Eachtra ghreannmhar san ionad aclaíochta an lá cheana.
Bhí an seomra feistis agam dom féin agus shocraigh mé cúpla féinín iarthraenála a ghlacadh; bíonn an solas go maith sa seomra sin agus bíonn codarsnacht dheas idir mo chraiceann agus an balla, atá ar dhath an ghualaigh. Bhain mé díom mo léine, shocraigh mo ghuthán i gcoinne mo bhuidéil uisce agus chuir gothaí orm féin, mo chuid bíchéipsí á dteannadh agam, agus d’fhan ar an gcloigín. 3, 2, 1 …
Ach a luaithe agus a thosaigh an ceamara ag tógáil na bpictiúr chuala mé doras an tseomra feistis á oscailt, agus an chéad rud eile:
‘Muise a dhuine uasail, beidh mé breá sásta má bhíonn cuma mar sin ormsa nuair a bhainfidh mé d’aois-se amach!’
Bhain an ‘duine uasal’ sin stangadh beag asam ach ag an am céanna las gáire ó chluas go cluas orm, óir ba é a bhí i mbun cainte ná duine de na leaids is traenáilte san ionad aclaíochta ar fad, go deimhin bhí mé tar éis suntas a thabhairt dó roimhe sin i seomra na meáchan thíos staighre.
‘Cén aois a cheapann tú atá mé?’ a d’fhiafraigh mé.
‘Fan go bhfeicfidh mé … 52?’
Ááá!!!
‘49.’
‘Ná bí buartha faoi, níl mise ach 20 bliain d’aois ach ceapann daoine i gcónaí go bhfuil mé 26.’
Ní thuigeann tú an t-ádh atá ort, a shíl mé liom féin, agus rith sé liom ansin gurbh fhéidir gur ghá míniú éigin a thabhairt ar m’iompar, stiúideo grianghrafadóireachta príobháideach á dhéanamh agam de sheomra feistis poiblí.
‘Mura nglacann tú féiníní go rialta, ní bhaineann tú amach na spriocanna aclaíochta a chuireann tú romhat.’
‘Muise, nach bhfuil a fhios a’m go maith,’ a d’fhreagair sé agus gluaiseacht scrollála á déanamh lena chorrmhéar aige ar a ghuthán féin, ‘féinphortráid mhór mhillteanach amháin atá sa diabhal rud seo.’
Agus rinne an bheirt againn gáire, faoiseamh orainn faoin gcomhthuiscint eadrainn nach raibh rud ar bith mícheart lenár gcuid naircisíochta. Agus níl – cé a chuirfeadh locht orainn as coinneáil suas leis an saol ina mairimid? Seo ré Instagram agus TikTok, seo ré Trump, Musk agus Putin, ré ina bhfuil meath ag teacht ar an daonlathas ar fud na cruinne agus olltubaiste aeráide ag bagairt orainn ar fad, agus tá sásamh ar leith ag baint le baothiompar gan dealramh i saol atá sách casta mar atá.
Lean muid orainn ag cabaireacht faoi chúrsaí aclaíochta agus eile agus leáigh an difear aoise eadrainn mar a bheadh sneachta lá gréine, agus is é sin an chúis go bhfuil meangadh ó chluas go cluas orm fós cúpla lá i ndiaidh na heachtra: i mo thaithíse, is ar éigean a bhíonn teagmháil mar sin idir na glúnta sa leathsféar thuaidh, agus an rud is annamh is iontach.
Fág freagra ar '‘Féinphortráid mhór mhillteanach amháin atá sa diabhal guthán seo!’'