Gaeilge ba choitianta ar chailíní in 2019 agus Liam ar ais ar bharr liosta na mbuachaillí'