Fiachra Mac Gabhann, scoláire Gaeilge agus údar an mhórshaothair ‘Logainmneacha Mhaigh Eo’ ar shlí na fírinne

Scoláire, teagascóir, ceoltóir agus fathach i léann na logainmníochta ab ea Fiachra Mac Gabhann

Fiachra Mac Gabhann, scoláire Gaeilge agus údar an mhórshaothair ‘Logainmneacha Mhaigh Eo’ ar shlí na fírinne

Tá an scoláire Gaeilge agus údar Logainmneacha Mhaigh Eo Fiachra MacGabhann tar éis bháis. Ba as na Creagacha Dubha i gContae Lú Fiachra Mac Gabhann, ach bhí cónaí ar i bPartraí i Maigh Eo, mar a raibh sé ag teagasc i gColáiste Breisoideachais Chaisleán an Bharraigh. Beidh an coláiste sin dúnta amárach mar chomhartha ómóis don teagascóir a raibh ardmheas agus cion mór ag daoine air.

Fathach i léann na logainmníochta ab ea Fiachra Mac Gabhann agus deich gcinn d’imleabhair atá ina shaothar ceannródaíoch Logainmneacha Mhaigh Eo a foilsíodh in 2014 agus atá áirithe i measc mhórshaothair taighde na Gaeilge. Tá eolas agus anailís i dtaobh 3,500 logainm i Logainmneacha Mhaigh Eo, saothar ina bhfuil 7,500 leathanach agus 2.5 milliún focal.

Meastar gurb é an leabhar Gaeilge ‘is mó’ a foilsíodh riamh.

I dteachtaireacht ómóis a d’fhág Gnó Mhaigh Eo ar a leathanach Facebook tráthnóna, dúradh gur fear “lách” a bhí ann a raibh “grá aige don chultúr Gaelach”.

“Is brónach an scéal atá againn go bhfuil ár gcara dílis, Fiachra Mac Gabhann, imithe ar shlí na fírinne. Ba é Fiachra an duine a scríobh an mórsaothar ‘Logainmneacha Mhaigh Eo’ – an saothar is mó scríofa ag aon údar amháin, a foilsíodh riamh i nGaeilge.

“Fear uasal, séimh, croíúil, lách, ba ea Fiachra, a raibh éirim oibre agus bua an cheoil aige agus grá aige don chultúr Gaelach. Fear mór clainne ba ea Fiachra agus déanaimid ár gcomhbhrón ó chroí lena bhean, Clodagh, lena chuid páistí, lena mháthair, agus lena mhuintir uile. Leaba i measc na naomh go raibh aige agus suaimhneas síoraí dó.”

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Fiachra Mac Gabhann, scoláire Gaeilge agus údar an mhórshaothair ‘Logainmneacha Mhaigh Eo’ ar shlí na fírinne'

  • Padraig's O hEanachain

    Fear uasal, fear iontach deas. Fear a bhi gra i gconai aige don ghaeilge. Ta ar gcroi briste . Comhbhron le Clodagh agus leana chlann uilig. Go dtuga Dia suaimhneas na bhflaitheas do.

  • Asarlaí

    Duine breá, chaith sé bunús a óige fá Rann na Feirste ar tús ina scoláire agus ansin ina mhúinteoir.

    Bhí am mór ag muintír an bhaile do. Agus am mór aige do bhaile féin.

    Is mór an trua.

  • Meadhbha Ni Bhaoill

    D’fhreastail me ar leacht a thug se ar logainmneacha Chontae Lu anuraidh. Thaitin an leacht go mor liom. Fear deas uasal Gaelach. Ar dheis De go raibh a anam dilis.

  • Pádaí Rua Ó Baoill

    Comhbhrón ó chroí. Laoch i measc na nGael!

  • Áine Nic Niallais

    Fear uasal. Go ndéana Dia an mhaith air!