Féirín an AE don DUP  – deis a dhul ar an ionsaí mar is dual dóibh

Bhí cur chuige an AE i leith Phrótacal na hÉireann místuama, amaideach, cúngaigeanta agus contúirteach

Féirín an AE don DUP  – deis a dhul ar an ionsaí mar is dual dóibh

Cé a cheapfadh é? An tAontas Eorpach le teann amscaíochta agus neamh-éifeachta ag tabhairt téad tarrthála don DUP.

Bhí brú millteanach ar an DUP ó aontachtaithe eile i ngeall ar a seasamh i leith imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach. De bharr iompar gan éifeacht an pháirtí nuair a bhí tionchar acu ar rialtas na gCaomhach, tá easpa straitéise agus dochar do sheasamh an Tuaiscirt san Ríocht Aontaithe curtha ina leith. 

Chuir idir dhílseoirí agus aontachtaithe an milleán orthu as an teorainn i Muir Éireann atá i bhfeidhm le mí faoi théarmaí Phrótacal na hÉireann. Anuas air sin léirigh pobalbhreith Lucid Talk an tseachtain seo go raibh laghdú mór ar thacaíocht an DUP.

Ba bhuille síceolaíochta é d’aontachtaithe nárbh ionann na socruithe Breatimeachta don Bhreatain Mhór agus do Thuaisceart Éireann. Rinne Arlene Foster iarracht casadh dearfach a chur ar an scéal, ag rá go mbeadh an craiceann is a luach ag an Tuaisceart, buntáistí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh araon le baint. Mar sin féin dúirt sí go mbeadh an DUP ag vótáil i gcoinne an Phrótacail in Stormont i gceann ceithre bliana, sampla eile de na teachtaireachtaí contráilte a chothaigh amhras i measc an lucht leanúna.

Mar atá ar siúl le tamall ba chosúil nach raibh na feisirí Parlaiminte ar aon phort lena gceannaire ina bhfeachtas in Westminster le tamall. Chuir Ian Paisley taispeántas drámatúil ar siúl sa Pharlaimint, é mar a bheadh leannán tréigthe ag agairt ar an rialtas míniú a thabhairt faoin gcúis ar tugadh droim láimhe leo. D’éiligh Jeffrey Donaldson agus Sammy Wilson go mbainfeadh rialtas na Breataine leas as Airteagal 16 den Phrótacal chun fadhbanna a bhaineann le trácht ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann a fhuascailt. 

Níor léir go raibh fonn ar Boris Johnson ná Michael Gove rud a dhéanamh orthu, na hurlabhraithe deimhin de go bhféadfadh an Comhchoiste atá ceaptha don chúram na deacrachtaí a réiteach.

Ansin, de phreib, d’fhógair lucht na Bruiséile go raibh siad chun leas a bhaint as Airteagal 16 le soláthar vacsaíne in aghaidh Covid-19 a rialú. 

Tá a fhios ag an saol anois gur chúlaigh siad go sciobtha ón mbeart sin nuair a chuir an Taoiseach Micheál Martin agus Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ar a súile do Ursula Von der Leyen gur bhotún tubaisteach é. Slán an tsamhail, b’earráid chomh mór é go raibh na páirtithe ar fad abhus aontaithe ina choinne. (Ar chúiseanna difriúla, ar ndóigh).

Bhí sé místuama, amaideach, cúngaigeanta agus ar nós cuma liom. Agus contúirteach. Chaith an tAontas Eorpach ceithre bliana i mbun idirbheartaíochta chun teorainn chrua idir Thuaisceart Éireann agus an Phoblacht a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta. Níor thóg sé ach mí orthu tine a chur faoin bPrótacal a d’aontaigh siad chun an chuspóir sin a chinntiú. Nuair a tháinig an crú ar an tairne maidir lena n-argóint le AstraZeneca, ní raibh de thábhacht le síocháin abhus ná le Comhaontú Aoine an Chéasta ach gur chúldoras é Tuaisceart Éireann idir an Bhreatain Mhór agus Éirinn, ballstát an AE.

Ba mhaith ann an cúlú ach ní féidir éifeacht an bhotúin a sheachaint. Beidh le feiceáil cén dochar atá déanta do sheasamh Ursula Von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin. An nglacfar le freagraí an Choimisinéara Dombrovskis? An seachnófar a leithéid de phraiseach arís? An bhfuil ciall cheannaithe sa Bhruiséil?

Bhí ceannaire an DUP, Arlene Foster deimhin de go ndéanfadh an Bhruiséil an cleas céanna arís dá bhfeilfeadh sé. Dúirt sí sa Tionól in Stormont nár bhotún é, gur ghníomh naimhdeach é a bhí á phleanáil i rith na seachtaine roimhe. Feileann an léamh sin don DUP gan dabht agus gach seans go bhfuil sé chomh cruinn leis an tuairim gur liopastacht a bhí i gceist. Sé freagra an DUP a rá gurb é dualgas an Phríomh-Aire Johnson leas a bhaint as Airteagal 16 chun na fadhbanna a bhaineann le trádáil ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann a chealú. Níl aon drogall orthu ‘gníomh naimhdeach’ a éileamh má fhóireann sé dóibh.

Is gnó don chomhchoiste é bealach a aontú chun a dhul i ngleic leis na fadhbanna sin. Tá sé le tuiscint ó Michael Gove agus Maros Sefcovic go bhfuil rún acu é sin a dhéanamh. Go dtí sin beidh deis ag an DUP clóca chosantóirí an phobail a chur orthu féin. Beidh a bhfeachtas ag bailiú nirt nuair atá drochthoradh faighte acu i bpobalbhreith – titim 4% ar a dtacaíocht agus baol ann go gcaillfidís 7 nó 8 suíochán Tionóil chun Sinn Féin a ligint chun tosaigh orthu.

I bpáirtí ina bhfuil cogarnaíl agus uisce faoi thalamh in aghaidh an cheannaire ar siúl le míonna shílfeá gur dúshlán a bheadh á eagrú. Ní féidir é sin a chur as an áireamh go hiomlán ach ó rinne an Bhruiséil an phraiseach is ar an bPrótacal a scrios a bhíodar ag díriú agus tuairimíocht sa pháirtí go dtiocfaidís i dtír air.

Má tá a leithéid de rud agus am tráthúil le drochscéala a fháil – seo é. Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach: tá deis tugtha ag an AE don DUP a dhul ar an ionsaí, an nós imeachta is dual dó.

Fág freagra ar 'Féirín an AE don DUP  – deis a dhul ar an ionsaí mar is dual dóibh'