Féiríní fánacha fud fad Fódhla, ach céard a dhéanfar le pinginí breise TG4?

Shásaigh lucht Nuacht TG4 an goile lá an bhuiséid agus malairt chúrsa acu i mbliana

Féiríní fánacha fud fad Fódhla, ach céard a dhéanfar le pinginí breise TG4?

Is cuimhin liom a bheith ag cur díom an tráth seo bliana anuraidh, agus blianta eile go deimhin, nuair nach raibh mo ghoile sásaithe lá an bhuiséid. RTÉ ag sluaisteáil chugainn ar dalladh i rith an lae, TG4 i dtaobh le dhá chlár leathuair an chloig tráthnóna. Malairt chúrsa acu i mbliana agus clár uair an chloig acu i rith an lae agus ceann eile tráthnóna (Buiséad 2022, TG4, Dé Máirt).

Bhí Máire T. Ní Mhadaoin agus Siún Nic Gearailt chugainn ag a dó a chlog leis an nuacht te bruite a chur os ár gcomhair. Bhí Sorcha Ní Riada os comhair Theach Laighean agus bhí an Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee earcaithe le beagán beag sáraíochta a dhéanamh. Bhí an fear gnó Pádraig Ó Céidigh, agus na hiriseoirí Gráinne Ní Aodha agus Cathal Mac Coille bailithe isteach i stiúideo Bhaile na hAbhann le dreas cainte is anailíse a dhéanamh. Dhein gach n-aon a gcúram go pointeáilte.

Um thráthnóna, agus Máirín Ní Ghadhra sa chathaoir,  bhuail an saineolaí timpeallachta Micheál Ó Cinnéide isteach chucu, fear ar fiú go mór éisteacht leis i gcónaí. Faoin tráth sin bhí Sorcha réidh leis na piardaí móra Pearse Doherty agus an tAire Stáit Thomas Byrne a chur i bpíobáin a chéile. I gcaitheamh an dá chlár bhí an mheitheal iriseoirí ar fud na tíre ag seoladh tuairiscí chugainn. Iliomad daoine curtha fé agallamh agus ag déanamh anailíse; cuid acu níos fearr ná a chéile gan amhras, go mórmhór ó thaobh a gcompord i leith na teanga.

Níor mhór cúpla abacas a bheith agat ionas ná raghadh na figiúirí sa bhfraoch ort: €4.7 billiún a bhí sa sparán, €1.5 billiún do chaiteachas breise, €6.3 milliún breise do chiste na Gaeilge is na Gaeltachta, tobhach 3% ar thalamh díomhaoin agus a lán figiúirí eile nach iad. Tuairim na coitiantachta ná go bhfuil an t-airgead leata go forleathan ach go tanaí. Féiríní fánacha fud fad Fódhla.

Fógraíodh €4.2 milliún breise do TG4, ábhar faoisimh do phiardaí Bhaile na hAbhann. Ceist eile ar fad é ná conas mar a chaithfear an t-airgead seo. Thugas suntas don mhéid a dúirt Aire na Gaeltachta agus Pé Rud a Bheidh Agat Féin i bhfíseán a seoladh ar chuntas giolcaireachta na Roinne. Dúirt sí go neamhbhalbh go raibh an t-airgead seo le caitheamh ar “Irish language programming”. Tráthnóna inné, is cláracha do dhaoine óga agus an nuacht a luaigh sí go sonrach.

Ar an drochuair ní hionann an tuiscint atá ag an léirmheastóir seo agus TG4 ar cad is clár Gaeilge ann. An bhfuil sé in am sainmhíniú a thabhairt ar cad is clár Gaeilge ann? Ar cheart filleadh ar an riail neamhscríofa úd anallód go mbíodh ar a laghad 70% de chlár i nGaeilge? Go deimhin chaith Siún Nic Gearailt ceist chuig Julian de Spáinn, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, faoin ábhar ach ar mhí-ámharaí an tsaoil chuir deacrachtaí fuaime an comhrá bunoscionn.

Níorbh é sin an t-aon uair go raibh deacrachtaí leis an gceangal idir Baile na hAbhann agus Baile Átha Cliath, rud a chuir as don chlár.

I ndeireadh an lae, áfach, bhí an goile, ar deireadh thiar, sásaithe.

Fág freagra ar 'Féiríní fánacha fud fad Fódhla, ach céard a dhéanfar le pinginí breise TG4?'