Féirín thar fhéiríní an tsaoil atá sa dán fada Gaeilge seo, roinn an pléisiúr le duine éigin

Má cheapann tú nach bhféadfadh aon bhaint le saol an lae inniu a bheith ag dán Gaeilge 110 leathanach atá bunaithe ar sheanscéal teallaigh, tá dul amú ort

Féirín thar fhéiríní an tsaoil atá sa dán fada Gaeilge seo, roinn an pléisiúr le duine éigin

An Craiceann agus a Luach
Eithne Ní Ghallchobhair
Arlen House €15

Scuab sciúrtha agus prós feidhmiúil fódúil a tiomnaíodh dom féin mo léan seachas bua ealaíne nó filíochta. Cén t-iontas mar sin go mbím faoi gheasa ag déantús na n-ealaíontóirí a phlúchann táire dá bhréine lena lóchrann draíochta?

Amhail taispeántas Turner i ngruaim agus dorchadas mhí Eanáir, aibhsíonn peann agus binneas Eithne Ní Ghallchobhair radharc eile ar fad ar an mbean sa mbéaloideas, bíodh sí ina cailleach nó ina maighdean mhara.

Is maith is cuimhin liom an phráinn a bhí agam as Fairytales for Feminists a thug Attic Press amach sa gcéad seo caite. Ní maíomh bréige a bheadh ann seanchas is filíocht d’fheiminigh a thabhairt ar an leabhar seo agus ar Múscail, a Ghiorria ón údar céanna agus nach iontach an scéal é go bhfuil malairt léimh á dhéanamh ar ár mbéaloideas?

Ina réamhrá féin leis an leabhar seo, deir na t-údar go bhfuil an fhilíocht ann bunaithe ar 22 abairt den seanscéal a bailíodh do Bhailiúchán na Scol i Scoil Leac Chonaill. Is beag againn nár chuala leagan éigin den mhaighdean mhara ar sciob fear tíre a brat, a craiceann róin nó a cochall uaithi agus a bhí teanntaithe dá uireasa ar thalamh tirim – réabtha óna dúchas agus a nádúr mara.

‘An bhfaca tú frog riamh ina chodladh i do leaba?’ an freagra a thug mo sheanmháthair orm féin agus iontas an domhain orm go n-éalódh an bhean léi óna páistí chomh luath agus a fuair sí a cochall sa mbunsop. Bhí cangailt go leor le déanamh ar an bhfreagra sin ag cailín beag.

Seanchaí paiteanta í Eithne Ní Ghallchobhair ach in áit an fhilíocht a chaochadh le friotal is seanchas snasta, tá an file seo róstuama le hansmacht na foclaíochta a cheadú. Ná ceap go bhfuil uaim, ceol agus rithim na scéalaíochta in easnamh anseo ach ní hí ornáidíocht an tseanchaí a mian. Mar a deir sí féin iniúchadh a dhéanamh ‘ar achan réimse den scéal’ agus léargas a fháil ‘ar mheon na maighdine mara agus í ina giall i dtír choimhthíoch’ a cúram. Tá sin déanta go binnghlórach aici.

Is mór an spleodar agus an t-éirí in airde a léirítear sa gcéad mhír den dán agus ‘scaifte ban’ ag ‘fiodrince, ag friotaíl thart ina mbeirteanna’ le ‘fuadar scléipe is séin i gceartlár socair aigéin’.

Ar a bhfeiceáil don Donán Duairc, Mac Aoidh, an talmhaí nár chleacht spórt ná scléip ach é ‘dírithe ar fhreagrachtaí, ar dhualgais’, d’airigh sé ‘an bhrí ina chroí ag borradh’ agus sciob sé an craiceann róin.

Mar a deir an file féin ‘Bíonn duine amháin i gcónaí ann’.

Nuair a bhraith na maighdeana mara an talmhaí scanraíodar mar bhí a fhios acu ‘go raibh siad ar tí a marfa nó a millte’.

Agus éigean á dhéanamh ag an duine tuigeann an nádúr go binn an scrios agus fógraíonn sin dúinn ach cluas le héisteacht a bheith orainn. An meon sin is fearr a thuigfeadh Uaill na Mara Móire, píosa atá ar fhilíocht níos cumhachtaí ná aon rosc catha agus níos corraithí ná cantaireacht Ghréagórach dá shiansaí.

Faraor ba bheag ag Mac Aoidh cás aon neach beo ach a chás féin agus mar a deirtear sa scéal béaloidis féin ‘Ní rabh a mhalairt de sheifte aici.’

Bhí sí fágtha ansin tréigthe ag ‘a treibh’, í ‘ar an trá fholamh’ ‘ceanntarnocht, costarnocht, barrnocht, gan chiall, gan pingin rua aici’.

Chinn a deirfiúracha mara gurb í féin a rinne an rogha fanacht. Uirthi fhéin an locht, mar a deirtear go minic.

Is iontach go deo mar a léirítear sa bhfilíocht seo cás na mná atá ceangailte ag an riachtanas le duine nach dtuigeann agus nach n-aithníonn a nádúr ná a mian.

Sa leagan den scéal seo a bhí agamsa ní labhraíodh sí lena fear ar feadh na mblianta. ‘An Bhean Óg’ le Máire Mhac an tSaoi a bhí i mo chloigeann-sa agus ‘sármhama’ an dáin seo á cur in aithne dom, ‘óir bhí sí ina máthair ina corp, ina hanam, ina croí’ ach b’in an t-aon uair amháin ‘nár airigh sí gafa’.

Insíonn sí scéalta dá páistí faoi iontais na mara agus an chaoi a bhfaigheann an mhuir a díoltas ar an dream a ionsaíonn í. Is sa gcur síos sin is mó a chorraíonn an fhilíocht mé, idir chóisir is chaoineadh, mise i mo bhreac agus an duine do mo sheilg go barbartha agus ‘iad tintrí le fearg’. Scéal eile a bhí ag na sealgairí céanna ‘i gceartlár na farraige, an bás ag comhrá leo’. Nár dúradh riamh go n-éilíonn an fharraige a cuid?

Nárbh aoibhinn an leabhar éiceolaíochta do pháistí a dhéanfadh na véarsaí sin? Clocha scáil sa duirling gach aon fhocal díobh.

Ach is treise dúchas ná gnás agus is deacair rún a choinneáil, go háirithe nuair a aithníonn tú do dhúchas mara i do pháiste.

Ar fháil a craicinn róin le cuidiú a mic is ea thuig sí gurbh é a fear féin ‘an gadaí míofar’. Ach tá faoiseamh le fáil againn sa gceiliúradh iontach a rinne an dúlra ach ar fhill sí ar a dúchas, fuair ‘neach s’acu féin an bua ar neach den chine daonna’.

Is trua liom nach é seo an leagan a insíodh domsa i mo ghasúr mar chár thréig sí an mac ach í ag scéalaíocht dó cois cladaigh chuile oíche óir ‘bhí sí ina máthair i dtólamh, bíodh sí san fharraige nó ar talamh’.

Má cheapann tú nach bhféadfadh aon bhaint a bheith ag dán 110 leathanach a spreag seanscéal teallaigh le saol an lae inniu, tá dul amú ort. Tá léargas agus meon na sinsear sa bhfilíocht shnoite seo ach í ina seasamh go teanntásach i saol an lae inniu, saol ina bhfuil an nádúr á chreachadh nó creachta agus a éiric á éileamh aige orainne a rinne an feall.

Saol ina bhfuil an duine aonair a choilleann gnás i mbaol a bhasctha go fisiciúil agus go digiteach. Saol ina santaíonn muid an smacht is an ceannas agus go gcreidimid gur tábhachtaí muid féin ná duine ná dúil ar bith eile.

Filíocht seachas seanmóireacht a gheobhaidh tú sa leabhar seo – go binnfhoclach a éiríonn le Eithne Ní Ghallchobhair a gifte seanchais a chur ag ragairne go ‘diamhair taibhsiúil’ mar a dhéanfadh bean mhara agus í ar a nádúr.

Féirín thar fhéiríní an tsaoil An Craiceann agus a Luach, roinn an pléisiúr is an spreagadh atá sa bhfilíocht seo le duine éigin. Tabhair leat cois cladaigh an leabhar agus cá bhfios cá dtabharfadh sí féin agus an tsamhlaíocht thú. Mura bhfuil an craiceann is a luach i ndán duit tá ceol.

Fág freagra ar 'Féirín thar fhéiríní an tsaoil atá sa dán fada Gaeilge seo, roinn an pléisiúr le duine éigin'