Feisteas faiseanta d’aimsir an gheimhridh

Cheannaigh ár gcolúnaí cóta geimhridh, bróga, scairf, caipín agus lámhainní agus bhí sóinseáil fós aici i ndeireadh an lae as €150.

Beimid ar fad sáinnithe le linn na Nollag ag an sneachta is measa i gcuimhne na ndaoine, dar leis an hiopnóisí Keith Barry.

Leithscéal ceart é sin, má theastaigh a leithéid uait, le dul ag lorg feisteas faiseanta a bheas feiliúnach d’aimsir an gheimhridh.

Agus mar a bheifeá ag súil leis ó Tuairisc.ie, is chuig na seirbhísí ar líne agus chuig suímh ghréasáin na siopaí éadaigh a chuaigh mise ag tóraíocht.

An tasc a chuir mé romham féin ná bailiúchán d’fheistis bhunúsacha a aimsiú a bheadh feiliúnach don aimsir atá romhainn ach nach dteastódh iasacht ón gcomhar creidmheasa lena gceannacht.

Cóta geimhridh, bróga, scairf, caipín agus lámhainní a roghnaigh mé ach ní féidir a rá gur spraoi siopadóireachta a bhí ann mar go raibh sóinseáil agam i ndeireadh an lae as €150.

Cóta te, teolaí ar €51.99 @ missguided

Cóta geimhridh

 

Ar shuíomh www.missguided.com a d’aimsigh mé an cóta deas táilliúra seo. Tá gearradh nua-aimseartha air, le ceangal crúca is cró agus pócaí preabáin. Níl amhras ar bith ach go bhfuil sé te, teolaí agus tá fáil air in an-chuid dathanna – ceithre cinn déag san iomlán – ina measc, gorm, dubh, camall, dearg, buí, bándearg, agus miontais. Is é an dath glas (grey) a roghnaigh mé féin agus ó tharla an praghas €51.99 a bheith os cionn an íosmhéid de €50, tá seachadadh saor in aisce i gceist. Is ceart smaoineamh freisin go mbíonn lacáiste 10% á thairiscint do mhic léinn ar an suíomh gréasáin sin.

 

Lámhainní

Níl aon rud níos compordaí ná níos teolaí ná péire maith lámhainní leathair. Tá stíl chlasaiceach ag baint leis an bpéire a d’aimsigh mé ar www.asos.com , rud a chiallóinn go mbeidh siad i gcónaí sa bhfaisean. Dath dubh amháin atá i gceist ach tá rogha iomlán de shaghsanna ó XS go XL ar fáil ar chostas €22.75. Is buntáiste mór é leis na lámhainní seo go bhfuil leasú déanta ar bharr na méar le gur féidir le duine úsáid a bhaint as scáileán tadhaill ar fhón póca agus iad fós ort. Agus tá an seachadadh tríd an bpost saor in aisce.

Caipín bobailín ar €9.95 @ Zara

 

Caipín

Ar shuíomh www.zara.com a d’aimsigh mé mo rogha caipín geimhridh. Caipín cniotáilte bobailín atá ann nó “beanie” mar a thugtar go coitianta orthu. Dhá dhath atá a thairiscint – liath nó bán – ar phraghas €9.95 agus roghnaigh mise an liath le dul leis an gcóta a phioc mé níos túisce.

Buataise rúitín ar €49.95 @ nelly

Bróga

Tuigimid ar fad nach bhfuil a leithéid de rud ann agus an iomarca bróga! Tá cleachtadh maith acu i gCríoch Lochlann ar fhuacht agus ar shneachta agus is ar an suíomh gréasáin is mó a dhíolann éadaí agus bróga sa taobh sin den Eoraip – www.nelly.com – a d’aimsigh mise mo roghasa péire, buataise rúitín a bhfuil costas €49.95 luaite leo. Ach bíonn sladmhargaí rialta ar an suíomh seo agus bhí praghas na mbróg seo laghdaithe do dtí €14.99 ar feadh na deireadh seachtaine ar cheannaigh mise iad! Tá fáil orthu i méideanna ó 35-42.

Tá beagán airde iontu a chabhróidh leis an bhfuacht a sheachaint agus zip ar an taobh ar mhaithe le héascaíocht.

scairf

Scairf

Ó tharla margadh chomh maith sin a bheith faighte agam sa chóta a roghnaigh mé, bheartaigh mé go bhféadfainn a bheith beagán níos caifigh ar scairf deas a choinneodh fuacht an gheimhridh uaim ach go mbeadh beagán stíle ag baint léi ag an am céanna. Tá rogha leathan le fáil ar fud na h-áite ach is ar www.missguided.com arís a d’aimsigh mé an ceann a b’ansa liom; scairf bhreacáin agus chonfhiacail ar a dtugtar Naila ar €20.79.

Is ionann agus dhá scairf é ar féidir “measc agus meaitseáil” a dhéanamh orthu. Bhí macasamhail an scairf seo ag Zara anuraidh agus tá leagan níos saoire ar díol ag Penneys i mbliana.

 

 

Fág freagra ar 'Feisteas faiseanta d’aimsir an gheimhridh'