Fiachra Ó Marcaigh, iareagarthóir ar Comhar agus Gael dílis, tar éis bháis

Ba shaineolaí é Fiachra Ó Marcaigh ar an saol digiteach agus ceannródaí ar líne ab ea é

Fiachra Ó Marcaigh, iareagarthóir ar Comhar agus Gael dílis, tar éis bháis

Tá an t-iriseoir, iareagarthóir ar an iris Comhar agus saineolaí ar chúrsaí idirlín Fiachra Ó Marcaigh tar éis bháis.

Bhí sé 57 bliain d’aois.

Ba as Baile Átha Cliath d’Fhiachra Ó Marcaigh agus ba mhac é le Caoimhín Ó Marcaigh, nach maireann, agus Aingeal Callaghan, arb as Dún na nGall di.

Tá muintir Mharcaigh, a bhain cáil amach go háirithe mar gheall ar a saothar foilsitheoireachta, ar cheann de mhórtheaghlaigh shaol na Gaeilge san ardchathair agus d’fhan Fiachra dílis don teanga agus don chultúr i gcaitheamh a shaoil.

Ach oiread lena thuismitheoirí bhí dúil mhór aige in iarthar Dhún na nGall agus chaitheadh sé cuid mhór ama sa cheantar sin.

Chomh maith le bheith ina iriseoir ba shaineolaí é Fiachra Ó Marcaigh ar an saol digiteach agus ceannródaí ab ea é sa réimse sin.

Bhí baint aige le forbairt go leor tionscnamh nua ar líne, ina measc online.ie, irishabroad.com, hotpress.com agus gaelport.com.

Bhí sé ar dhuine de mheitheal seolta Tuairisc.ie chomh maith.

Bhí sé féin ar líne ó 1989.

Iarstiúrthóir ab ea é ar AMAS, comhlacht comhairleoireachta idirlín agus chaith sé tréimhse deich mbliana ag obair leis an Irish Times. Bhíodh sé le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta agus bhí sé ar dhuine de na daoine a chuireadh mír na nuachtán i láthair ar an stáisiún sin ar feadh i bhfad.

Bhí foireann agus bord stiúrtha Comhar, a raibh sé ina bhall de, ina measc siúd a léirigh ómós d’Fhiachra Ó Marcaigh ó bhásaigh sé.

“Déanaimid comhbhrón ó chroí le muintir Mharcaigh faoi bhás Fhiachra. Ba chara dílis le Comhar é Fiachra le blianta fada mar eagarthóir i dtús ama agus mar chomhalta boird le tamall anuas.

“Ba é a bhí fíorfhónta i mbun an dá chúram sin. Duine uasal suaimhneach nár staon ariamh ó bheith ag tacú le Comhar ar an uile bhealach ab fhéidir. Duine fial flaithiúil a bhí ann agus aireoimid uainn go mór a chomhairle chneasta stuama. Suaimhneas síoraí go raibh aige.”

Fear mór CLG ab ea Fiachra Ó Marcaigh chomh maith agus bhí a chroí agus a anam i gcumann Chuala.

I ráiteas a chuir an cumann sin amach dúradh gur mhór a mbris ach gur “pribhléid” a bhí ann aithne a chur ar Fhiachra, fear, a dúirt siad, a chinntigh i gcónaí go raibh bheith istigh ag cách ba chuma faoina gcumas.

“Ba é mian a chroí a léiriú do na daoine óga an fiúntas a bhain le bheith mar chuid de rud éigin a bhí níos mó agus níos tábhachtaí ná aon duine againn.

“Ar an gcuma chéanna, i measc na mbuanna breátha a bhí ag Fiachra agus é ina dhea-sampla do na fir óga, bhí a mhacántacht, a dhearcadh oscailte, an tslí a staon sé ó bhreithiúnas a thabhairt agus an cineáltas a bhí ann ó nádúr. Thar aon rud eile, ba í a shéimhe an léiriú ba mhó ar a láidreacht mar dhuine.”

Beidh seirbhís chuimhneacháin d’Fhiachra Ó Marcaigh ar siúl i Séipéal Mhuire na nDólás, Glas Naíon ag 2pm Dé Sathairn, an 30 Samhain.

Maireann a bhean chéile Jessica, a chlann mhac Fionn, Malachi agus Oscar, a dheartháir Aengus, a dheirfiúr Sinéad agus a mháthair, Aingeal.

Fág freagra ar 'Fiachra Ó Marcaigh, iareagarthóir ar Comhar agus Gael dílis, tar éis bháis'

  • Lillis Ó Laoire

    Comhbhrón ó chroí lena mhuintir ar fad.